Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Comhpháirtíocht le CLG Liathróid Láimhe fógartha ag TG4

17.01.24


 

Is cúis áthais do TG4 a chomhpháirtíocht le CLG Liathróid Láimhe a fhógairt, an comhlacht rialaithe don liathróid láimhe in Éirinn. Tríd an gcomhoibriú iontach seo, beidh TG4 ag cur chun cinn agus ag taispeáint imeachtaí CLG Liathróid Láimhe ar a ardán digiteach, YouTube Spórt TG4.
 

Mar chuid den chomhpháirtíocht seo, déanfaidh YouTube Spórt TG4 sruthú beo ar 14 imeacht CLG Liathróid Láimhe sa bhliain 2024, lena n-áirítear, Craobh an Domhain sa Liathróid Balla agus Craobh an Domhain sa 4-Balla araon. Is féidir le daoine gur breá leo liathróid láimhe agus lucht leanúna spóirt araon sásamh a bhaint as na cluichí spreagúla ó na craobhacha domhanda seo agus iad suite go breá compordach sa bhaile. Cuirfear tús leis an gcéad cheann de na himeachtaí seo an deireadh seachtaine beag seo le Craobh an Domhain sa She’s ACE, Dé Sathairn, 20 Eanáir agus Dé Domhnaigh an 21 Eanáir beo ar YouTube Spórt TG4.
 

Chun freastal ar lucht féachana ilghnéitheach, cuirfidh TG4 na buaicphointí tarraingteacha freisin de na gráid oscailte/scothaicmí de Chraobh an Domhain sa Liathróid Balla agus Craobh an Domhain sa 4-Balla araon i láthair, a chinnteoidh go mbeidh ar chumas an lucht leanúna na buaicphointí is tarraingtí de na himeachtaí mór le rá seo a fheiceáil.
 

Lena thiomantas do CLG Liathróid Láimhe a dhaingniú tuilleadh, léireoidh TG4 Imeachtaí Náisiúnta CLG Liathróid Láimhe mar chuid dá chlúdach leathan CLG 2024 gach oíche Luain. Cuirfidh an clúdach leathan seo ardán níos leithne arís ar fáil don spórt agus tabharfaidh an deis don lucht leanúna ar fud na tíre scileanna agus tréine na n-imreoirí liathróid láimhe is fearr sa tír a fheiceáil.
 

Tá clár faisnéise uair an chloig á léiriú ag TG4 agus ag CLG Liathróid Láimhe maidir le 100 bliain den Liathróid Láimhe chun ceiliúradh a dhéanamh ar chéad bliain na heagraíochta. Craolfar an clár seo ar TG4 mar chuid de Sceideal an Fhómhair.
 

“Tá CLG Liathróid Láimhe thar a bheith sásta an chomhpháirtíocht chraoltóireachta seo le TG4 a fhógairt. Ciallóidh an comhaontú go mbeidh imeachtaí náisiúnta CLG Liathróid Láimhe á gcraoladh trí ardáin TG4 agus beidh clúdach breise ar bhuaicphointí ar Chlár Buaicphointí CLG TG4 oícheanta Dé Luain. Beidh clúdach eisiach de Chraobh an Domhain sa Liathróid Láimhe (Liathróid Balla agus 4-Balla) araon ar fud ardáin éagsúla TG4. Is forbairt mhór atá i gceist anseo don spórt agus cuideoidh sé leis an liathróid láimhe a thaispeáint do lucht féachana níos leithne. Is mian le CLG Liathróid Láimhe moladh ar leith a thabhairt do Rónán Ó Coisdealbha, Ceannaire Spóirt TG4 agus Shane Walsh, Spórt TG4, as an obair mhór atá curtha isteach acu chun an chomhpháirtíocht seo a fhorbairt.”David Britton, Ceannaire CLG Liathróid Láimhe.
 

“Tá CLG Liathróid Láimhe ríméadach a chloisteáil faoin gcomhaontú comhpháirtíochta seo le TG4 do 2024. Is mian liom buíochas a ghlacadh le TG4 agus le David Britton, Ceannasaí Liathróid Láimhe as a gcuid oibre agus rannpháirtíochta ar mhaithe leis an méid seo a bhaint amach. Is iontach an scéal é a chloisteáil go mbeidh liathróid láimhe, spórt nach raibh le feiceáil ar an teilifís le dhá bhliain déag anuas, le sruthú beo trí chainéal TG4 YouTube agus a bheidh le feiceáil ar Chlár Buaicphointí CLG TG4 oícheanta Dé Luain. Beidh Craobhacha an Domhain sa Liathróid Balla agus sa Liathróid 4-Balla, imeachtaí oscailte/scothaicmí araon á léiriú ar TG4 le linn dúinn a bheith ag ceiliúradh 100 bliain ar an bhfód.”Conor McDonnell, Uachtarán CLG Liathróid Láimhe.
 

Chomh maith le sruthú beo agus le cláracha buaicphointí, déanfar iarracht tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh leis an gcomhpháirtíocht seo ar CLG Liathróid Láimhe trí leathanaigh meán sóisialta Spórt TG4. Trí leas a bhaint as an méid lucht féachana a bhíonn ag faire ar an ardán seo, tá sé mar chuspóir ag TG4 agus ag CLG Liathróid Láimhe lucht leanúna nua a mhealladh, cur le rannpháirtíocht agus mar chuspóir deiridh cur le próifíl an spóirt.

 
 

Teagmháil do na Meáin:
Shane Walsh | Eagarthóir / Léiritheoir Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: