Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

Colm Broderick – Ceoltóir Óg na Bliana

Beathaisnéis

Tá Colm Broderick, píobaire as Contae Cheatharlach, ag dul i bhfeidhm go mór ar shaol cheol traidisiúnta na hÉireann. Tá duaiseanna Uile-Éireann gnóthaithe aige mar gheall ar a chumas agus a dhíograis, mar atá Bonn Óir Sheáin Uí Riada.

Seinneann sé ag féilte agus ócáidí eile ar fud na hÉireann agus thar lear, le ceoltóirí agus grúpaí iomráiteacha go minic. Fágann a chuid cruinnis agus an tuiscint dhomhain atá aige ar dhúchas an cheoil go mbíonn an-ghlaoch air i saol an cheoil in Éirinn.

Chomh maith lena chuid ceolchoirmeacha, tá Colm an-tugtha do leanúnachas an traidisiúin. Múineann sé ceol do dhaoine ar an láthair agus ar an idirlíon, foghlaimeoirí den uile leibhéal á dteagasc aige. Bíonn sé ina theagascóir go rialta ag Scoil Samhraidh Willie Clancy agus is minic leis a bheith i láthair ag cruinniú píobairí i bhfad ó bhaile, é ag cuidiú leis an gceol agus an uirlis a chur chun cinn agus a chaomhnú.

Sa bhliain 2019, chuir Na Píobairí Uilleann píb Liam Óig Uí Fhloinn (nach maireann) faoi choimirce Choilm, aitheantas faoi leith do dhúthracht an fhir óig i mbun na ceirde. Tá oidhreacht faoi leith ag rith leis an bpíb agus tá Colm tugtha go hiomlán dá gcoinneáil i gcaoi mhaith agus dá seinm mar is dual.

Leanann Colm, ar i gCiarraí atá a chónaí anois, ag ceol, ag teagasc agus ag fónamh do thraidisiún na píobaireachta ionas go mbíonn rath ar an gcéad ghlúin eile ceoltóirí chomh maith.