Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

Cherish the Ladies – Grúpa Ceoil

Beathaisnéis

Tá sé 41 bliain ó bunaíodh Cherish the Ladies, grúpa atá ar thús cadhnaíochta i gceol traidisúnta na hÉireann ó shin agus i measc na ensembles is mó ar domhan a thaitníonn le daoine agus a dtugtar ardmholadh dó. Tá lucht éisteachta ar fud na cruinne curtha faoi gheasa acu a bhuí leis an meascán ardmheanmnach de cheol traidisiúnta na hÉireann, glórtha dochreidte agus damhsa céime den chéad scoth a chuireann siad i láthair.

Bunaíodh an grúpa seo, a bhfuil ainmniúchán Grammy faighe aige, in 1985 agus tá na constaicí sin a bhíodh sa bhealach ar mhná sáraithe aige, é anois i measc ceann de na ensembles mná is faide ar an bhfód, beag beann ar an seánra. D’éirigh leo oidhreacht den scoth a bhaint amach agus 19 n-albam a bhfuil ardmholadh faighte acu a eisiúint agus na mílte ceolchoirmeacha curtha ar stáitsí acu ar fud an domhain – i gceolárais mór le rá, ag na Cluichí Oilimpeacha agus sa Teach Bán. I measc an tsaothair ceoil atá déanta acu i gcomhar le ceoltóirí eile tá níos mó ná 300 taibhléiriú le ceolfhoirne siansacha, a fhágann gurb é an ensemble Popcheoil Cheiltigh is rathúla riamh é.

Is faoi stiúir Joanie Madden atá an ensemble seo ón gcéad lá riamh, fliúiteadóir agus seinnteoir feadóige a bhfuil cáil idirnáisiúnta uirthi, agus ar bronnadh an National Endowment for the Arts National Heritage Fellowship uirthi, agus is iad Mary Coogan, Mirella Murray, Kathleen Boyle, Nollaig Casey, agus Kate Purcell a leathbhádóirí. I dteannta a chéile, tugann siad ómós do thraidisiún saibhir cheol na hÉireann, traidisiún a fuair gach aon duine acu óna n-athair, ag cur meascán iontach d’uirlisí virtuoso, guthanna áille, damhsa céime thar barr, agus an chroíúlacht agus an gáire le chéile, ar saintréithe anois iad i ngach taibhléiriú de chuid Cherish the Ladies.