Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Bhuaigh an scannán Gaeilge KNEECAP Gradam an Lucht Féachana ag an bhFéile Scannán Sundance

29.01.24


Pic: Rich Peppiatt, Jessica Reynolds, Liam Óg Ó Hannaidh, DJ Próvaí, Naoise Ó Cairealláin, Simone Kirby agus Fionnuala Flaherty

 

Bhuaigh an scannán Gaeilge KNEECAP Gradam an Lucht Féachana ag an bhFéile Scannán Sundance. Is é seo an chéad fhadscannán Éireannach a bhuaigh gradam ag an bhféile ó bhí an scannán ONCE le John Carney ann in 2007.
 
Ag labhairt dó faoin mbua, dúirt an scríbhneoir agus stiúrthóir KNEECAP, Rich Peppiatt: “Tá nath cainte ann i nGaeilge – Ní mhaireann solas na maidine don lá – rud a chiallaíonn nach maireann grian na maidine an lá ar fad. Bhuel, rinne an tseachtain iontach a bhí againn anseo ag Sundance scrúdú air sin – agus táimid ag baint sult as achan nóiméad de.”
 
Dúirt an banna ceoil Kneecap freisin: “Tá ríméad orainn go bhfuil a leithéid de ghradam bronnta ar an gcéad scannán Gaeilge ag Sundance. Tá súil againn go dtabharfaidh sé misneach do mhuintir na hÉireann tabhairt faoi na healaíona trína dteanga dhúchais.”
 
Tagann bua na ngradam go dlúth sna sála ar an bhféile, áit ar éirigh go han-mhaith leis an scannán. Ó taispeánadh den chéad uair é an tseachtain seo caite, tá KNEECAP, a bhí ar an gcéad scannán Gaeilge riamh a roghnaíodh don fhéile, ag fáil léirmheasanna iontacha ó léirmheastóirí agus ón lucht féachana araon. Chomh maith leis sin, d’éirigh leis an scannán margadh mór idirnáisiúnta le Sony Pictures Classics a dhéanamh le linn na féile agus tá an scannán anois le heisiúint i Meiriceá Thuaidh agus i margaí móra domhanda eile.
 

Deir Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4 gur léir gurb é “TG4 an craoltóir is fearr don scannán seo ‘Kneecap’ – scannán grinn, dána agus spleodrach, ar aor dorcha é ach a bhfuil scéal réadúil ann maidir le gníomhachas teanga. Is iontach an t-aitheantas é do scannánaíocht na Gaeilge agus mar a thaistealaíonn ár dteanga – go mbeidh scéal agus ceol Kneecap ag oscailt na féile scannán neamhspleách is mó ar domhan.”
 

In 1978 a bunaíodh Féile Scannán Sundance agus tá sí ar an fhéile is iomráití ar domhan ó thaobh na scannán neamhspleách de. Is é KNEECAP an chéad scannán riamh nár léiríodh i Meiriceá a roghnaíodh do rannóg NEXT na féile. De réir na féile féin, na saothair a roghnaítear faoin rannóg seo, is “saothair íona mhisniúla iad agus is sonraíoch an insint nuálach cheannródaíoch a chleachtar iontu”.
 

Seo an chéad scannán beo-aicsin ag an scríbhneoir-stiúrthóir Rich Peppiatt, fear a rinne an clár faisnéise aorach One Rogue Reporter a thug duaiseanna go leor leis. Mhaígh an LA Times gur banna iad Kneecap “a chuirfeadh laethanta luatha Eminem i gcuimhne do dhuine” agus tá na léirmheastóirí á moladh go barr bata as a meascán ealaíonta rap Gaeilge agus Béarla a thugann aghaidh ar an saol crua cadránta atá roimh an té a bhíonn ag fás aníos i mBéal Feirste i ndiaidh aimsir na dTrioblóidí. Eisíodh an singil ‘Better Way to Live’ leo an mhí seo caite, singil ina bhfuil Grian Chatten ag ceol, agus tá tnúth mór leis an chéad albam riamh uathu, a eiseofar go luath an bhliain seo chugainn.
 

Is iad Jack Tarling agus Trevor Birney, thar ceann Fine Point Films agus Mother Tongues Films, a léirigh KNEECAP, in éineacht le Patrick O’Neill ag Wildcard a bhí ag feidhmiú mar Chomhléiritheoir. Chuir na heagraíochtaí seo a leanas maoiniú ar fáil don scannán: Scáileán Thuaisceart Éireann, An Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Fís Éireann, BFI (a bhronn maoiniú ón Chrannchur Náisiúnta), Coimisiún na Meán agus TG4 agus thug Great Point Media tacaíocht dó chomh maith.
 
Is iad Wildcard agus Curzona a eiseoidh an scannán KNEECAP i bpictiúrlanna na hÉireann in 2024.
 
 

Teagmháil do na Meáin:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: