Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cuireann TG4 Fáilte Roimh Cheapúchán Chomhaltaí Nua ar Bhord TG4

20.03.24

Dheimhnigh Catherine Martin, TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, (Céadaoin 20 Márta 2024) ceapachán chomhaltaí nua ar Bhord TG4.
 
Agus í ag deimhniú na gceapachán, dúirt an tAire Martin:

“Ag cruinniú an Rialtais inniu, ceadaíodh ceapachán beirt comhaltaí nua ar Bhord RTÉ agus beirt ar Bhord TG4. Thar ceann an Rialtais, ba mhaith liom gach rath a ghuí ar an gceathrar comhaltaí nua agus iad ag tabhairt faoin ról tábhachtach seo le tacú le craoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn.”
 
Ceapadh Noreen O’Kelly agus Shirley Bradshaw ar Bhord RTÉ, agus is iad Muireann Ní Chíobháin agus Éamonn Ó hÁrgáin atá ceapaithe ar Bhord TG4.
 
Ag déanamh tagairt do na cepacháin ar Bhord TG4, dúirt an tAire Martin:

“Tá taithí leathan ag Muireann agus Éamonn beirth a chuirfidh le Bord TG4 agus iad ag tabhairt aghaidh ní hamháin ar ardchaighdeán ábhair a sholáthar don lucht féachana, ach freisin ar a ról i gcur chun cinn na Gaeilge mar theanga laethúil i measc an phobail.”
 

Nótaí d’Eagarthóirí
 
Déantar na ceapacháin ar Bhord TG4 de réir forálacha Roinn 81 den Acht Craolacháin, 2009.
 

Muireann Ní Chíobháin

Is scríbhneoir do phaistí (i mBéarla agus i nGaeilge), scríbhneoir scripte agus taibheoir í Muireann Ní Chíobháin. D’oibrigh sí le TG4 agus RTÉ, ina measc mar Eagarthóir Coimisiúnaithe do Dhaoine Óga (Cúla 4) ó Nollaig 2022 go Nollaig 2023. Scríobh sí agus rinne sí eagarthóireacht ar roinnt thograí teilifíse do phaistí ar RTÉ agus ar TG4. I measc a saothar mar údar tá: Gealach agus Grian (Samhain 2023); Wild Wonders (Samhain 2023); Murphy’s Law (O’Brien Press – 2022); Eoinín (Futa Fata Éire 2021, 2022); GIY’s Know-It-ALLmanac (GIY Books, Ireland 2019).
 

Éamonn Ó hÁrgáin

Is é Éamonn Ó hÁrgáin Uachtarán Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus d’oibrigh sé ar feadh 21 bliain le Foras na Gaeilge mar stiúrthóir agus mar rúnaí an bhoird le Bord na Gaeilge. Tá Éamonn mar chathaoirleach ar an gCoiste Comhairlicháin ar an nGaeilge le Comhairle Contae Chiarraí agus tá sé mar bhall den Choiste Monatóireachta na Gaeilge in An Garda Síochána.

 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: