Gradam Ceoil TG4
Athfhriotail 2026
Gradam Ceoil TG4 2026 – Cathal Hayden

Is buantréithe ina chuid ceoil ag Cathal Hayden an tsármháistreacht, an tsainiúlacht agus an tsamhlaíocht, gnéithe éagsúla den chumar a fhágann gur so-aitheanta i gcónaí é. Más píosa ceoil é a bhfágtar a sheinm faoi féin nó amhrán a gcuireann sé ceol tionlacain leis, más cumadóireacht, cóiriú nó comharcheol le daoine eile, tá an cheolmhaireacht chomh tréan ann agus éirim an cheoltóra chomh domhain, go dtugann sé léargas ar an gceol seachas mar a thabharfadh aon duine ar bith eile.
As an gCarraig in aice le Pomeroy i gContae Thír Eoghain ó dhúchas é agus tá de cháil ag an uile dhuine air go bhfuil sé ar dhuine de shárcheoltóirí a linne féin. Tá máistreacht aige ar an bhfidil agus ar an mbainseó tar éis éirí aníos i dteaghlach ina raibh an ceol ina ghnáthchuid den saol, é ag foghlaim ar dtús ó John Hayden, a athair, agus traidisiún tréan na muintire ina spreagadh aige ag tosú amach ar shaol an cheoil.
Chuidigh Cathal, ina dhuine de na ceoltóirí a chuir an grúpa Four Men and a Dog le chéile, le leagan amach eile ar a raibh i gceist leis an gceol Gaelach a thabhairt i gceist i rith na 1990idí. Tá saothraithe gan stad aige ina ambasadóir don cheol traidisiúnta ar stáitsí ar fud an domhain leis na ‘Dogs’, Arcady, Máirtín O’Connor, Seamie O’Dowd, Donal Lunny, Christy Moore, Bow Brothers agus cuid mhór eile.
Tá ré gairme níos mó ná daichead bliain caite aige ag saothrú an cheoil go dúthrachtach mar shlí beatha. Ní cheileann sárfheabhas an cheoil an díograis oibre agus an dúthracht don cheird atá ina spreagadh i gcónaí ag a chomhcheoltóirí agus ag an lucht éisteachta araon. Bíodh sé ar an stáitse ag ceolchoirm nó suite i seisiún – sa bhaile i Hayden’s Bar nó eile – bíonn aird i gcónaí ag ceoltóirí eile ar a chuid ceoil, ómós acu dá cheird agus dea-cháil air ó thaobh flaithiúlachta agus ionraice, tréithe atá ag rith leis ó thús a ré i saol an cheoil, agus a leanfaidh ar feadh a shaoil.
Amhránaí TG4 2026 – Pauline Scanlon

Tháinig Pauline Scanlon, ina déagóir di ag éirí aníos i nDaingean Uí Chúis, faoi thionchar roinnt de mháistrí na hamhránaíochta i gCorca Dhuibhne. Ba ghairid go mbíodh sí féin ag canadh ar na stáitsí móra in éineacht le leithéidí Shéamuis Uí Bheaglaoich agus Éilis Uí Chinnéide.
Ní chuireann Pauline teorainneacha lena cuid amhránaíochta, tá sí ar a compord chomh mór céanna bíodh seanamhráin de chuid na nGael á gcanadh aici nó foinn de chuid na linne seo.
Tá a glór chomh binn lena bhfuil ann agus ar a cumas níos mó a bhaint as amhrán, nó a chur ann, de réir mar is toil léi.
Ní fhaightear locht dá laghad ar a cuid amhránaíochta aonair ach baineann sí féin sásamh faoi leith as an gceol le hamhránaithe eile agus le grúpaí.
Ní bhíonn Pauline ar chúl an stáitse ach oiread nuair is feachtas ar son an chirt a bhíonn ar siúl nó ceisteanna anróiteacha á bplé faoi théamaí tromchúiseacha a bhaineann lena saol féin nó leis an bpobal go ginearálta.
Gradam Saoil TG4 2026 – Mickey Dunne

Tá ómós mór in Éirinn do Mickey Dunne agus dá chuid píobaireachta, é ina mháistir chomh mór ar an bpíb uillinn agus ar stíl píobaireachta faoi leith go bhfuil sé ina spreagadh ag glúnta ceoltóirí i ndiaidh a chéile. Ábhar mórtais aige nós ceoil an Lucht Siúil a choinneáil ar bun agus tá a shaol caite aige lena chaomhnú agus leis an gcultúr atá le hoidhreacht aige a chur i láthair don saol mór. Ina mhúinteoir, ina chumadóir, ina amhránaí agus ina fhear ceirde a dhéanann uirlisí den scoth, téann sé i bhfeidhm i réimsí eile chomh maith leis an stáitse. Tá curtha go mór aige le saol an cheoil thraidisiúnta in Éirinn agus ar fud an domhain ina phíobaire, ina mheantóir agus ina oirfideach le blianta fada fiúntacha. Bronntar an Gradam Saoil ar Mickey Dunne le teann ómóis don chion mór tairbhe atá déanta aige go fial flaithiúil agus go maorga mórálach dá oidhreacht píobaireachta, ceoil agus cultúir.
Gradam an Ghrúpa Ceoil TG4 2026 – Cherish the Ladies

Tá Cherish the Ladies, le daichead bliain anuas agus b’fhéidir blianta beaga lena chois, ar an ngrúpa ceoil is mó clú agus aird i saol cheol traidisiúnta na hÉireann. Le Joanie Madden ar an stiúir, chruthaigh siad deiseanna nua do mhná i saol an cheoil agus ceol, amhránaíocht agus damhsa na nGael á chur i láthair acu don lucht éisteachta ar fud an domhain.
Tá aird agus moladh orthu go hidirnáisiúnta as feabhas a gcuid ceoltóireachta, as beocht an chur i láthair agus as an dúthracht agus an mórtas i ndáil le traidisiún beo beathach an cheoil. Seasann siad go dlúth leis an oidhreacht ceoil atá le huacht acu ó na glúnta a chuaigh rompu, an tráth céanna a ndéanann siad an traidisiún a chothú, a leasú agus a chur i láthair don saol mór. Tá lorg fágtha go buan acu ar shaol cheol traidisiúnta na nGael agus spreagadh tugtha do ghlúnta nua ceoltóirí leis an obair thaifeadta, lena gcuid ceolchoirmeacha agus lena gcuid oibre ina n-ambasadóirí cultúir.
Mar gheall ar a bhfuil bainte amach acu mar ghrúpa agus curtha i gcrích acu, in Éirinn agus thar lear, ar mhaithe le ceol traidisiúnta na nGael, bronntar Gradam TG4 don Ghrúpa Ceoil 2026 ar Cherish the Ladies.
Ceoltóirí Óga TG4 2026 – Caoimhe agus Séamus Ó Flatharta

Is as Iorras Aithneach i gConamara iad Caoimhe agus Séamus Ó Flatharta, deirfiúr agus deartháir, ar dá ndúchas traidisiún tréan fonnadóireachta agus ceoil an cheantair. Ceoltóirí ildánacha an bheirt a bhfuil ar a gcumas dul i mbun ceoil nó amhránaíochta ar bhealaí éagsúla. Tá an-mhianach fidléireachta agus amhránaíochta ar an sean-nós i gCaoimhe agus ní taobh leis an amhránaíocht Séamus ach oiread os rud é gur cruitire den scoth é chomh maith le huirlisí eile ceoil a sheinm. Tá aird tarraingthe ag an gcóiriú a dhéanann Caoimhe agus Séamus ar amhráin traidisiúnta na hÉireann agus iad os comhair an lucht éisteachta náisiúnta agus idirnáisiúnta chomh maith le muintir a gceantair féin.
Tá obair déanta acu le bannaí agus ceoltóirí de leithéid Notify, Ryan Molloy agus Bláth na hÓige. Éiríonn leo an t-ábhar traidisiúnta agus stíleanna nua a shní le chéile ar bhealaí nach sáraíonn an seanreacht cé go mbíonn tréithe cruthaitheachta na linne seo go mór i gceist freisin. Tá a lorg féin á fhágáil acu ar an gceol agus ar an amhránaíocht thraidisiúnta.
Cumadóir TG4 2026 – An Dr Niall Vallely

Sárchumas leathanréimseach na tréithe a luaitear le Niall Vallely i mbun seanma, cumadóireachta agus cóiriúcháin. Tá mianach cheol traidisiúnta na hÉireann ag baint go dlúth lena chuid ceoil cé go leanann sé ag cur le réimsí a chuid saothar do cheolchoirmeacha ensemble, don amharclann agus don chraolachán chomh maith le píosaí a chum sé a bheith taifeadta go minic. Tá a shainstíl féin saothraithe aige agus í so-aitheanta, go háirithe nuair a thagann an stíl faoi leith ar an gconsairtín i gceist. Má thosaítear leis an mionchóir a ghabhann le Time Flying, agus an bhís spraíúil rithimiúil a bhaineann le throughother, gan trácht ar shníomh agus ar fhí na dtondathanna in Sondas, tá úire agus mealladh ag baint le ceol Niall a fhágann gur iontach le daoine an bunús traidisiúnta.
Chomh maith leis na saothair sin do cheolchoirmeacha, tá píosaí eile de chuid Niall—a chuirtear i dtoll a chéile sa chnuasach Malfunction Junction—atá sa stór ceoil cheana féin ag ceoltóirí ar fud an domhain. Bíonn an tiúin ar aon teideal leis an gcnuasach á chasadh ag seisiúin go mion minic, chomh maith le píosaí breátha eile de leithéid Muireann’s Jig agus an ríl, Once in a Blue Moose. Tharlaíodh deacracht na focail “nuálaíocht’ agus “traidisiún” a tharraingt le chéile tráth ach tá á léiriú ag Niall go paiteanta gurb iad an dá thaobh iad den aon rud amháin—agus gurb é an rud sin i gcás Niall, an consairtín!
Gradam Comaoine TG4 2026 – The Tulla Céilí Band / Banna Céilí na Tulaí

Tá The Tulla Céilí Band / Banna Céilí na Tulaí a chuir beirt d’fhidléirí móra oirthear an Chláir, PJ Hayes agus Paddy Canny, ar bun sa bhliain 1946 ag cur cheol damhsa na nGael chun cinn ar fud an domhain le 80 bliain anuas. Bhí ceoltóirí mór le rá sa bhanna le himeacht na mblianta, mura ndéanfaí a lua ach Willie Clancy, Joe Cooley, Francie Donnellan agus Martin Hayes, agus d’éirigh leis an mbanna an stíl aitheanta ceoil atá acu a choinneáil ag imeacht ó thús, stíl aerach crochta atá ceangailte go dlúth le stíl réigiúnach ceoil oirthear an Chláir. Bhí lán an tí i láthair agus iad ag ceol i hallaí móra an Galtymore i Londain, mar a bhí in Carnegie Hall i Nua-Eabhrac sa bhliain 1958, ach níor chuir sé sin an banna dá mbuille, agus ba é a chuir siad rompu riamh anall ceol den scoth a chur ar fáil dóibh siúd ar breá leo an damhsa. Eisíodh ceirníní de chuid an bhanna ar bhonn tráchtála, Echoes of Erin (1958), Claddagh Ring (1970) agus Ireland Green (1972) ar an gcuid is iomráití acu, chomh maith le 50 Years of the Tulla Céilí Band i rith ré na ndlúthdhioscaí. Leanann an banna ag seinm go rialta, ina gceantar féin agus i bhfad ó bhaile, le glún níos óige de cheoltóirí oirthear an Chláir, roinnt acu ar de chlann na mbunaitheoirí nó de chlann a gclainne iad.
Níl ríomh ná insint scéil ar an gcion tairbhe atá déanta ag The Tulla Céilí Band / Banna Céilí na Tulaí do shaol an phobail in oirthear an Chláir (agus níos faide ó bhaile). Bhí siad fial go féiltiúil lena gcuid ceoil ionas gur cinntíodh an damhsa, cruinnithe sóisialta agus seinm an cheoil ina ndlúthghnéithe de shaol an phobail i gceantair thuaithe le 80 bliain anuas. Bhí de rún daingean riamh acu cloí go tréan lena stíl agus a stór ceoil féin agus caomhnaíodh dá thoradh sin stíl so-aitheanta ceoil atá ina ardú croí agus meanman ag an lucht éisteachta.