Gradam Ceoil TG4
Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta – Ceoltóirí Óga na Bliana
Beathaisnéis
Is deartháir agus deirfiúr iad Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta as an Aird Mhóir i nGaeltacht Chonamara, Co. na Gaillimhe. Bhí siad báite sa cheol sa bhaile, agus níor thóg sé i bhfad orthu cáil a bhaint amach as a gcuid amhránaíochta ar an sean-nós, as an ndlúth-comhcheol agus as an gcóiriú ar leith a dhéanann siad ar amhráin i nGaeilge agus i mBéarla.
Chuaigh a leagan den chaoineadh Anach Cuain in 2022 i gcion ar dhaoine i bhfad agus i gcéin, scaip sé go mear ar fud an domhain agus chuala daoine ar fud na cruinne a nglórtha binne den chéad uair. Sárcheoltóirí iluirlise agus damhsóirí Gaelacha iad Séamus agus Caoimhe freisin a mbíonn an Ghaeilge, an traidisiún agus an oidhreacht i gcroílár a gcuid saothar ceoil acu fad a chuireann siad rian de bheocht na hóige agus de thuiscint na linne seo ar amhráin thraidisiúnta.
D’eisigh siad a gcéad gceirnín leathfhada in 2023, dar teideal Séamus & Caoimhe. Ba iad Brian Whelan agus Bill Whelan, a chum Riverdance, a léirigh an ceirnín, lena gcuirtear saibhreas comhcheoil agus fís cheoil Shéamuis agus Chaoimhe i láthair. Tharraing siad an-chuid airde ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2025 i Loch Garman, a threisigh an cháil atá orthu ina n-ambasadóirí den scoth ar amhránaíocht, teanga agus cultúr na hÉireann, cáil atá ag dul i méid.
Tá Séamus agus Caoimhe anois ag tabhairt a gcumas ceoil ar fud an domhain, iad ag leanúint de cheol agus de theanga Chonamara a chur os comhair lucht spéise nua. Ainmníodh iad mar na Ceoltóirí is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn ag Gradaim Ceoil Tíre RTÉ in 2024, gradam a dhearbhaíonn a n-áit i measc na dtaibheoirí óga is spreagúla i gceol na hÉireann sa lá atá inniu ann.