Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Bliain iontach ab ea 2023 do TG4

agus an Sciar is Airde den Lucht Féachana ó 2009 Bainte Amach aige

12.01.24

 

Lucht Féachana TG4

Bhí 3.67 milliún duine, figiúr ollmhór ar ionann é agus 81% den daonra, ag féachaint ar TG4 ag pointe éigin in 2023. D’ardaigh an meánsciar lucht féachana don bhliain go dtí 2.09%, ardú ó 1.96% in 2022 – agus ba é sin an sciar ab airde mar sin ón mbliain 2009. Tháinig borradh freisin faoin lucht féachana ag príomhamanna féachana gur baineadh sciar 2.24% amach. Choinnigh TG4 greim ar a áit mar an 7ú cainéal is mó a féachadh air in Éirinn. Bhain an cainéal a bhuaicsciar lucht féachana amach ar an 13 Lúnasa, an lá céanna a raibh Cluiche Ceannais na Sinsear i bPeil na mBan agus babhta ceannais Fhleadh Cheoil 2023 ar siúl.
 
 

Na Cláir ba mhó Féachana agus ba mhó Éilimh ar TG4

Ba é Cluiche Ceannais Peile Allianz idir Gaillimh agus Maigh Eo ar an gclár GAA Beo buaicphointe chláir TG4 in 2023, agus ba é an clár sin clár ba mhó lucht féachana na bliana. Bhí 250,200 lucht féachana ar an meán ag an gcluiche, rud a bhain sciar ollmhór 32.84% den lucht féachana amach. Ní raibh an figiúr sin mórán chun tosaigh ar Chluiche Ceannais Sinsear na hÉireann TG4 i bPeil na mBan idir Áth Cliath agus Ciarraí a tháinig sa dara háit i rangú na bliana. Bhí 201,800 lucht féachana ar an meán nó sciar 26.47% ag an gcluiche inar bhfuair Áth Cliath an lámh in uachtar ar Chiarraí sa chluiche den scoth.
 

Bhí an-tóir arís dar ndóigh ar Daniel O’Donnell oícheanta Dé Máirt leis an gclár ‘Opry le Daniel ar Thuras’. Áiríodh Lisa McHugh, Johnny Brady, The Tumbling Paddies agus neart eile i measc a chuid aíonna. Bhí tóir freisin ar mhíreanna seachtainiúla ón seó ar na meáin shóisialta, míreanna ar féachadh 3.6M uair le chéile orthu ar Facebook.

Opry le Daniel ar Thuras – https://nasc.tg4.tv/Opry_le_Daniel_ar_Thuras
 

Cuireadh an scoth den cheol mar aon le neart míreanna spraoi ar fáil don lucht féachana le linn ‘Fleadh Cheoil 2023’ a craoladh beo ón Muileann gCearr. Chun cur leis an ócáid, chuir TG4 lena chláir ar an bhFleadh agus é ag craoladh ón Déardaoin an 10 Lúnasa go dtí Dé Domhnaigh an 13 Lúnasa. Chuir sin oíche bhreise de cheol bríomhar agus tarraingteach ar fáil do lucht féachana TG4 chun sásamh a bhaint as.

Fleadh Cheoil 2023 – https://nasc.tg4.tv/Fleadh-2023
 

D’fhill an dara sraith den tsraith ardéilimh ceoil thraidisiúnta ‘Scoil Samhraidh Willie Clancy’ ar an scáileán mar aon leis an fear taistil is fearr linn Hector Ó hEochagáin a bhí i mbun taiscéalaíochta an uair seo ó na hOileáin Fhilipíneacha ag dtí na hOileáin Sholaimh.

Scoil Samhraidh Willie Clancy – https://nasc.tg4.tv/Scoil-Samhraidh-Willie-Clancy-2

Hector: ó Philippines go dtí na Solomons – https://nasc.tg4.tv/Hector-Ó-na-Philippines-go-dtí-na-Solomons
 
 

Aimsir na Nollag / Mí na Nollag 2023 – Lá Caille ar TG4

Ba í mí na Nollag an mhí ba shuntasaí do TG4 i ndáil leis an sciar den lucht féachana, áit ar baineadh sciar 2.49% (nó 2.74% amach le linn buaicthráthanna féachana). Is díol suntais, agus b’éacht ollmhór é, gur ar Lá Nollag a bhain TG4 amach a sciar ab airde den lucht féachana, 808,400 duine. In ainneoin go mbíonn iomaíocht fhíochmhar ann le linn shaoire na Nollag, ní hamháin gur choinnigh TG4 a áit féin ach d’éirigh leis go deimhin an séú háit a bhaint amach maidir leis na cainéil a raibh an lucht féachana ba mhó acu le linn na Nollag. Baineadh an buaicphointe féachana amach le linn shaoire na Nollag nuair a craoladh Rugbaí Beo ar Lá Caille agus d’fhéach 104,100 duine ar an gcluiche idir Connachta agus Mumha, rud a d’fhág go raibh sé sin ar an gclár ba mhó féachana le linn thréimhse na Nollag.

Bhí an scannán ‘Die Hard’ agus an scannán clasaiceach Éireannach ‘Into the West’ i gcroílár shár-rogha na gclár ar TG4 le linn na saoire. Clár eile a sheas amach ná clár speisialta Lá Nollag, ‘Grace Kelly: Banphrionsa Mhaigh Eo,’ inar tugadh léargas ar shaol agus ar shaothar an aisteora arbh de bhunadh Mhaigh Eo í. Le linn an chláir ‘Inis Meáin: Idir Dhá Linn’ a craoladh ar an 28 Nollaig, tugadh léargas machnamhach ar imeacht ama ar an oileán. Díríodh freisin i rith na Nollag ar chás na timpeallachta sa chlár ‘Paddy na Meachain’ inár leagadh béim ar an troid atá ar bun chun beach dhúchasach na hÉireann a chosaint. Chun fáilte a chur leis an mbliain nua, chuir ‘Fáilte 2024’ arna chur i láthair ag Dáithí Ó Sé agus ag Doireann Ní Ghlacáin, tús féiltiúil leis an mbliain do lucht féachana TG4.
 
Grace Kelly: Banphrionsa Mhaigh Eo – https://nasc.tg4.tv/GraceKelly

Inis Meáin, Idir dhá linn – https://nasc.tg4.tv/InisMeáin-IdirDháLinn

Paddy Na Meachain – https://nasc.tg4.tv/Paddy-na-Meachain

Fáilte 2024 – https://nasc.tg4.tv/Fáilte2024
 
 

Cúla4

Bhí neart ábhar siamsaíochta ag Cúla4 do na leanaí le linn shéasúr na Nollag, scannáin Ghaeilge ina measc: Nollaig an Yeití, Ice Age: Dawn of the Dinosaurs, The Boss Baby, Moncaí Ríoga agus neart eile. Tá an cainéal Gaeilge do leanaí ag dul ó neart go neart ó seoladh é i mí Mheán Fhómhair seo caite agus is féidir féachaint air ar an teilifís nó ar fud an domhain ar Cula4.com.
 
 

Seinnteoir TG4 (TG4.ie)

Le bliain anuas baineadh éacht amach agus 3.5 milliún radharc tugtha ar Sheinnteoir TG4. Áirítear ábhar beo agus ar éileamh san fhigiúr sin agus is ionann é agus ardú 6% ón mbliain 2022. Ba é an cluiche URC idir Mumha agus Laighin ar an 25 Samhain an craoladh beo ba mhó a féachadh air ar an seinnteoir. Is díol suntais é go raibh na cláir ‘Laochra Gael,’ ‘Dennis Cahill – Litir ó do Chara,’ agus ‘Fleadh 2023,’ i measc na gcúig chlár VoD ba mhó a féachadh orthu ar an seinnteoir, rud a léirigh an t-ábhar éagsúil a bhfuil tóir air agus atá ar fáil chun féachaint air ar éileamh.
 
Dennis Cahill – Litir ó do Chara – https://nasc.tg4.tv/DennisCahill

Laochra Gael – https://nasc.tg4.tv/LaochraGael-21
 
 

Meáin Shóisialta TG4

Bhí tóir mhór ar ardáin meán sóisialta TG4 i rith 2023 le 77.7 radharc ar a chuid ábhair. Ceann de na huaireanta ba mhó a sheas amach ná an t-agallamh a rinneadh le Paul Mescal ag gradaim BAFTA 2023, agallamh a scaip go tréan ar an meáin shóisialta go deimhin. Bhí Mescal i mbun comhrá i nGaeilge le Caitlín Nic Aoidh, láithreoir TG4, agus thaitin an mhír go mór le daoine ar fud an domhain. Mheall an t-agallamh 2.1 milliún radharc ar ardáin meán sóisialta TG4 leo féin.

Paul Mescal – https://www.youtube.com/watch?v=3PbuYQR2gyI
 

Ar Oíche Ghradaim Oscar, bhí go leor tvuíteanna faoi ‘An Cailín Ciúin’ ar Twitter, rud a chuir cuntas TG4 chun cinn chun 3.2 milliún amharc a bhaint amach. Cuireadh le rath Cúla4 ar na meáin shóisialta nuair a féachadh níos mó ná 427.5 míle uair ar an bhfíseán corraitheach a bhí acu ar Instagram ó Aerfort Bhaile Átha Cliath le linn na Nollag. D’éirigh go hiontach le hábhar TG4 ar na meáin shóisialta, choinnigh siad i dteagmháil leis an lucht féachana agus chuir siad siamsaíocht ar fáil dóibh le linn 2023.

Cúla4 – https://www.instagram.com/p/C1JuDQ1MJzH/
 
 

Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4 “In 2023 chuaigh TG4 go dtí na Oscars leis ‘An Cailín Ciúin’ agus sheol muid cainéal nua do pháistí, ‘Cúla4’. Glacaim buíochas ó chroí le foireann TG4 agus leis an earnáil chruthaitheach Ghaeilge as a saothar i gcaitheamh 2023. Is léir go bhfuil an t-éileamh atá ag an lucht féachana ar ábhar TG4, ar gach ardán, ag fás bliain ar bhliain. Tá bliain an-tábhachtach roimh na meáin Ghaeilge in 2024 agus tá súil agam go bhfeicfidh an Rialtas agus Coimisiún na Meán go bhfuil infheistíocht sna meáin Ghaeilge, agus scála méadaithe sna meáin Ghaeilge, fiúntach, tairbheach agus riachtanach.”
 
Foinse: Nielsen / TAM Ireland
 
 

Teagmháil do na Meáin:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: