Gradam Ceoil TG4
Na Moltóirí
Focal ó Chathaoirleach an Phainéil Roghnúcháin Ghradm Ceoil TG4 2026: Dr Áine Hensey
Is ceiliúradh é Gradam Ceoil TG4 ar gach a bhaineann le hanam, saibhreas agus iontas cheol, amhránaíocht agus dhamhsa traidisiúnta na tíre. Bhí an t-ádh orm a bheith ar an gcéad phainéal roghnúcháin a tháinig le chéile in 1998, arbh é an aidhm a bhí againn a bheith dílis d’fhís Mary McPartlan, nach maireann, agus d’fhís an stáisiúin nua i leith ealaíona traidisiúnta na tíre. Ba é Tommy Peoples an chéad duine ar bronnadh an Gradam air, agus ba mhór an onóir dom a bheith ar an ardán anuraidh nuair a bronnadh Ceoltóir na Bliana 2025 ar a iníon Siobhán, nach tráthúil agus nach deas.
I mo chathaoirleach dom ar an bpainéal roghnúcháin, creidim go dtugann na gradaim seo léargas gach bliain ar cheol luachmhar na tíre agus ar an iléagsúlacht a bhaineann leis – idir cheol uirlise agus amhránaíocht, fíorthraidisiún agus nuálaíocht chruthaitheach. Creidim freisin gur ceiliúradh na gradaim ar stíleanna réigiúnacha nach bhfuil a sárú le fáil agus ar thionchar ríthábhachtach idirnáisiúnta. Is obair dhúshlánach agus spreagúil í an obair a bhíonn le déanamh ag an bpainéal gach bliain, a thugann cluas d’uaireanta fada de phoirt damhsa, d’amhráin agus d’fhoinn arna gcumadh, arna gcóiriú agus arna seinm ag plúr na gceoltóirí.
Ní comórtas é Gradam Ceoil agus, go deimhin, níor lorg go leor díobhsan ar tugadh onóir dóibh thar na blianta duaiseanna ná gradaim riamh. Tá sé fíorthábhachtach go leanfaimid ag tabhairt aitheantas don obair chiúin atá ar bun ar fud na tíre agus níos faide i gcéin chun ár gcultúr a chaomhnú agus a chur chun cinn. Is rímhór an onóir do cheoltóir ar bith Gradam Ceoil a fháil agus is mór an ócáid i bhféilire ceoil na bliana ceolchoirm bheo Ghradam TG4. Go mba fada buan é.
Is fidléir, oideachasóir, comhairleoir ealaíon agus léiritheoir í an Dr Liz Doherty as Co. Dhún na nGall.
Is í a bhunaigh agus a stiúrann I Teach Trad, a chuireann oiliúint agus forbairt ghairmiúil ar fáil do mhúinteoirí an cheoil thraidisiúnta. I measc a cuid dintiúir acadúla tá PhD (ceol fidle Cape Breton) agus d’oibrigh sí mar léachtóir ar an gceol traidisiúnta ó 1994, in UCC agus in Ollscoil Uladh, i nDoire agus i gCeanada, sna Stáit Aontaithe agus san Astráil. Tugadh aitheantas d’ardchaighdeán a cuid teagaisc nuair a bronnadh Comhaltacht Náisiúnta Teagaisc uirthi ón Acadamh Ardoideachais in 2018. Chomh maith le líon suntasach leabhar agus páipéar a bheith foilsithe aici, sheinn agus thaifead Liz le Mícheál Ó Súilleabháin agus le Ceolfhoirne Siansa agus Ceolchoirme Náisiúnta RTÉ, Riverdance -The Show, agus leis na bannaí String Sisters, Bumblebees agus Nomos; tháinig Fiddlesticks, an banna a bhunaigh agus a stiúraigh sí le linn di a bheith i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh le chéile arís le déanaí agus sheinn sé ag Celtic Connections 2024. Ghlac sí páirt i mbreis agus 20 taifeadadh, lena n-áirítear 2 eisiúint aonair. I measc shaothar Liz ó thaobh léiriúcháin de tá Samhlú (TG4) a bhfuil gradaim buaite aige, agus an tsraith Fleadh de chuid TG4 (2020-). D’oibrigh sí leis an gComhairle Ealaíon, áit ar thug sí isteach an clár maoinithe Deis d’ealaíontóirí traidisiúnta agus bhí sí ina ball de Shainchoiste Comhairleach Chultúr Éireann (2018-2024).
Is fidléir agus déantóir scannáin faisnéise as Cill Charthaigh, i gCo. Dhún na nGall é Iarfhlaith. Tá sé ag obair faoi láthair mar Léiritheoir Faisnéise do South Wind Blows, agus scannáin faisnéise á gcur ar fáil aige don phictiúrlann/don chraoladh agus ceolchoirmeacha agus imeachtaí ceoil don fhéile cheoil Other Voices sa Daingean. D’oibrigh Iarfhlaith roimhe seo do Thaisce Cheol Dúchais Éireann (ITMA) mar Bhainisteoir Airgeadais agus mar Léiritheoir/Eagarthóir Faisnéise. Tá sé ina Chisteoir anois ar Bhord an ITMA. Cuirfidh Iarfhlaith a chéad albam, The Devil’s Dream, amach in 2024, in éineacht leis seinnteoir pianó Natalie Ní Chasaide.
Tá Ellie Byrne ar dhuine de na poiblitheoirí ealaíon agus ceoil is mó taithí agus is mó aithne in Éirinn. Tá sí i mbun na gairme beatha seo le níos mó ná tríocha bliain anois ag cur ceoltóirí, amhránaithe agus imeachtaí cultúir chun cinn chomh maith le hiad a fhorbairt agus a bhainistiú. Chaith sí 18 mbliana ina Bainisteoir Preasa agus Ealaíon Taibhithe i nDámh Chruinne Éireann Rince agus Ceol in Ollscoil Luimnigh, í ag obair le taobh bhunaitheoir agus stiúrthóir na Dáimhe, an tOllamh Mícheál Ó Súilleabháin nach maireann. Sa bhliain 2014, bhunaigh sí EB Promotions agus ó shin i leith, tá sí ina comhpháirtí cumarsáide agus poiblíochta iontaofa ag cuid de na ceoltóirí, na damhsóirí, na hamhránaithe aonair agus na grúpaí taibhithe is cáiliúla in Éirinn. Áirítear i measc a cuid cliant Altan, Martin Hayes, Declan O’Rourke, Peggy Seeger, Edwina Guckian, Karan Casey, Irish Artists for Palestine, Kevin Burke, The Kilfenora Céilí Band agus Ériu Dance Company agus neart eile. Tá Ellie lonnaithe i gCill Chaoi i gContae an Chláir agus leanann sí de bheith ag obair go dlúth le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ar fud earnálacha cheol traidisiúnta agus ealaíona taibhithe na hÉireann.
Sorcha Costello
Is fidléir traidisiúnta Éireannach í Sorcha Costello as an Tulach i gCo. an Chláir agus tá a teaghlach agus a muintir tumtha i gceol traidisiúnta na hÉireann. Bronnadh Ceoltóir Óg na Bliana Ghradam Ceoil TG4 uirthi in 2021. Tá Sorcha ag seinm ar an stáitse náisiúnta agus idirnáisiúnta ó bhí sí an-óg, agus tá camchuairteanna déanta aici sa Nua-Shéalainn, san Astráil agus i Meiriceá cheana féin i mbliana. Tá an-tóir ar Shorcha ina múinteoir ceoil, go háirithe ina ceantar dúchais in Oirthear an Chláir mar go bhfuil an-chumas inti a sainstíl féin a chur in iúl, stíl a mbaineann rithim agus luascadh léi a gcloistear tionchar ghlúnta a teaghlaigh iontu. Eisíodh albam Shorcha Costello, The Primrose Lass, i mí an Mheithimh 2023, agus is albam aonair fidléireachta é ar a bhfuil réimse ar leith de sheanfhoinn agus de cheol nua araon. Is ionann stíl agus gluaiseacht an albaim seo agus an cion atá ag Sorcha ar na seantraidisiúin, rud a léirítear trí luascadh, rithim agus seinm simplí na bhfonn. Cé go bhfuil an t-albam fréamhaithe go domhain i stíl Oirthear an Chláir, tá tionchar stíleanna eile ceoil ó gach cearn den domhan le cloisteáil freisin air, a fhágann go bíonn an t-éisteoir gafa leis ar feadh an ama. Fíonn an bheirt tionlacóirí ar an albam, John Blake (giotár + bouzouki) agus Catherine McHugh (méarchlár), a mbealach timpeall ar sheinm fidléireachta Shorcha chun atmaisféar croíúil, compordach a chruthú. Mar thoradh ar an gcéad albam aonair seo, tá dhá ainmniúchán do ghradam ceoil tíre RTÉ Radio 1 faighte ag Sorcha, lena n-áirítear ‘an t-ionstraimí tíre is fearr’ agus ‘an ceoltóir atá ag teacht chun cinn is fearr’ 2023.
Síle Denvir
Is amhránaí sean-nóis agus cláirseoir í Síle Denvir as Gaeltacht Chonamara, atá fréamhaithe go domhain i dtraidisiún amhránaíochta na Gaeilge. Is cainteoir dúchais Gaeilge í agus cuireann sí a stíl ainglí féin ar thraidisiún ársa na hamhránaíochta ar an sean-nós os comhair lucht féachana nua.
Bhí Síle ar dhuine de na daoine a bhunaigh Líadan. Tá camchuairt déanta aici le The Chieftains chomh maith le bheith i mbun ceoil le leithéidí Liam Ó Maonlaí, Martin Hayes, Úna Monaghan agus Barry Kerr. Tá seinnte aici le Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ agus tá roinnt clár curtha i láthair aici do TG4.
Ina hacadóir di in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, tá go leor foilsithe ag Síle ar amhránaíocht na hÉireann agus ceanglaíonn sí a taighde lena cleachtas cruthaitheach. Bronnadh Amhránaí na Bliana uirthi ag Gradam Ceoil TG4 agus cruthaíodh a halbam is déanaí, Anamnesis, leis an léiritheoir John Reynolds agus an dordveidhleadóir Caroline Dale.
Ryan Molloy
Tá Ryan Molloy ar dhuine de na pearsanra is iomráití i saol cheol na hÉireann sa lá atá inniu ann, is cumadóir, pianódóir agus fidléir traidisiúnta é a cheanglaíonn ceol traidisiúnta na hÉireann le saothar comhaimseartha. Is as Pomeroy, Co. Thír Eoghain dó agus táthar ag éisteacht lena shaothar álainn ar leith le breis agus fiche bliain anuas. Bronnadh Cumadóir na Bliana 2024 ar Ryan ag Gradam Ceoil TG4. Choimisiúnaigh ensembles lena n-áirítear RTÉ, BBC, an Danish String Quartet, Ceolfhoireann Uladh agus Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann é chun saothar a chumadh dóibh, agus tá ionadaíocht déanta aige ar Éirinn ag féilte World New Music Days ISCM. I measc an tsaothair is deireanaí uaidh tá casúir ‘s cnaipí agus PIANOBOXING agus cuirfidh sé roscáth, saothar nua don veidhlín agus do cheolfhoireann a scríobhadh do Katharina Uhde, i gcrích in 2026. Beidh sé páirteach freisin i gceolchoirm chomórtha 25 bliain i dteannta Téada agus Cheolfhoireann Cheolchoirm RTÉ, agus eiseofar foinse, albam nua le Bríd Harper. Le breis agus 30 albam eisithe aige, tá saothar i gcomhar déantar ag Ryan le go leor de na ceoltóirí traidisiúnta is iomráití in Éirinn. Is Ollamh Comhlach le Cumadóireacht é in Ollscoil Mhá Nuad agus déanann an tIonad Ceoil Chomhaimseartha ionadaíocht air.
Caoimhín ó Sé
Is beag an t-iontas go bhfuil croí Chaoimhín Uí Shé sa cheol agus sna hamhráin thraidisiúnta. Ba iad ba mhó a bhí le cloisteáil aige agus é ag teacht chun coinlíochta i gCorca Dhuibhne. Agus é fós in aois bunscoile, théadh sé le cois a athar, Maidhc Dainín Ó Sé, ag seinm ceoil in óstáin agus i dtábhairní an cheantair. Blianta ina dhiaidh sin thaifead an bheirt acu ‘Ó Thuaidh’ agus iad ag díriú ar roinnt píosaí a chum Maidhc. Nuair a bhog Caoimhín go Gaillimh, thug sé tréimhse ag seinm agus ag amhrán leis an ngrúpa Maigh Seola, grúpa a tharraing go láidir as an mbailiúchán iontach amhrán a bailíodh i nGaillimh agus i Maigh Eo, ‘Amhráin Mhuighe Seola’. Tá sé in mbun cláir raidió le cúig mbliana fichead ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus thug sé tamall de bhlianta, chomh maith, ar an gclár ‘The West Wind’ ar Clare FM.





