Gradam Ceoil TG4
Niall Vallely – Cumadóir na Bliana
Beathaisnéis
Tá 30 bliain caite ag Niall Vallely ag tuilleamh an cháil atá air mar dhuine de na ceoltóirí agus cumadóirí is suntasaí in Éirinn. Rugadh in Ard Mhacha é in 1970 agus thosaigh a mhuintir, Brian agus Eithne Vallely, ag múineadh dó leis an gconsairtín a sheinm nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois. Ba iad Brian agus Eithne a bhunaigh Píobairí Ard Mhacha.
Thosaigh Niall ar chúrsa ceoil in UCC i gCorcaigh in 1988 agus is ann atá sé ó shin. Chuir sé tús lena ghairm idirnáisiúnta taibhléirithe ansin, ag taifeadadh agus ag dul ar camchuairt le Nomos, Buille, Karan Casey, Paddy Keenan, Tim O’Brien agus Cassandra Wilson.
Tá cáil air as a stíl shainiúil ar an gconsairtín agus as a shaothair cháiliúla, tá a chuid fonn le cloisteáil ar níos mó ná 80 albam agus is gnáthnós anois é ag daoine na foinn sin a sheinm i seisiúin ar fud an domhain. Tá mórshaothair dá chuid coimisiúnaithe ag TG4, RTÉ, BBC, ag Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí, ag an Crash Ensemble, Boston Pops Orchestra agus neart eile.
Bhain Niall PhD sa chumadóireacht amach in UCC sa bhliain 2018. Tá sé fós ag cumadh, ag ceol agus ag obair le ceoltóirí eile ar fud an domhain. Eiseoidh sé albam nua i samhradh 2026 dar teideal Sun Lines i gcomhar leis an ngiotáraí as an gCongó Niwel Tsumbu agus leis an bhfidléir as Meiriceá Liz Knowles agus beidh comhcheol idir an triúr agus Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann ag Féile Ealaíon Chill Chainnigh ar an albam freisin.