Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

An chéad leagan craolta de dhrámaíocht teilifíse Ghaeilge le Teanga Chomharthaíochta na hÉireann déanta de Saol Ella

Sraith Dhrámaíochta do Dhéagóirí

27.02.24


Pic: Ciara Cox (Saol Ella) & Niamh Ní Chróinín (Cúla4)
 

Seoladh leagan Theanga Comharthaíochta na hÉireann (ISL) de Saol Ella Dé Máirt an 27 Feabhra 2024 i mBaile Bodhar Éireann i mBaile Átha Cliath 7.
 
Is sárthaispeántas spreagúil teilifíse é Saol Ella agus tá gaisce mór déanta arís ag TG4/Cúla4 mar gurb é an chéad chraoltóir Éireannach chun leagan ISL de Dhrámaíocht Teilifíse Ghaeilge a sheoladh. Bhí Ciara Cox, aisteoir atá sna déaga agus arb í atá i bpáirt Ella, ag an seoladh, mar aon le Niamh Ní Chróinín, láithreoir Cúla4, agus neart eile.
 
An comhlacht léiriúcháin teilifíse neamhspleách Danú Media a léirigh Saol Ella do TG4/Cúla4 agus is iad Ailbhe Nic Giolla Bhrighde agus Gemma Breathnach a scríobh an tsraith. Is sraith í seo a chuireann spraoi agus drámaíocht éadrom ar fáil agus atá dírithe ar lucht féachana sna déaga.
 
Cuirtear saol an déagóra inár láthair ar bhealach siamsúil agus greannmhar agus ag an am céanna, cuirtear na mílte daoine óga, a chaith téarma i gColáistí Gaeilge i rith an tsamhraidh, siar ar bhóithrín na smaointe.
 
Mar chuid den tionscadal ceannródaíoch drámaíochta teilifíse seo atá le craoladh le ISL, d’oibrigh Danú Media go heisiach le linn an léirithe le hateangaire ar Theanga Chomharthaíochta na hÉireann agus cainteoir Gaeilge Romy O’Callaghan chun an leagan ISL de Saol Ella a chruthú do TG4. Chuaigh Danú Media i mbun oibre le Cumann Bodhar na hÉireann agus Chime agus iad dírithe go hiomlán ar dhrámaíocht teilifíse ar ardchaighdeán a bheadh go hiomlán ionchuimsitheach a chruthú, a chuirfeadh siamsaíocht ar fáil agus a mheallfadh an pobal bodhar idir óg agus sean.
 
“Ba shraith dhrámaíochta iontach agus thaitneamhach le cruthú agus le léiriú a bhí in Saol Ella”, a dúirt Siobhán Ní Ghadhra, Léiritheoir Sraithe agus Stiúrthóir Bainistíochta Danú Media. “Ba dhúshlán nua a bhí ann dúinn leagan ISL a dhéanamh ach dúshlán tairbheach a bhí ann mar sin féin mar go bhfuaireamar deis oibriú le hateangairí Comharthaíochta agus de bharr gurb é seo an chéad chraoladh drámaíochta teilifíse a bhfuil ISL leis, táimid thar a bheith mórtasach as bheith chun tosaigh i ndáil le forbairt leanúnach ábhar ISL i gcraoltóireacht na teilifíse chun ionchuimsitheacht níos mó a chur chun cinn don phobal bodhar, is cuma cén aois iad.”
 
Is é Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán, atá freagrach as an Scéim Fuaim & Fís agus tá sé ar bís faoin bhforbairt is déanaí seo. “Tá ríméad ar Choimisiún na Meán tacú le léiriú leagan Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL) de “Saol Ella”, a fuair maoiniú i bpáirt ag an tús ón scéim maoiniúcháin Fuaim & Fís. Is sampla den scoth é seo de na cineálacha iontacha clár a dtugtar tacaíocht dóibh faoin scéim le cúnamh ón Táille Ceadúnais Teilifíse. Déanaimid comhghairdeas le Danú Media Teo agus leis an bhfoireann ar fad as a gcuid oibre agus as tuilleadh inrochtaineachta a chur ar fáil i leith na sraithe iontaí seo”, a dúirt Rónán Ó Domhnaill.
 
Is éard a dúirt Siobhán Ní Bhrádaigh, Eagarthóir Coimisiúnaithe agus Ceannachán TG4, “Táimid thar a bheith bródúil go bhfuilimid ag seoladh leagan ISL de Saol Ella. Déanaimid comhghairdeas ó chroí le Danú Media a d’oibrigh go dícheallach chun an tsraith den scoth agus an leagan ISL seo a chruthú. Tá súil againn cur lenár mbailiúchán d’ábhar ISL amach anseo le hábhar do pháistí réamhscoile agus do pháistí atá sna luathbhlianta scoile freisin.”
 
Bhí Danú Media i mbun oibre freisin leis an gcarthanacht Chime, atá ag troid, ón mbliain 1964, ar son tacaíochtaí do gach duine i bpobal bodhar na hÉireann agus do dhaoine a bhfuil caillteanas éisteachta tarlaithe dóibh. Dar le Chime, “Is iontach an rud é go bhfuil Saol Ella ar fáil le Teanga Chomharthaíochta na hÉireann. Is í seo an chéad sraith dhrámaíochta Ghaeilge riamh a craoladh le ISL. Ní hamháin go dtabharfaidh sé seo misneach do na daoine óga atá bodhar a úsáideann ISL, ach cuideoidh sé le feasacht a ardú freisin i measc an daonra níos leithne agus chun sochaí níos ionchuimsithí a fhorbairt. Tá TG4/Cúla4 chun tosaigh ina leith sin anois agus tá súil againn go ndéanfaidh craoltóirí eile aithris orthu.”
 
Craolfar Saol Ella ISL gach seachtain ar Cúla4 ag tosú ar an 29 Feabhra (1pm). Beidh na cláir ar fad sa tsraith ar Sheinnteoir Cúla4 ón Déardaoin.
 
Coinnigh súil ar ardáin meán sóisialta TG4 agus Cúla4, agus ar chainéil shóisialta Saol Ella ar ndóigh, chun an t-eolas is déanaí a fháil.

 
 

Teagmháil do na Meáin:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: