Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Ardú ar an Úsáid a Bhaintear as Deiseanna Meán Cumarsáide Físe sa Seomra Ranga: Taighde Nua

“Léirítear san obair taighde a rinne TG4 go bhfuil ardú ar an úsáid a bhaintear as Deiseanna Meán Cumarsáide Físe sa Seomra Ranga: Tá múinteoirí ag úsáid TG4/Cúla4 ar mhaithe le Taithí Foghlama Feabhsaithe"

25.03.24


 
Foilsíodh torthaí an taighde a choimisiúnaigh TG4 maidir le ról TG4 ina acmhainn agus deis oideachais le déanaí.

I ndiaidh taighde a rinne RED C Marketing & Research, a choimisiúnaigh TG4 in 2020, chun úsáid Cúla4 i scoileanna Náisiúnta a scrúdú, bhí sé soiléir ó thorthaí thaighde na bliana 2023 go bhfuil ardú suntasach tagtha ar an úsáid a bhaintear as Cúla4 agus TG4 sa seomra ranga.

Léiríonn na príomhthorthaí go bhfuil 52% anois de na múinteoirí a ndearnadh suirbhéireacht orthu ag úsáid TG4/Cúla4 sa seomra ranga. Is ionann sin agus 12,270 múinteoir go náisiúnta, agus lucht spéise measta 288,000 duine de réir an tsuirbhé. Léiríonn sin gur tháinig ardú 15% ar an lucht féachana sa seomra ranga ó rinneadh an taighde ina leith sin cheana sa bhliain 2020.

Ní hé an t-ardú atá tagtha ar an úsáid an t-aon rud suntasach a fuarthas amach; thuairiscigh 86% de mhúinteoirí go mbaintear úsáid as deiseanna meán cumarsáide físe uair sa tseachtain ar a laghad sa seomra ranga.

Taispeánann torthaí an taighde treocht leanúnach, de réir mar a d’fhill na scoileanna ar theagasc aghaidh ar aghaidh i ndiaidh phaindéim Covid-19, a bheith ag baint úsáid as acmhainní meán cumarsáide físe, TG4/Cúla4 sa chás seo. Ina theannta sin, mar thoradh ar an rath a bhí ar ‘Cúla4 ar Scoil’ le linn na paindéime, thug 43% de na múinteoirí a ndearnadh suirbhé orthu le fios go mbaineann siad úsáid as meáin chumarsáide físe sa seomra ranga nuair a bhíonn siad ag múineadh Gaeilge an chuid is mó den am nó an t-am ar fad, agus chreid nach mór dhá thrian, 60%, de mhúinteoirí go raibh na hacmhainní físe an-tábhachtach agus iad ag múineadh.

Gné shuntasach amháin a leagadh béim air sa taighde is déanaí seo ná go mbraitheann 77% de mhúinteoirí gur gné bhunúsach iad deiseanna meán cumarsáide físe ina gcuid pleananna ceachta do roinnt ábhar. Léiríonn na torthaí seo athrú dearcaidh agus sástachta i measc múinteoirí a bhfuil sé soiléir go bhfuil siad sásta a gcuid modhanna teagaisc a chur in oiriúint d’fhonn a gcuid spriocanna oideachais a bhaint amach.

Mhol múinteoirí, nach mbíonn ach am teoranta acu go minic chun acmhainní nua a chuardach, an fháil leanúnach atá ar ábhar trí TG4. Thug siad ar aird freisin go raibh rannpháirtíocht níos láidre ann leis na hacmhainní físe atá ar fáil trí TG4 de bharr go raibh na daltaí ag cloisteáil Gaeilge á labhairt ag cainteoirí dúchais, rud a mheas siad a bhí níos fearr ná bheith ag foghlaim ó théacsleabhair sa seomra ranga. Dúirt na múinteoirí a ndearnadh suirbhé orthu gur gnách leo acmhainní físe a úsáid le haghaidh ábhair shonracha amhail Gaeilge, Ceol, Stair agus Tír Eolas. Úsáideann 91% de mhúinteoirí meáin chumarsáide físe ‘an chuid is mó den am/an t-am ar fad’ nó ‘uaireanta’ nuair a bhíonn siad ag múineadh Staire nó Tír Eolais, agus baineann 86% díobh úsáid astu nuair a bhíonn siad ag múineadh Gaeilge.

Tugadh moladh go forleathan ar fud earnáil an oideachais i leith bhunú Cúla4 cúpla mí ó shin agus tugtar le fios gurb é ‘Nuacht Cúla4’ an clár is mó a bhfuil tóir air i sceideal an stáisiúin.

Tugtar le fios leis an Taighde gurb é ‘Nuacht Cúla4’ an clár is mó a bhaintear úsáid rialta as le 18% de mhúinteoirí ag rá go mbaineann siad ‘úsáid go minic’ as ‘Nuacht Cúla4’ sa seomra ranga. Tá éileamh láidir ann i scoileanna lán-Ghaeilge ar an gclár ‘Is Eolaí Mé’, clár atá bunaithe ar na hábhair STEAM, agus ar an gclár ‘Nuacht Cúla4’, leis na múinteoirí ag baint úsáid rialta as an dá chlár sin agus iad i mbun teagaisc.

Tá na leibhéil sástachta maidir le TG4 Foghlaim, ardán oideachais ar líne TG4, an-ard, le 94% de na múinteoirí sin a bhfuil eolas acu ar TG4 Foghlaim ag rá go bhfuil sé “an-mhaith” nó “go maith”.

Os a choinne sin, ní raibh ach an ceathrú cuid de na múinteoirí ar an eolas roimh ré faoin ardán ar líne, rud a léiríonn gur gá aird agus tuiscint níos mó a chothú ar na hacmhainní oideachais a choimisiúnaítear agus a chuirtear ar fáil ar an ardán.

Maidir le tuairimí múinteoirí ar ‘TG4 Foghlaim’, bhí múinteoirí sásta faoin gceangal atá aige leis an gcuraclam, le caighdeán agus méid na n-acmhainní atá ar fáil, agus thaitneodh tuilleadh éagsúlachta leo ar an ardán maidir le leibhéil éagsúla líofachta sa Ghaeilge.

Is iad na fachtóirí is tábhachtaí a thugann múinteoirí san áireamh agus iad ag múineadh Gaeilge agus an tionchar a bhíonn acu seo i leith úsáid a bhaint as meáin chumarsáide físe nó gan úsáid a bhaint astu nuair atáthar ag múineadh ná (a) a chinntiú go mbeidh na leanaí ábalta an t-ábhar a thuiscint, b) oiriúnacht aoise na n-acmhainní agus (c) iad a chur in oiriúint don churaclam.

Ag trácht dó ar thorthaí an taighde, dúirt Geoff Tucker, Stiúrthóir RED C Research & Marketing, “Maidir le meán na Gaeilge, d’fhéadfadh TG4 a bheith ar an mbunfhoinse do gach scoil teanga in Éirinn. Tá leibhéil feasachta agus tábhachta ag cur srian ar chúrsaí, mar aon le bheith ag brath ar fhorbairt an mhúinteora.”

Léirigh Conall Ó Máirtín, Eagarthóir Oideachais TG4, a mhisneach i leith thorthaí an taighde ach leag sé béim ar an ngá atá le tuilleadh acmhainní, “Tá deis ann tuilleadh a dhéanamh, agus tá TG4 tugtha do chur le ‘TG4 Foghlaim’, agus freastal ar réimsí eile oideachais, tuilleadh ábhair a chur ar fáil, tuilleadh deiseanna tacaíochta oideachais a chur ar fáil mar aon le hábhar níos cuimsithí a chur ar fáil atá ag teacht leis an gcuraclam agus le téamaí oideachais.”

 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Conall Ó Máirtín | Eagarthóir Oideachais TG4 | conall.o.mairtin@tg4.ie
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: