Gradam Ceoil TG4
Pauline Scanlon – Amhránaí na Bliana
Beathaisnéis
Tá ceann de na glórtha is sainiúla in Éirinn ag Pauline Scanlon, amhránaí atá báite sa traidisiún ach a bhíonn ag briseadh talamh nua freisin ann. Is as Iarthar Chiarraí ó dhúchas í agus cé go bhfuil na seanamhráin le brath ar a stíl amhránaíochta, téann siad i bhfeidhm mar sin féin ar shaol an lae inniu.
Bhí Pauline ar dhuine de bhunaitheoirí FairPlé agus bíonn sí ag labhairt amach ar mhaithe le mná sna healaíona, dúthracht atá feiceáil ina cuid oibre agus ina cuid gníomhaíochais. Ina halbam The Unquiet, arna léiriú ag John Reynolds, déantar an t-amhrán traidisiúnta a athshamhlú trí thaithí saoil mhná na linne seo in Éirinn, albam atá faoi anáil a máthar nach maireann, Eileen Scanlon.
Idir a céad albam clúiteach Red Colour Sun agus a cuid oibre le LUMIERE, John Spillane, Dónal Lunny, Damien Dempsey, Sinéad O’Connor agus The Whileaways, tá gairm bheatha iontach bainte amach ag Scanlon, bunaithe ar chomhshaothair agus ar thaibhléirithe aonair araon. Ina láithreoir di do TG4 agus don BBC, is fórsa ríthábhachtach bunaidh fós í i gceol na hÉireann.