Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Ceithre ainmniúchán faighte ag TG4 do Ghradaim Theilifíse RTS 2024

27.02.24

Ceithre cinn d’ainmniúcháin ar fad a fuair cláir de chuid TG4 do Ghradaim Theilifíse RTS. Tugann na gradaim aitheantas do bharr feabhais agus gaiscí in earnáil teilifíse na hÉireann.
 

Ainmníodh na cláir seo de chuid TG4:

Cúrsaí Reatha – Céad Míle Fáilte, Clean State Television (TG4)

Clár Fíorasach Aonair – Inis Meáin, Idir Dhá Linn, Aniar (TG4)

Spórt – Gaiscí GPA i Kenya, Nemeton TV (TG4)

Spórt – Misneach – Alex Lee, Midas Productions (TG4)
 

Deir Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir agus ionadaí TG4 ar Ghradaim RTS “Déanaim comhghairdeas leis na léiritheoirí a fuair ainmniúchán do Ghradaim RTS i mbliana. Tá borradh faoi léiriúcháin teilifíse in Éirinn agus léiríonn na hainmniúcháin go bhfuil ábhar Gaeilge i lár an aonaigh. Treise leo.”
 

Fógrófar na buaiteoirí tráthnóna Dé Máirt an 19 Márta ag ócáid in Amharclann Halla na Saoirse i mBaile Átha Cliath. Is féidir ticéid don ócáid a fháil anseo:
https://rts.org.uk/event/rts-ireland-television-awards-2024
 
 

Iniúchadh TG4 – Céad Míle Fáilte

Déanfaidh an t-iriseoir Kevin Magee iniúchadh ar agóidí in aghaidh inimirce ar fud na hÉireann le déanaí agus ar an ról atá ag roinnt gníomhaithe ón ngluaiseacht in aghaidh inimirce atá ag cuidiú leis na hagóidí a chur chun cinn. Déantar plé sa chlár freisin faoin méid eolais mhíchruinn atá ann maidir le hinimirce agus iarrthóirí tearmainn in Éirinn.


 
 

Misneach – Alex Lee

Is múinteoir Gaeilge agus Tíreolaíochta i nGaillimh é Alex a chuir tús lena aistear lúthchleasaíochta in 2018. Le sé bliana anuas d’fhoghlaim sé conas siúl, conas rith agus conas rás ráibe a rith. Tugtar léargas sa chlár faisnéise seo ar shaol Alex agus faoin gcaoi ar éirigh leis a bheith ar an gcéad bladerunner in Éirinn. Is scéal é seo faoi bheith dianseasmhach, faoi mhisneach a bheith agat faoi dhuine nach raibh sásta géilleadh do rud ar bith.

https://nasc.tg4.tv/Misneach-Alex_Lee
 
 

Inis Meáin Idir Dhá Linn

Clár faisnéise mealltach é ‘Inis Meáin: Idir Dhá Linn’ a thabharfaidh an lucht féachana ar aistear chuig oileán cianda agus a thabharfaidh léargas ar an saol ar an oileán mar a bhí, mar atá agus mar a bheidh. 50 bliain ó shin thug Chris Rodmell, grianghrafadóir óg as Sasana, cuairt ar an oileán agus ghlac sé grianghraif de shaol a bhí ar tí athrú. Fillfidh sé anois arís chun léargas a fháil ar shaol an lae inniu, chun bualadh le pobal bríomhar an oileáin – idir mhuintir na háite, dhaoine atá tagtha chun cónaithe ann agus chuairteoirí.

https://nasc.tg4.tv/InisMeáin-IdirDháLinn
 
 

Gaiscí GPA i Kenya

Clár faoin turas a rinne 50 imreoir CLG go dtí an Chéinia chun milliún crann a chur. Taispeánfar na himreoirí agus iad ag cur eolas ar chultúr na Céinia agus an saol nua seo mórthimpeall orthu. Ba ar mhaithe le Self Help Africa a rinne siad an turas agus leis an bhfeachtas Help Us Plant 1 Million Trees i gcomhar leis an GPA.

https://nasc.tg4.tv/Gaiscí_GPA_i_Kenya

 
 

Teagmháil do na Meáin:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: