Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

An onóir is airde i gCeol Traidisiúnta na hÉireann le bronnadh ar an mboscadóir as Luimneach, Derek Hickey

Buaiteoirí sheacht ngradam Ghradam Ceoil TG4 2024 fógartha inniu

26.03.24


Pic: Derek Hickey
 
Fógraíodh buaiteoirí ar fheabhas na bliana seo le linn ceolchoirm speisialta am lóin i nDámh Chruinne Éireann Ollscoil Luimnigh.
 
Tá Gradam Ceoil TG4, atá 27 mbliana ar an bhfód anois, fós ag tabhairt aitheantais don scoth taibhiúcháin agus don tionchar cultúir i seacht gcatagóir agus ag déanamh ceiliúradh orthu.
Is am tábhachtach é fógairt na ngradam bliantúil i bhféilire an cheoil thraidisiúnta, ní hamháin chun aitheantas a thabhairt don mhéid atá bainte amach ag an seachtar buaiteoirí ach chun ceiliúradh a dhéanamh ar na ceoltóirí sármhaithe atá againn sa tír seo. Is léiriú ar an mbeogacht, éagsúlacht agus obair mhór den scoth atá á déanamh iad na buaiteoirí chun a chinntiú go leantar dár dtraidisiún a fhorbairt ar bhealach chomh healaíonta agus an caighdeán is airde a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.
 
(Tá beathaisnéisí iomlána thíos)

GRADAM CEOIL TG4 2024 – DEREK HICKEY

AMHRÁNAÍ TG4 2024 – EOGHAN Ó CEANNABHÁIN

CEOLTÓIR ÓG TG4 2024 – MACDARA Ó FAOLÁIN

GRADAM SAOIL TG4 2024 – JEAN BUTLER

CUMADÓIR TG4 2024 – RYAN MOLLOY

GRÚPA CEOIL TG4 2024 – THE KANE SISTERS

GRADAM COMAOINE TG4 2024 – CAIRDEAS NA bhFIDILÉIRÍ
 
Tugann Gradam Ceoil TG4, a bunaíodh in 1998, aitheantas ní hamháin do cheird na mbuaiteoirí ach féachtar freisin le borradh a chur faoi rath na mbuaiteoirí agus a gcuid ceoil, amhrán agus damhsa a chur ar fáil do lucht spéise ar fud an domhain trí chraoltaí ar ardáin TG4. Is painéal neamhspleách a thugann faoin bpróiseas roghnúcháin do Ghradam Ceoil TG4. Is iar-bhuaiteoirí iad roinnt de bhaill an phainéil agus bíonn siad go léir ag seinm nó ag obair laistigh den traidisiún.
 

Is éard a dúirt Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, “Tá ríméad ar TG4 go bhfuil an deis seo aige chun aitheantas a thabhairt do na daoine cumasacha seo laistigh dár dtraidisiún. Is comhartha buíochas é an Gradam uainne do na hoirfidigh go léir seo a bhíonn le feiceáil inár gcuid cláracha ceoil thraidisiúnta seachtain i ndiaidh seachtaine. Tá ríméad orainn go bhfuilimid ábalta cuidiú leo a gceoil ceoil a chur ar fáil do lucht féachana domhanda trí chraoladh beo Ghradam Ceoil 2024 ar ardáin chraolacháin TG4. Déanaimid comhghairdeas leis na faighteoirí uilig.
 

Beidh ceolchoirm Ghradam Ceoil TG4 na bliana seo ar siúl i gCeoláras na hOllscoile i Luimneach Dé Domhnaigh an 5 Bealtaine. Craoltar an Gradam Ceoil beo ar TG4 agus ar fud na cruinne ar Sheinnteoir TG4 agus beidh aíonna speisialta éagsúla ceoil agus bronntóirí na ngradam i dteannta na bhfaighteoirí d’oíche bhríomhar cheoil, spraoi agus shiamsaíochta.
Craolfar an cheolchoirm cheiliúrtha agus searmanas na ngradam beo ar TG4 agus ar TG4.ie ó Cheoláras na hOllscoile i Luimneach ag 9:30pm ar an 5 Bealtaine.
 
Is féidir ticéid a fháil ar www.uch.ie
 
 

BEATHAISNÉISÍ

GRADAM CEOIL TG4 2024 – DEREK HICKEY
Is ó Áth Dara i gContae Luimnigh é Derek Hickey. Bíodh an fhidil á seinm ag a sheanaithreacha agus chuir sé tús le gairm bheatha an cheoil agus gan é ach deich mbliana d’aois, nuair a d’fhág uncail leis a bhosca ceoil ina dhiaidh i dteach cónaithe an teaghlaigh. Lean Derek ar aghaidh agus bhí sé ag seinm poirt damhsa laistigh de chúpla seachtain cé nár chuir sé tús le ranganna – faoi stiúir Dónal de Barra – go dtí go raibh sé dhá bhliain déag d’aois. Chuir sé tús lena ghairm bheatha ar bhonn gairmiúil nuair a chuaigh sé le Banna Céilí Chois na Sionainne a bhunaigh teaghlach Liddy. Théadh an banna ar camchuairteanna ar Shasana agus ar fud na hEorpa.

Sa bhliain 1991, d’iarr Frankie Gavin ar Derek dul i bpáirt leis do na seisiúin rialta a bhíodh san óstán a bhíodh ar léas aige an uair sin i gCinn Mhara, Contae na Gaillimhe. Bliain ina dhiaidh sin agus gan é ach ocht mbliana déag d’aois, chuaigh Derek le Arcady, banna Johnny ‘Ringo’ McDonagh in éineacht le Frances Black, Brendan Larrisey agus Patsy Broderick. Áirítear ar aoicheoltóirí eile a bhí sa bhanna, Sharon Shannon, Cathal Hayden agus Gerry O’Connor.

Sa bhliain 1995, chuaigh Derek le De Dannan, rinne siad taifeadadh ar dhá albam chomh maith lena bheith ag taistil go dtí gur scoir an banna ceoil sa bhliain 2003. Tá Derek ina theagascóir bosca cnaipí ar chúrsa BA sa Cheol agus sa Damhsa Gaelach i nDámh Chruinne Éireann Rince agus Ceoil in Ollscoil Luimnigh. Thug Derek taispeántas sa bhliain 2023 sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath mar chuid den tríú sraith de ‘Drawing from the Well’ de chuid Thaisce Cheol Dúchais Éireann. Tá Derek aitheanta i bhfad agus i ngearr mar dhuine de na ceoltóirí Éireannacha is mó le rá agus is mó a bhfuil tionchar aige mar bhoscadóir agus mheas a chomhcheoltóir, Dermot Byrne, go raibh a albam sa bhliain 2022 thar barr ar fad, “taifeadadh sárchliste” a thug sé air.
 

AMHRÁNAÍ TG4 2024 – EOGHAN Ó CEANNABHÁIN
Is amhránaí, cumadóir amhrán agus ceoltóir il-uirlise é Eoghan Ó Ceannabháin atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Tá a chuid fréamhacha ceoil sa sean-nós, i stíl a athar, Peadar agus d’fhás sé suas ag éisteacht le hamhránaithe amhail Sorcha Ní Ghuairim, Seán Mac Dhonncha agus Colm Ó Caoidheáin i measc maithe eile an traidisiúin. Tá sé faoi thionchar freisin ag amhránaithe tíre i dtraidisiún an Bhéarla, ar nós, Liam Weldon, Luke Kelly, Anne Briggs, Margaret Barry agus Thomas McCarthy.

Tá Eoghan ina bhall den bhanna Skipper’s Alley. D’oibrigh sé le Mary Ann Kennedy ó Albain agus le Ruth Keggin ó Oileán Mhanann ar a n-albam Aon Teanga: Un Chengey (2015). Bhí Eoghan ag ceol in éineacht leis an mbanna tíre/leictreonaice, Jiggy, agus tá sé le cloisteáil ar an dá albam, Translate (2017) agus Hypernova (2020). Bíonn sé i mbun comhoibrithe leis an bhfidléara agus an vióladóir ó Chontae an Chláir, Ultan O’Brien, agus bhain a gcéad albam, Solas an Lae, an t-albam is fearr amach ar Ghradaim Ceoil Tíre RTÉ sa bhliain 2021.
Le blianta beag anuas, tá Eoghan tagtha chun cinn mar cheoltóir aonair agus mar chumadóir amhrán. Cuireann a chuid amhrán – atá scríofa i mBéarla agus i nGaeilge araon – lena bhunús sean-nóis ach tugann sé isteach liricí ionraice ó thionchar ceoil eile le fuaim shaibhir, chomhaimseartha a chruthú. Tugadh amach a chéad albam aonair, ‘The Deepest Breath’ i mí na Samhna 2022, a bhain athbhreithniú ceithre réalta amach san Irish Times, Songlines agus Hot Press.
“Tá bua na cruthaitheachta ag Eoghan atá inchurtha le roinnt de chumadóirí amhrán móra na tíre seo. Is cruthúnas agus teistiméireacht den mhéid sin iad na liricí atá ar an Deepest Breath. Focail chumhachta dochreidte, atá cosúil le hamhráin Liam Weldon atá imithe ar shlí na fírinne, agus is leis an lucht oibre iad agus déanann siad ionadaíocht ar an lucht oibre…” – Myles O’Reilly
“…a luaithe a chloisfidh tú a ghlór, is beag seans go ndéanfaidh tú dearmad air” – Folk Radio na Ríochta Aontaithe
 

CEOLTÓIR ÓG TG4 2024 – MACDARA Ó FAOLÁIN
Is ceoltóir il-uirlise agus déantóir uirlisí é Macdara Ó Faoláin ón Rinn, Contae Phort Láirge. Thosaigh sé ag foghlaim ar an bhfeadóg stáin agus ar an bhfidil agus é cúig bliana d’aois ach chuaigh sé ar aghaidh go dtí an maindilín tar éis dó a theacht trasna ar cheol Andy Irvine agus Planxty a chuir faoi gheasa é, faoi theagasc Peter O’Connor. Fuair sé basúcaí mar bhronntanas Nollag nuair a bhí sé ocht mbliana d’aois agus is gearr go raibh sé mar phríomhuirlis ag Macdara, fuair sé ceachtanna ó Sheán Ó Fearghail. Bhí Macdara ag ceol agus ag taifeadadh le roinnt de na ceoltóirí is mó le rá i gceol traidisiúnta na hÉireann, lena n-áirítear, Derek Hickey, The Friel Sisters, Nell Ní Chróinín, Cormac McCarthy, Victoria Adiiye agus Muireann Nic Amhlaoibh. Tagann an saineolas ar leith atá ag Macdara ar armóin agus ar theicníc uirlise le chéile lena stíl uathúil féin a chruthú le tionlacan an bhasúcaí.

Bhí spéis mhór ag Macdara san adhmadóireacht ó bhí sé an-óg agus idir an méid sin agus an bhaint a bhí aige le huirlisí agus le casadh ceoil fuair sé bronntanas uirliseoireachta do leanaí óna thuismitheoirí. Rinne Macdara, agus é 14 bliana d’aois, a chéad uirlis – ucailéile – mar chuid de chlár an Teastais Shóisearaigh.
Is déantóir gairmiúil téaduirlisí é Macdara anois agus uirlisí stiallóige den scoth á gcruthú aige – basúcaithe agus maindilíní go príomha – do chliaint idirnáisiúnta óna stiúideo sa tSeanphobal gar do theach an teaghlaigh sa Rinn. Tá sé ar dhuine de lucht bunaithe an ghrúpa Nuadán in éineacht lena dheartháireacha Cárthach agus Pax, agus tá taifeadadh déanta aige ar dhá albam in éineacht leis an mbeirt freisin, “Lá Laindí Lugha” agus “Dén Díobháil”. Tá Macdara ag leanúint ar aghaidh lena ghairm cheoil agus thug sé céim onóracha chun críche le gairid i Scoil Cheoil Chorcaigh.
 

GRADAM SAOIL TG4 2024 – JEAN BUTLER
Tá an damhsóir, an cóiréagrafaí agus Stiúrthóir Ealaíne Our Steps, Jean Butler, mar dhuine mór le rá i saol an damhsa chomhaimseartha Ghaelaigh. Rinneadh an chéad léiriúchán ar an saothar is deireanaí léi, saothar promanáide, suíomh-oiriúnaithe dar teideal ‘What We Hold’ ag Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath i Nua-Eabhrac i mí Dheireadh Fómhair, 2022, agus fuair an saothar moladh mór. Cuireadh ‘What We Hold’ os comhair phobal Mheiriceá Thuaidh den chéad uair i bhFeabhra 2024 san Irish Arts Center agus díoladh amach gach ceann den 30 seó. Thacaigh agus léirigh an Chomhairle Ealaíon, Amharclann na Mainistreach (Baile Átha Cliath), Ionad Ealaíon Baryshnikov (Nua-Eabhrac) Tionscadal Danspace (Nua-Eabhrac) Féile Rince Bhaile Átha Cliath, Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath, Ionad Ealaíon na hÉireann (Nua-Eabhrac), Jacobs Pillow (MA), The Joyce (Nua-Eabhrac), Kennedy Center (D.C.), Project Arts Centre (Baile Átha Cliath), agus an Seamus Heaney Homeplace (Tuaisceart Éireann) saothair a bhí curtha i gcrích aici roimhe seo agus faoi láthair.

Sa bhliain 2018, bhunaigh Jean Butler Our Steps, eagraíocht sheachbhrabúsach a bhí tiomanta do leathnú a chur ar an mbealach a dtugaimid stair, cleachtas agus léiriú damhsa Ghaelaigh chun cuimhne. I gcomhpháirtíocht leis an Jerome Robbins Dance Division ó Leabharlann Phoiblí Nua-Eabhrac, chuir Our Steps tús le Our Steps, Our Story: An Irish Dance Legacy Archive.’ Go dtí seo, tá os cionn 200 uair an chloig d’acmhainní físeáin agus fuaime nach bhfacthas riamh cheana cruthaithe ag an gcartlann seo atá ag leathnú de shíor, damhsa aonair agus damhsa seit agus stairsheanchas a chlúdaíonn seachtó bliain den stair ó Éirinn, Sasana, Albain, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ceanada.

Bhí Jean Butler i mbun teagaisc in Ollscoil Princeton, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, in Ionad Domhanda Ollscoil Notre Dame, Dámh Chruinne Éireann Rince agus Ceoil, Ollscoil Luimnigh agus an Glucksman Ireland House, NYU. Chuir sí tús lena gairm i mbun taibhithe i Nua-Eabhrac i Greenfields of American le Mick Moloney. Chaith Jean sé bliana ar camchuairt leis The Chieftains sular thug sí faoi chóiréagrafaíocht a dhéanamh sna bunléirithe damhsa Ghaelaigh Riverdance agus Dancing on Dangerous Ground mar aon le bheith ag damhsa iontu. Is iomaí gradam agus onóir mór le rá atá bronnta uirthi.

Is iníon í Jean le Josephine Byrne Butler, ó Bhéal Átha hAmhnais, Contae Mhaigh Eo agus scoláire de chuid an mháistir damhsa, Donny Golden atá lonnaithe i Nua-Eabhrac.
 

CUMADÓIR TG4 2024 – RYAN MOLLOY
Is cumadóir agus ceoltóir é Ryan Molloy as Pomeroy, Contae Thír Eoghain, atá ina chónaí i gCill Dara faoi láthair. Tá taifeadadh déanta aige ar bhreis is tríocha albam agus clúdaíonn a repertoire líon seánraí ó cheol traidisiúnta na hÉireann go ceol clasaiceach comhaimseartha. D’oibrigh Ryan le líon ceoltóirí a bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach acu, ar nós, Fergal Scahill, Seán Óg Graham, Paddy Glackin, Iarla Ó Lionáird, North Cregg, Barry Kerr, Danish String Quartet, Ceolfhoireann Uladh, agus Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann, i measc go leor eile.
Tá breis is caoga saothar scríofa aige agus tá siad sin curtha i láthair lucht féachana ar fud ceithre ilchríoch le fiche bliain anuas, chomh maith le bheith le feiceáil go rialta i gcraoltaí náisiúnta agus idirnáisiúnta teilifíse agus raidió (lena n-áirítear, BBC, RTÉ, TG4 agus RnaG). Mar chumadóir, tá ionadaíocht déanta ag Ryan thar ceann na hÉireann ag féilte World New Music Days an ISCM mór le rá i Hong Cong (2015), Vancouver (2017) agus in Auckland/Christchurch (2022).
Bhí pianophony a tugadh amach sa bhliain 2019, ar an gcéad taifeadadh aonair de chuid Ryan agus fuair sé ardmholadh ó na léirmheastóirí mar ‘phíosa tábhachtach ceoil’ i gcur i láthair traidisiúnta pianó, agus bhain siad amach dhá ainmniúchán Glór Tíre dó ar RTÉ Radio 1 RTÉ sna blianta 2020 agus 2021. Tugadh amach CD ceoil nua, Tempered, an bhliain sin freisin, don phíb uilleann agus don phianó, chomh maith le ceirnín leathfhada digiteach ar a raibh ciogal amhrán 30 nóiméad, Buaine na Gaoithe a bhí á chur i láthair ag an lucht coimisiúnaithe, Damselfly Trio. I láthair na huaire tá Ryan ina Ollamh Comhlach sa chumadóireacht in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad. Tuairiscítear freisin go bhfuil an fhidil i measc a chuid uirlisí ceoil.
 

GRÚPA CEOIL TG4 2024 – THE KANE SISTERS
Is as Tuaisceart Chonamara Liz agus Yvonne Kane, ar a dtugtar na Deirfiúracha Kane, ceoltóirí agus oideoirí a bhfuil ardmheas orthu. Rugadh na Deirfiúracha Kane i Leitir Fraic agus fuair siad a gcuid oideachais i Scoil Mhainistir na Coille Móire. Is í an ceoltóir den scoth agus múinteoir ceoil as Sligeach, Mary Finn agus a seanathair, Jimmy Mullen, a mhúin an ceol dóibh.

Bhí Liz agus Yvonne, ó bhí siad an-óg, faoi thionchar mór ag ceol traidisiúnta Shligigh agus Oirthear na Gaillimhe, go háirithe, ceol an chumadóra den scoth agus a raibh an fhidil á seinm aige freisin, Paddy Fahey. Bhain Liz agus Yvonne cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta amach den chéad uair le linn na tréimhse trí bliana a raibh siad ar camchuairt leis an mboscadóir, Sharon Shannon, mar chomhaltaí dá banna ceoil, na Woodchoppers. Thaistil siad ar fud an domhain le Sharon Shannon agus tá siad ar roinnt de na ceoltóirí atá le cloisteáil ar albam Sharon ‘The Diamond Mountain Sessions’.

Tar éis na tréimhse seo ar camchuairt le Sharon Shannon, rinne siad cinneadh bualadh faoin gceol astu féin agus rinne siad taifeadadh ar a gcéad albam sa bhliain 2002, dar teideal ‘The Well Tempered Bow’. Chuaigh na Deirfiúracha Kane ar camchuairt in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe tar éis dóibh a gcéad albam a thabhairt amach agus lean siad leis sin agus thug siad amach an dara halbam ‘Under the Diamond’ sa bhliain 2004 agus an tríú halbam sa bhliain 2010 ar a dtugtar ‘Side by side’. Sa bhliain 2022, thug siad amach an cheathrú halbam ‘In Memory of Paddy Fahey’, albam ar a raibh cúig cinn déag (15) de phoirt a chum Paddy Fahey chomh maith le roinnt poirt nua ó Liz agus Yvonne. Tá sceideal daingean teagaisc ag na deirfiúracha, atá lonnaithe i Leitir Fraic, le líon mór daoine atá ag iarraidh an fhidil a fhoghlaim, go háitiúil agus go fíorúil araon.
 

GRADAM COMAOINE TG4 2024 – CAIRDEAS NA bhFIDILÉIRÍ
Bunaíodh an eagraíocht seo i dtús na 1980idí chun tacú le ceird na fidléireachta a chur chun cinn i dtraidisiún Dhún na nGall. Tá sé mar mhisean croíláir ag an eagraíocht faoi stiúir an cheoltóra/an taighdeora agus an údair, Caoimhín MacAoidh agus an déantóir fidle, Rab Cherry, an fhidléireacht i nDún na nGall a neartú ón bhonn aníos agus caighdeáin a fheabhsú, rannpháirtíocht a chur chun cinn i ngach gné de cheol fidle Dhún na nGall agus tarchur stíl agus repertoire Dhún na nGall a spreagadh. Áirítear ar phríomhimeachtaí na heagraíochta, Scoil Samhraidh Fidléirí Dhún na nGall bhliantúil i nGleann Cholm Cille agus Cruinniú Fhidléirí Dhún na nGall Dheireadh Fómhair sna Gleannta. Tá bailiúchán saothair suntasach taifeadtaí le fidléirí eisithe ag Cairdeas na bhFidléirí, ón am atá caite agus ón am i láthair araon agus comhroinneann saibhreas eolais maidir le stíleanna fidléireachta agus an stair agus an béaloideas a bhaineann leis an gceird ar a láithreán gréasáin, dongealfiddlemusic.ie. Cuirtear sraith ceachtanna fidle ar fáil ar an láithreán gréasáin seo freisin le fidléirí comhaimseartha Dhún na nGall chomh maith leis an tionscadal uathúil, Tírdhreach Ceoil, cartagrafaíocht maidir leis na fidléirí agus lena gcuid scéalta ar fud an chontae.
Tá lorg buan fágtha ag an iarracht ollmhór atá déanta ag Cairdeas na bhFidléirí ó thaobh an traidisiún áitiúil a chaomhnú agus pobal ceoil bríomhar a chothú i nDún na nGall agus níos faide ó bhaile ná Dún na nGall. Tá a thionchar le brath ar gach fidléara sa chontae, ó dhaoine cáiliúla amhail Tommy Peoples go fidléirí comhaimseartha amhail Mairéad Ní Mhaonaigh, agus réaltaí atá ag teacht chun cinn amhail Megan Nic Fhionnghaile. Tá an ghlúin éagsúil agus fuinniúil d’fhidléirí comhaimseartha ar fud Dhún na nGall mar theistiméireacht ar thionchar ollmhór maidir leis an méid atá bainte amach ag an eagraíocht seo.
Feidhmíonn Cairdeas na bhFidléirí mar eagraíocht dheonach sheachbhrabúsach agus déantar aon ioncam a chruthaítear a infheistiú go díreach in imeachtaí, cláir, foilseacháin, tionscadail agus tacaíocht do cheoltóirí na heagraíochta. Tugann an Chomhairle Ealaíon tacaíocht do mhisean na heagraíochta a chuireann tacaíocht airgid ar fáil atá ríthábhachtach don obair seo.

 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Linda Ní Ghríofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie
Ellie Byrne PR | elliebyrnepr@gmail.com


Cuir aithne orainn: