Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

Gradam Comaoine TG4 don bhliain 2026: Ainmniúchán Pobail

Fáiltíonn Gradam Ceoil roimh ainmniúcháin ar fhaighteoir an Gradam Comaoine mar chuid do Ghradam Ceoil 2026. Beidh meascán idir ainmniúchán pobail agus painéal roghnúcháin i gceist leis an nGradam Comaoine.
 
Bronnadh an Gradam Comaoine den chéad uair in 2006 chun aitheantas a thabhairt don obair éachtach atá déanta ag daoine áirithe leis na blianta chun ceol traidisiúnta na hÉireann a chaomhnú agus a scaipeadh lena chinntiú go mbeidh fáil ag na glúnta atá le teacht ar cheol ár sinsear agus ar cheol ár linne.
 
Tá liosta iomlán de na daoine ar bronnadh Gradam Comaoine TG4 orthu roimhe seo ar fáil anseo: https://www.tg4.ie/ga/brandai-eile/gradam-ceoil/iar-bhuaiteoiri/gradam-comaoine-tg4/
 
Fáiltíonn Gradam Ceoil TG4 roimh ainmniúcháin ar dhuine nó daoine ar cheart aitheantas domhanda a thabhairt dóibh as an méid atá curtha i gcrích acu do na healaíona taibhléirithe traidisiúnta.
 
D’fhéadfaí an Gradam Comaoine seo a bhronnadh ar dhuine mar gheall ar an obair a rinne sé/sí mar mhúinteoir, taighdeoir, scríbhneoir, eagraí imeachtaí, meantóir, léiritheoir, gníomhaí pobail nó duine de lucht tacaíochta na n-ealaíon traidisiúnta.
 
Is féidir ainmniúcháin a bhí déanta don réimse seo roimhe seo a bheith san áireamh aris i mbliana ach eolas nua a bhfuil tábhacht faoi leith leis don bhliain 2026 a bheith san áireamh.
 
Is féidir duine aonair, eagraíocht, togra pobail nó togra faoi leith eile a mholadh don Ghradam.
 
Is féidir le hainmniúcháin a bheith lonnaithe áit ar bith ar domhan agus a bheith ag obair i réimse ar bith sna healaíona traidisiúnta.
 
Ní féidir ach ainmniúchán amháin a dhéanamh in aghaidh seoladh ríomhphoist.
 
Is féidir ainmniúcháin a dhéanamh leis an bhfoirm thíos agus glacfar le hainmniúcháin go dtí an 29 Bealtaine, 2026.
 
Beidh gearrliosta de sheisear ainmnithe roghnaithe ag coiste roghnúcháin Ghradam Ceoil TG4.
 
Déanfar an roghnú deireanach ag painéal roghnúcháin Ghradam Ceoil TG4.
 
Fógrófar an faighteoir i Mí Iúil 2026.
 
 
Is féidir ainmniúchán a dhéanamh d’fhaighteoir Ghradam Comaoine TG4 don bhliain 2026 ar an bhfoirm thíos: