Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Seacht n-ainmniúchán faighte ag cláracha TG4 ag Gradaim Fhéile na Meán Ceilteach 2024

07.03.24

Ainmníodh TG4 do sheacht ngradam ag Gradaim bhliantúla Barr Feabhais Torc Fhéile na Meán Ceilteach a fógraíodh inniu.

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duais-aicmí éagsúla faoi bhráid giúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús agus cuirtear an scoth astu ar ghearrliosta le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta. Beidh Féile na Meán Ceilteach ar siúl i gCaerdydd sa Bhreatain Bheag ón 4-6 Meitheamh i mbliana.

Is iad seo a leanas ainmniúcháin TG4:
 

Meanapás: Meon NuaFaisnéis Aonarach. Sa gclár faisnéise seo déanfaidh Gráinne Seoige iniúchadh ar mheanapás agus ar an gcaoi a gcaitear leis in Éirinn. Caithfidh sí súil ar na dúshláin a bhaineann leis agus buailfidh sí le mná timpeall na tíre le cluas a thabhairt dá gcuid scéalta. Mar chuid den chlár tabharfaidh Gráinne faoi fheachtas chun daoine a chur ar an eolas faoi chúrsaí meanapáis. Buailfidh sí le saineolaithe, polaiteoirí agus le mná na tíre chun an t-ábhar a phlé


Pic Gráinne Seoige – TG4
 

LyraGné-Fhaisnéis. Léargas ar shaol agus ar bhás an iriseora iniúchta Lyra McKee as Tuaisceart Éireann, inste trína cuid oibre féin. Léirithe ag Erica Starling Productions Ltd.


Pic: Lyra McKee
 

Faisnéis SpóirtMisneach-Alex Lee. Is múinteoir Gaeilge agus Tíreolaíochta i nGaillimh é Alex a chuir tús lena aistear lúthchleasaíochta in 2018. Le sé bliana anuas d’fhoghlaim sé conas siúl, conas rith agus conas rás ráibe a rith. Tugtar léargas sa chlár faisnéise seo ar shaol Alex agus faoin gcaoi ar éirigh leis a bheith ar an gcéad bladerunner in Éirinn. Is scéal é seo faoi bheith dianseasmhach, faoi mhisneach a bheith agat faoi dhuine nach raibh sásta géilleadh do rud ar bith. Léirithe ag Midas Productions.


Pic: Alex Lee
 

Reds na hÉireannStair. Clár faisnéise teilifíse ina scrúdaítear an cumannachas in Éirinn go dtí titim an Aontais Shóivéadaigh. Críochnóidh an clár le titim an Aontais Shóivéadaigh agus déanfar machnamh ar oidhreacht an chumannachais in Éirinn. Léirithe ag PushPull Media.


Pic: Reds na hÉireann
 

Fleadh Beo 2023Clár Ceoil Bheo. Bhí neart craic agus ceol ag teacht beo ó Mhuileann gCearr d’Fhleadh Cheoil na hÉireann 2023 agus bhí daoine mór le rá chomh maith le seaimpíní nua na hÉireann le feiceáil ceithre oíche i ndiaidh a chéile. Léirithe ag Power Pictures.


Pic: Láithreoirí Fleadh Beo
 

M’Ainm Mo ScéalCláir do Dhaoine Óga. Sraith do pháistí ina bhfiosróidh siad an chiall atá lena gcuid ainmneacha agus na scéalta a bhaineann leo. Léirithe ag Ronin Films.


 

Éire EileGearr-Fhoirm – Sraith faisnéise arna cur i láthair ag Cóilí Collins, nó Shampain mar is fearr aithne air, ina bhfiosraítear na fochultúir éagsúla a thaitníonn le dream óg na hÉireann. Léirithe ag Black Gate Productions (Tra Gheall Limited).


Pic: Cóilí Collins aka Shampain
 

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, “Tá ríméad ar TG4 seacht n-ainmniúchán a fháil ó Fhéile na Meán Ceilteach. Taispeánann na hainmniúcháin seo an raon clár atá ag TG4 atá léirithe ar ardchaighdeán don lucht féachana. Táimid ag tnúth go mór le féile na bliana seo i gCaredydd sa Bhreatain Bheag lenár gcomhghleacaithe chun an chuid is fearr de na Meáin Cheilteacha a cheiliúradh.”

 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: