Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

Gradam Ceoil TG4 2025 | Scéim Sparánacht


Rinne Béal Feirste óstáil ar an ngradam cáiliúil, Gradam Ceoil TG4, ar feadh cúig bliana. D’fháiltigh cathair Bhéal Feirste roimh an deis aitheantas a thabhairt do na ceoltóirí cumasacha as gach cearn den oileán agus don phaisean spreagúil atá acu do cheol traidisiúnta na hÉireann. Chomh maith leis an mbrí agus an anam a chuir Gradam Ceoil TG4 sa saol ceoil áitiúil, rinneadh Cathair Cheoil UNESCO de Bhéal Feirste i mí na Samhna 2021, lenar tugadh aitheantas d’oidhreacht shaibhir cheoil na cathrach agus don tábhacht a bhaineann le ceol do thodhchaí na cathrach.

Mar gheall ar chomh maith agus a d’éirigh leis an nGradam i mBéal Feirste, chruthaigh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste an chéad Scéim Sparánachta do Ghradam Ceoil TG4 i gcomhpháirtíocht le TG4, Ionad Ealaíon Duncairn agus Red Shoe Productions. Tá an scéim oscailte do thriúr ceoltóirí a sheinneann ceol traidisiúnta na hÉireann, atá lonnaithe i mBéal Feirste agus atá idir 18 – 25 bliain d’aois, agus faigheann siad sparánacht £3000 chomh maith le tacaíocht, oiliúint agus meantóireacht luachmhar.

Bhí tionchar dochreidte ag na sparánachtaí ar ghairmeacha na mbuaiteoirí óga, de bharr go raibh siad in ann forbairt a dhéanamh ar a gcuid ceoil, agus toisc gur chuir sé go leor deiseanna nua ar fáil dóibh, ar nós deis a bheith ar an teilifís náisiúnta agus ar an raidió.
 


Erin Rose Mullan

Is ceoltóir il-uirlise í Erin Rose Mullan, atá 19 mbliana d’aois, as Béal Feirste, Co. Aontroma, a sheineann an fhidil, an bainseó agus an bosca ceoil. Is cainteoir líofa Gaeilge í agus tá sí ag tabhairt faoi chéim sa Ghaeilge le Ceol faoi láthair in Ollscoil Uladh. Tá ceangal teaghlaigh aici le Madden’s Bar i mBéal Feirste, áit ar bhuail sí le roinnt de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr in Éirinn nuair a bhí sí óg.

Bhí an-tionchar ag go leor ceoltóirí uirthi ar nós Ruadhraí O’Kane, Laura agus Barry Kerr, Conor Calwell, Mairéad Ford, Shane McAleer agus go leor eile. Thosaigh sí ag foghlaim leis an bhfidil a sheinm le Laura Kerr nuair a bhí sí seacht mbliana d’aois agus go luath ina dhiaidh sin thosaigh sí ag seinm an bhainseó le Bronagh Graham. Tá sí ag cleachtadh chun an bosca ceoil a sheinm le Damian McKee faoi láthair.

Sheinn sí in go leor ionad agus ag go leor féilte, mar shampla, Waterfront Hall Bhéal Feirste, Margadh Naomh Seoirse (le Four Men and a Dog), an Black Box, an Duncairn agus Electric Picnic. Fuair sí taithí ar cheol ceolfhoirne roimhe seo nuair a d’fhreastail sí ar Scoil Samhraidh Mheitheal in 2022. Thosaigh sí ag múineadh ceoil le gairid i mbunscoileanna ar fud Bhéal Feirste. Bhí sí ina bean an tí ag seisiúin ceoil thraidisiúnta ar fud na hÉireann ag féilte ar nós Fhéile Cheoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste, Féile an Phobail, Féile Cheoil Thraidisiúnta Inse agus Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair.

 


Jude Scott

Is ceoltóir óg é Jude Scott as Béal Feirste, atá ag déanamh céime sa Léiriú Ceoil agus Fuaime faoi láthair in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Is í an fhliúit an sainréimse ceoil atá aige agus tá an-tionchar ag seinnteoirí fliúite Bhéal Feirste air ar nós Harry Bradley agus Desi Wilkinson, chomh maith le ceoltóirí eile ó thuaidh ar nós Gary Hastings agus Cathal McConnell.
Tá Jude ag seinm ceoil ó bhí sé óg agus d’fhoghlaim sé an fheadóg stáin i Scoil Cheoil Thraidisiúnta Ghleann Gormlaith. Sheinn sé mar chuid de ghrúpa ceoil Scoil Cheoil Thraidisiúnta Ghleann Gormlaith ag Gradam Ceoil TG4 in 2021, nuair a bronnadh an Gradam Comaoine ar an scoil. As sin, thosaigh Jude ag gnóthú clú dó féin ag seisiúin i mBéal Feirste, ag seinm go rialta sa Garrick, John Hewitt agus Madden’s Bar. Bíonn sé ina fhear an tí go rialta anois ar sheisiúin in Madden’s agus Seaton’s of Sailortown.

Tá an-taithí ag Jude ar bheith ag seinm ar stáitse cheana féin, ag seinm lena dheartháir Martin agus leis an mbanna ceoil Dall. Tá seinnte aige in ionaid agus ag féilte éagsúla i mBéal Feirste ar nós Flutopia agus Festival Club ag Féile Cheoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste, sheinn sé ar shlí an tseisiúin le Féile an Phobail agus Féile na hAbhann, agus is é a bhí ar stáitse sula ndeachaigh Matt Molloy, John Carty agus Brian McGrath i mbun ceoil in Ionad Ealaíon an Crescent.
Agus é ag súil le traidisiún na fliúite a bhrú níos faide fós chun cinn, féachann Jude le taighde a dhéanamh ar fhoinn agus stórtha ceoil áitiúla agus iad a bhailiú, chomh maith le bheith ag seinm ag féilte agus ag ionaid éagsúla i rith na bliana seo chugainn.

 


Oisín Murphy

Is as Scairbh na gCaorach i gCo. Mhuineacháin d’Oisín agus is ceoltóir ilchumasach é a sheinneann an bainseó agus an maindilín. Bhain sé céim amach sa Cheol in Ollscoil Uladh le gairid agus tá seinnte aige ag ceolchoirmeacha go leor in Éirinn agus san Eoraip, Stáit Aontaithe Mheiriceá, chomh maith le hAontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus an Aetóip. Is cainteoir líofa Gaeilge é Oisín agus d’fhoghlaim sé Gaeilge le linn a chuid oideachais dara leibhéal i gColáiste Oiriall i Muineachán agus trí am a chaitheamh i gceantair Ghaeltachta éagsúla.

D’éirigh go hiontach le hOisín ag aois an-óg ag fleadha, feiseanna agus féilte éagsúla, ag cur lena chlú mar cheoltóir lena stíl ar leith ceoil agus tá sé ar a chompord ag seinm le daoine eile nó ina aonar. Tá comhar fuinniúil forbartha aige thar na mblianta leis an ngiotáraí agus an t-amhránaí Micky Fearon agus tá seinnte aige le Sinéad McKenna ar bronnadh Sparánacht Ghradam Ceoil uirthi féin.

Anois agus é ina chónaí i mBéal Feirste, tá Oisín báite i gceol traidisiúnta bríomhar na háite. Bíonn sé ag freastal ar sheisiúin ceoil bhríomhara go minic, ag seinm in éineacht le roinnt de na ceoltóirí is fearr sa chathair i saol an cheoil thraidisiúnta agus an cheoil tíre araon. Tá tionchar ag cineálacha éagsúla ceoil ar fud na hÉireann ar a chuid ceoil, go háirithe oidhreacht shaibhir réigiún na teorann idir Mhuineachán, Thír Eoghain agus Fhear Manach.