Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

Gradam Ceoil TG4 2026 | Scéim Sparánacht


Don cúigiú bliain as a chéile tá TG4, Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, agus Ionad Ealaíon Duncairn ag leanúint le sparánacht Gradam Ceoil agus lena dtacaíocht do cheoltóirí atá ag teacht chun cinn i mBéal Feirste.
Beidh na ceoltóirí faoi stiúir na meantóirí Lynette Fay, Seán Óg Graham, Dónal O’Connor agus Ryan Molloy.
 


Eimear Magee

 
Is as Droichead Mhaigh Eo i gContae an Dúin í an fidléir agus an t-amhránaí Eimear Magee. Bhí a muintir ceolmhar i mbun na hamhránaíochta, an damhsa agus na scéalaíochta agus í ag fás aníos. Is údar mórtais di a bheith ina ball de Bhanna Céilí na Cloiche Móire agus bíonn sí i mbun ceoil agus teagaisc in Éirinn agus ar fud an domhain mhóir.

 


Peadar Connor

 
Is cumadóir ceoil as Baile an Chaistil in Aontroim é Peadar Connor atá 22 bliain d’aois agus seinneann sé an iliomad uirlisí ceoil. Is céimí Taibhiú Ceoil é ó Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste a mheascann ceol traidisiúnta le harmóin, modhanna agus uigeachtaí comhaimseartha. Cruthaíonn sé ceol atmaisféarach rithimeach agus tá tionchar leithéidí Björk agus Ryuichi Sakamoto le sonrú ar a chuid ceoil.

 


Jack McGoldrick

 
Chuir Jack McGoldrick, giotáraí as Béal Feirste a bhfuil cúlra aige sa snagcheol, suim sa cheol traidisiúnta agus é ar an ollscoil. Is breá leis tionlacan ceoil agus tá sé faoi anáil leithéidí ROÍS agus Lankum. Tá a chuid ceoil curtha i láthair ag Jack in Éirinn agus ar fud an domhain mhóir, agus é faoi thionchar snagcheoil agus cheol traidisiúnta na hÉireann.