Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

 

Fógraíodh buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 2026 go hoifigiúil ag ócáid speisialta in Óstán an Armada, Rinn na Spáinneach, Co. an Chláir, le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy, ceann de na tionóil is tábhachtaí i bhféilire an cheoil thraidisiúnta.

Meastar go forleathan gurb é Gradam Ceoil TG4, ar cuireadh tús leis 29 bliain ó shin, an onóir is mó a bhronntar i gceol traidisiúnta na hÉireann, lena ndéantar éacht, cruthaitheacht agus tionchar cultúir den scoth a cheiliúradh i seacht gcatagóir ar leith. Is léargas iad buaiteoirí na bliana seo ar shaibhreas, ar fhairsinge agus ar bheocht leanúnach an traidisiúin, idir cheoltóirí agus amhránaithe den scoth, taibheoirí óga, ensembles agus iadsan a bhfuil obair ríthábhachtach déanta acu le blianta fada anuas.

Painéal neamhspleách de dhaoine a bhfuil gradam buaite roimhe seo acu agus de phríomhphearsana i bpobal an cheoil thraidisiúnta a roghnaíonn na buaiteoirí.
 

Is iad buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 2026:

Gradam Ceoil TG4 2026 – Cathal Hayden
Amhránaí TG4 2026 – Pauline Scanlon
Gradam Saoil TG4 2026 – Mickey Dunne
Grúpa Ceoil TG4 2026 – Cherish the Ladies
Ceoltóirí Óga TG4 2026 – Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta
Cumadóir TG4 2026 – Niall Vallely
Gradam Comaoine TG4 2026 – The Tulla Céilí Band

 

Beidh ceolchoirm agus searmanas bronnta Ghradam Ceoil TG4 2026 ar siúl i gCeoláras na hOllscoile, Luimneach, Dé Domhnaigh, an 13 Meán Fómhair 2026. Craolfar an ócáid beo ar TG4 agus ar fud na cruinne ar Sheinnteoir TG4, agus beidh aoicheoltóirí agus láithreoirí speisialta ar stáitse le buaiteoirí na ngradam d’oíche lán ceoil, ceiliúrtha agus siamsaíochta.

Tá an nasc chuig na ticéid anseo : https://uch.ticketsolve.com/ticketbooth/shows/1173674501