Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

Mickey Dunne – Gradam Saoil

Beathaisnéis

Is é Mickey Dunne duine de na píobairí uilleann is mó a bhfuil meas air in Éirinn, agus tá sé ina mháistir ar an gceol, ar an múineadh, ar an gcumadóireacht, ar an amhránaíocht agus ar phíoba uilleann a dhéanamh agus téann sé i gcion ar lucht an cheoil ina bhaile dúcháis i Luimneach agus i bhfad níos faide i gcéin. Tá cáil ar Mickey as a stíl oscailte ar na píoba uilleann, as an eolas domhain atá aige ar an gceol agus as bheith fial flaithiúil leis an eolas sin. Tá na glúnta ceoltóirí in Éirinn agus ar fud an domhain spreagtha aige.

Tógadh in Prospect é agus tá sé ina chónaí anois i gCathair Chinn Lis, tá ceangal beo ríthábhachtach ag Mickey le traidisiún píobaireachta an Lucht Siúil. Léiríonn a chuid ceardúlachta oidhreacht shaibhir chultúir, agus a bhuí lena cheird ag déanamh na bpíob ní fios cé mhéad ceoltóir a bhfuil píoba agus feagacha sárdhéanta dá chuid acu.

Tá Mickey ag obair le hAcadamh Ceoil agus Rince Domhanda na hÉireann in Ollscoil Luimnigh le fada an lá, agus is iomaí píobaire óg a threoraigh sé agus ar thacaigh sé leo le 30 bliain anuas. Mar aitheantas ar an tsárobair atá déanta aige ar mhaithe le ceol, cultúr agus oideachas na hÉireann, bronnadh Bonn Uachtarán Ollscoil Luimnigh air. Tá ardmheas ar Mickey Dunne agus tá tionchar mór fós aige ar cheol traidisiúnta na hÉireann.