Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cluiche craobhchomórtais idir-leathsféir le taispeáint den chéad uair riamh ar TG4 nuair a thabharfaidh Cúige Mumhan aghaidh ar na Crusaders sa bhaile

30.01.24


 

Tá ríméad ar TG4 a fhógairt go mbeidh an cluiche cinniúnach a bhfuil an-súil leis idir Seaimpíní URC, Cúige Mumhan, agus Seaimpíní an Ardchomórtais Rugbaí (Super Rugby), Crusaders, á chraoladh acu beo ó Pháirc Uí Chaoimh. Is ag an imeacht stairiúil seo a chasfaidh buaiteoirí an Ardchomórtais Rugbaí agus an URC ar a chéile den chéad uair agus beidh an lucht leanúna in ann taitneamh a bhaint as an aicsean saor go haer ar TG4.
 
Beidh an cluiche den chéad scoth seo ar siúl Dé Sathairn an 3 Feabhra agus beidh daoine ar fud an domhain atá an-tugtha don rugbaí ag súil go mór leis. Tá mórtas ar TG4 an t-imeacht iontach seo a chur ar fáil go heisiach don lucht féachana ar fud an domhain, seachas an Nua-Shéalainn, ar Sheinnteoir TG4 agus ar Aip TG4. Gealltar go mbeidh an cluiche seo, nach raibh a leithéid ann riamh cheana, ina chluiche cinniúnach spleodrach idir dhá sheaimpín fhíochmhara a thaispeánfaidh an paisean, dúthracht agus scil dhodhearmadta atá ag na himreoirí don spórt.
 
Cuirfear tús le clúdach cuimsitheach TG4 idir Cúige Mumhan agus Crusaders ag 16:30 ar an 3 Feabhra. Is féidir leis an lucht féachana a bheith ag súil le hatmaisféar corraitheach agus saineolas nach bhfuil ar fáil in aon áit eile nuair a bheidh saineolaithe anailíse agus tráchtaireachta TG4 ag treorú an lucht féachana trí gach nóiméad spleodrach den chluiche cinniúnach seo.
 
Is éard a dúirt David Kavanagh, Ceannasaí Tráchtála Rugbaí na Mumhan, “Tá ríméad orainn go mbeidh an cluiche leis na Crusaders ar fáil beo ar an teilifís trastíre. Arís eile agus muid ag tabhairt aghaidh ar an bhfoireann mór le rá seo atá ag teacht anall, beidh an cluiche ar fáil le féachaint air i ngach teach agus áras ar fud na tíre agus níos faide ó bhaile. Is cúis áthais ar leith é freisin go mbeidh an cluiche ar TG4 ó tharla go bhfuil siad tugtha don URC agus do Rugbaí na Mumhan agus gur chuir siad clúdach iontach rugbaí ar fáil le blianta anuas. Dealraíonn sé gur imeacht iontach a bheidh ann!”
 
Is í Máire Treasa Ní Dhubhghaill in éineacht le Garry Mac Donncha, Eoghan Ó Neachtain agus Eamonn Molloy a chuirfidh Rugbaí Beo TG4 i láthair agus is iad Iris Productions atá i mbun léirithe. Bhí an comhlacht, atá bunaithe i nGaillimh, ar thús cadhnaíochta in iomaí nuálaíochtaí maidir leis an gclúdach rugbaí a chuir sé ar fáil roimhe seo do TG4, lena n-áirítear treorú na réiteoirí sa chúlra agus cúlmhonatóireacht fuaime a dhéanamh ar na cóitseálaithe agus ar na himreoirí. NEP Ireland a chuirfidh saoráidí OB ar fáil.
 
Cuireann TG4 fáilte roimh dhaoine atá tugtha don rugbaí, idir an lucht leanúna dílis agus an lucht féachana ócáideach araon, le bheith páirteach san aicsean chun féachaint ar an gcluiche mór le rá idir Seaimpíní URC, Cúige Mumhan agus Seaimpíní an Ardchomórtais Rugbaí, Crusaders. Dealraíonn sé gur ócáid stairiúil a bheidh sa teacht le chéile ollmhór seo i ndomhan an rugbaí agus fágfar tionchar buan, gan dabht, ar na daoine ar fad a bheidh ag féachaint air.
 
Is é Pinergy a dhéanfaidh urraíocht ar chlúdach beo TG4.

 
 

Teagmháil do na Meáin:
Shane Walsh | Eagarthóir / Léiritheoir Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: