Gradam Ceoil TG4
Méabh Smyth – Ceoltóir Óg na Bliana
Athfhriotal
Is fidléir í Méabh Smyth atá ag casadh ceol traidisiúnta ó bhí sí 7 mbliana d’aois. Is iardhalta de chuid Chlub Píobairí Ard Mhacha í agus faigheann sí inspioráid ina cuid ceoil ó stíl rithimeach na fidle sna réigiúin Uladh Theas agus Dhún na nGall.
Is ó theaghlach mór ceoil Méabh (is fidléirí iad a tuismitheoirí Rosie agus Thomas) agus casann sí ceol go rialta lena deartháir Tiarnán. D’eisigh an bheirt acu ceirnín leathfhada a bhfuil a n-ainm féin air sa bhliain 2017. D’éirigh leis an mbeirt acu an babhta leathcheannais a bhaint amach do ghradam Ceoltóir Óg Ceoil Tíre na Bliana BBC Radio 2 an bhliain chéanna. Níos luaithe i mbliana bhí sí san iomaíocht i mbabhta ceannais Chomórtas Bhonn Óir Sheáin Uí Riada in éineacht lena deirfiúr Annie Smyth. Bhuaigh sí gradam Ed Reavy d’Fhidléir na Bliana sa bhliain 2016 agus bhuaigh sí an chéad duais sa chomórtas Fidléir Londan sa bhliain 2021. Bhí Smyth le feiceáil freisin sa tsraith Sruth – sraith de chuid TG4 faoi cheoltóirí óga agus fógraíodh an mhí seo caite go bhfuil sí ar dhuine den seisear a fuair Gradam chun Ardán a Thabhairt do Cheoltóirí Óga ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann don bhliain 2023.