Gradam Ceoil TG4
The Tulla Céilí Band – Gradam Comaoine
Beathaisnéis
Is mór an cháil atá ar The Tulla Céilí Band i gceol traidisiúnta na hÉireann. Bunaíodh an grúpa i gContae an Chláir ochtó bliain ó sin in 1946 agus níor stop an ceol ó shin, iad ag cur brí, rithim agus anam cheol Oirthear an Chlár os comhair damhsoirí agus lucht éisteachta sa bhaile agus thar lear.
Ba bhanna céilí amach agus amach a bhí sa ghrúpa ón lá ar bunaíodh é, ós rud é go raibh ceoltóirí mór le rá, lena n-áirítear Paddy Canny, P.J. Hayes agus Joe Cooley, i measc na gceoltóirí a bhain leis an tráth sin. Tá cáil bainte amach ag an mbanna ó shin i leith as an dúthracht, cruinneas agus fuaim ensemble a bhaineann leis, é ag déanamh a chuid chun ceol damhsa na hÉireann a chaomhnú agus a cheiliúradh leis na glúnta.
Tá mórdhuaiseanna bronnta ar The Tulla Céilí Band ag Fleadh Cheoil na hÉireann, lena n-áirítear craobh banna céilí na hÉireann in 1957 agus in 1960, agus is sainiúil an ról atá ag an mbanna i scéal cheol traidisiúnta na hÉireann. Tá an banna ag ceiliúradh 80 bliain ó bunaíodh é i mbliana, is fórsa tábhachtach agus buan fós é a chuireann fonn damhsa ar dhamhsóirí agus fonn éirí ar dhuine ar bith a bhíonn ag éisteacht leo.