Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Clúdach Cluichí Gaelacha TG4 an tEarrach seo

Ardán á thabhairt don Chuid is Fearr den Pheil Ghaelach, den Iománaíocht agus de Pheil na mBan

17.01.24


 

Tá TG4 ríméadach a sceideal fuinniúil de chlúdach Cluichí Gaelacha a fhógairt do shéasúr an earraigh atá romhainn. Le rogha iontach cluichí, lena n-áirítear, Sraithchomórtais Allianz, babhtaí ceannais AIB, Sraithchomórtais Lidl agus cluichí na gColáistí, Scoileanna agus Faoi-20 CLG, tá TG4 fós ina cheann scríbe ag lucht leanúna na gCluichí Gaelacha.
Ar an iomlán, taispeánfar 101 cluiche CLG Beo agus Peil na mBan Beo idir Eanáir agus Aibreán, 64 cluiche ar TG4 agus 37 cluiche ar líne. Beidh 15 cluiche beo de chuid Pheil na mBan Beo ó Shraithchomórtais Lidl á dtaispeáint, 11 cluiche ar TG4 agus 4 cluiche ar líne.
 

Sraitheanna Allianz

Ó mhíonna Eanáir agus an Aibreáin, beidh 42 cluiche de Shraithchomórtais Allianz, líon dochreidte, á gcraoladh ag TG4, a chinnteoidh nach mbeidh an lucht leanúna ag cailliúint amach ar oiread agus nóiméad amháin den aicsean idirchontae. Taispeánfar ceithre chluiche gach aon deireadh seachtaine, le cluiche beo amháin gach aon Satharn, dhá chluiche beo gach Domhnach agus an tríú cluiche beo ar Sheinnteoir TG4 agus ar Aip TG4, a bheidh le craoladh níos déanaí ar TG4.

Cuirfear tús le Sraithchomórtais Allianz le cluiche idir Áth Cliath agus Muineachán, Dé Sathairn an 28 Eanáir agus Gaillimh in aghaidh Mhaigh Eo, Tír Eoghain in aghaidh Ros Comáin agus Dún na nGall in aghaidh Chorcaí, Dé Domhnaigh an 29 Eanáir.

Ag teacht sna sála orthu sin tá an Iománaíocht i Sraithchomórtas Allianz le hÁth Cliath in aghaidh Thiobraid Árann, Dé Sathairn an 3 Feabhra agus an Clár i gcoinne Chorcaí Dé Domhnaigh an 4 Feabhra, chomh maith le dhá Chluiche eile ó Shraithchomórtas Allianz.

Tá Sár-Chluichí an tSathairn agus Sár-Chluichí an Domhnaigh, a bhfuil tóir mhór orthu, ag filleadh leis an mbabhta deiridh de Shraithchomórtas Peile Allianz, ina bhfuil an fhaisnéis is deireanaí ó na babhtaí deiridh go léir i gcluichí Roinn 1 agus Roinn 2 a bheidh á gcraoladh ag an am céanna ar GAA Beo ar an 23 agus 24 Márta.
 

Cluichí Ceannais Clubanna AIB

Aon tseachtain amháin roimh Shraithchomórtais Allianz, an 21 Eanáir, beidh súile gach duine ar TG4 agus an lucht féachana ar fud na tíre faoi gheasa ag Cluichí Ceannais Clubanna AIB. Tabharfaidh Gaeil Uí Lochlainn (Cill Chainnigh) aghaidh ar Naomh Tomás (Gaillimh) sa Chluiche Ceannais Iomána sula dtugann An Gleann (Doire) agus Naomh Bríd (Ros Comáin) aghaidh ar a chéile sa chluiche cinniúnach peile.
 

CLG na gColáistí, Scoileanna agus Faoi 20

Chomh maith le Sraithchomórtais Peile Allianz agus Cluichí Ceannais Clubanna AIB, beidh sceideal spreagúil CLG na gColáistí, na Scoileanna agus na gCluichí Faoi 20 á gcraoladh ag TG4 don lucht féachana ar feadh an earraigh. Áirítear anseo, raon comórtais ó Chluichí Ceannais Chorn Mhic Giobúin agus Sigerson i mí Feabhra, coirn an Chrócaigh agus Uí Ógáin sa Mhárta agus Craobhchomórtais Faoi 20 san Aibreán. Tá liosta iomlán de Chlár Cluichí CLG ar TG4 an tEarrach seo le fáil thíos.
 

Sraithchomórtais Lidl

Cuirfear tús leis an gclúdach ar Shraithchomórtais Lidl Pheil na mBan Beo Dé Sathairn an 20 Eanáir le cluiche mór idir Áth Cliath agus Ciarraí, athimirt de Chraobhchomórtas Uile-Éireann TG4 na bliana seo caite. Leanfar é sin le clúdach de gach babhta de na 7 mbabhta i Roinn 1, chomh maith le Cluichí Ceannais gach ceann de na ceithre roinn a gcraoladh beo. Tá liosta iomlán de Chlár Cluichí Shraithchomórtas Lidl le fáil thíos.
 

Bí páirteach sa Chomhrá @SportTG4

Bí ag caint le pobal CLG ar na meáin shóisialta, beidh gearrthóga beo agus tráchtaireacht ó na cluichí go léir atá thuas á roinnt @SportTG4 ar Twitter / X, chomh maith leis na buaicphointí a bheith ar Instagram agus Facebook. Tabhair do chuid tuairimí, tuartha agus na buaicphointí ab fhearr leat de réir mar a bheidh TG4 ag tabhairt buaicphointí CLG chuig scáileáin ar fud na tíre.
 

Nemeton TV i nGaeltachta na Rinne in Iarthar Phort Láirge a léiríonn GAA Beo agus Peil na mBan Beo. Is iad Micheál Ó Domhnaill agus Máire Ní Bhraonáin faoi seach, a chuirfidh na sraitheanna i láthair, le foireann tráchtaireachta faoi stiúir Brian Tyers, agus tá breis is 60 anailísí nach féidir a dtaithí a shárú ar thús cadhnaíochta an chluiche.

 
 

Teagmháil do na Meáin:
Shane Walsh | Eagarthóir / Léiritheoir Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: