Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Seoda Ceoil, Drámaíochta, Spraoi, Spóirt agus Seanchais – Sceideal an Fhómhair seolta ag TG4! Breis eolais agus blaisín ar fáil ag tg4.ie/press.

Sceideal an Fhómhair 2015 Seolta.

01.09.15

Tá siamsaíocht, stair, spórt agus spraoi ar fáil go flúirseach i gclársceideal nua TG4 de réir an eolais atá foilsithe ag an gcainéal lena Sheoladh Fómhair inniu. Ar na gnéithe is tarraingtí ann tá léargas nuálach ar ghnéithe rúnda agus folaithe de shaol na hÉireann, beochraoladh eisiach ar na cluichí Gaelacha, rogha iontach ábhair do dhaoine óga agus seirbhís nuachta agus cúrsaí reatha atá éagsúil agus géarchúiseach.
Ar na buaicphointí sa sceideal nua tá:

  • An Klondike: Mór-shraith nua drámaíochta Gaeilge ina ríomhtar scéal triúr dearthár as Conamara i ngleic le saol achrannach na mianadóireachta óir in Alasca. Is iomaí cor crua sa saol agus ní fada gur in aighneas le chéile atá siad faoin ór céanna. Mór-thogra scannánaíochta ab ea é seo a taifeadadh ar an láthair i gConamara.
  • Cogar: Na gearr-chláir fhaisnéise is fearr ar fad, sraith ina dtugtar léargas as an nua ar scéal nó ar dhaoine. Sa séasúr nua seo, tráchtfar ar an bhfomhuireán UB Gearmánach a thuill cáil na trócaire i gCorca Dhuibhne, ar scéim a chuir trátaí ag fás sna Gaeltachtaí leathchéad bliain ó shin, tabharfar ath-chuairt bhrónach ar oileán i nDún na nGall a tréigeadh i 1955, cloisfear faoin teanga rúnda (Gaeilge) a bhíodh ag beirt réaltaí Major League Baseball agus rianófar scéal ait na mná as Co Lú a chaith saol fada mar fhear, cuid de mar shaighdiúir i gCogadh Cathartha Mheiriceá.
  • Hup: Sraith úrnua ceol traidisiúnta, taifeadta le gean agus le samhlaíocht fhísiúil ag na hócáidí is gaire do chuisle an cheoil. Is iad an ceol, na ceoltóirí agus an t-ionad bun agus barr na gclár, níl láithreoir ná caint i gceist.
  • Ros na Rún: An sobal teilifíse is daonna agus is dúchasaí in Éirinn. Tá an meon tíriúil sin agus an greann i gcroílár an dráma agus é nádúrtha dá réir. Ar na snátha scéil an séasúr seo, feicfear an dtiocfaidh Tadhg slán ón loisceadh diabhlaí a bhí beartaithe dó.
  • Anamnocht: Cláir faisnéise substaintiúla uair an chloig, léirithe ar ardchaighdeán a thugann léargas taibhsiúil dúinn ar phearsain, ar ghluaiseachtaí nó ar áiteanna, ina measc súil siar ar an dian-chogaíocht i Luimneach ag deireadh an Chogaidh Cathardha agus scéal Lugs Brannigan, Garda nár leasc leis an dorn a oibriú nuair ba ghá.
  • Pioc do Ride: Formáid nua, fíor Ghaelach do chlár cleamhnais – triúr iarrthóirí, nach bhfeictear, á meas trína ngluaisteán agus trína stíl tiomána. Dearbhán luachmhar do choinne rómánsúil ar fáil don té a phioctar – ach de rogha aige/aici gan bacadh le coinne rómansúil agus an t-airgead céanna a chaitheamh ar a charr, más sin is gaire dá chroí.
  • Logainm: Sraith úr-nua ina míneofar an oidhreacht shaibhir staire agus seanchais atá folaithe in ainmneacha áite an oileáin seo agus séasúr eile ag Béaloideas Beo ina bpléitear an raon iontach ilghnéitheach béaloideasa agus nósmhaireachtaí eile atá folaithe ach gníomhach i saol an lae inniu agus beo bláfar san aonú aois is fiche.
  • An Jig Gig: Scoth-dhamhsóirí sa tóir ar an duais – ach na moltóirí ann sách cantalach uaireanta.
  • Laochra Gael: Cuimhní agus ómós do chuid de na himreoirí is fearr le tríocha bliain, ina measc Ken McGrath, JJ Delaney, Richie Bennis, Eoin Kelly (Tiobraideach), Declan O’Sullivan, Annette Clarke, Trevor Giles, Stephen McDonnell agus na Meehans as Cealtrach.
  • GAA Beo: Beochraoladh eisiach gach deireadh seachtaine ar Chluichí Ceannais na hÉireann, Mionúir, Faoi 21, Craobhacha TG4 i bPeil na mBan, Cluichí Ceannais Contae, Craobh Club AIB agus Sraitheanna Náisiúnta Allianz.
  • Imeall: Séasúr nua den tsraith sheachtainiúil ar shaol na n-ealaíon agus an chultúir, léirmheasanna agus tuairiscí agus ardán d’ealaíontóirí agus iad i mbun cruthaíochta idir fhís, fhocal agus eile i gcuideachta Tristan Rosenstock.
  • Rugbaí Beo: Beochraoladh eisiach ar chluichí sa gcomórtas nua sraithe an Guinness Pro 12.
  • Daoine Óga: Cúla4 na nÓg – an zón laethúil do pháistí réamhscoile ag am bricfeasta agus tar éis lóin.  Agus Cúla4: á láithriú ag Mícheál gach tráthnóna, ina bhfuil sraitheanna cartúin, drámaíochta, agus an sraith nua WAC, á láithriú ag Éadaoin agus Caoimhe agus an tOllamh Tóinchliste.  Is féidir féachaint ar Cúla4 aon uair ar tg4.ie
  • Nuacht TG4: Súil ar leith ar scéalta réigiúnacha, áitiúla agus daonna. Déantar clúdach ar leith ó chósta an iarthair, ar an nGaeltacht agus ar phobal na Gaeilge ar fud na tíre agus níos faide ó bhaile. Is í an duais-chraoltóir Eimear Ní Chonaola an t-ancaire.
  • Junior Eurovision: Anois agus deireadh le forlámhas na tíre seo ar an gcomórtas sinsear, tá TG4 ag cur chun páirce den chéad uair riamh sa gcomórtas sóisear agus amhrán nua-chumtha Gaeilge le roghnú. Táimid ag moladh na hóige – agus tiocfaidh sí. Beidh Niamh Kavanagh, Stiofán Ó Fearaíl agus Eoghan McDermott i measc na moltóirí ar an mbabhta náisiúnta agus beo-chraoltar an Chraobh Eorpach as an mBulgáir freisin.
  • Fíorscéal: Tuilleadh clár faisnéise le athghuthú Gaeilge a thugann aghaidh go fuarchúiseach ar mhórcheisteanna idirnáisiúnta trí shúile na léiritheoirí teilifíse is misniúla agus is conspóidí ar domhan. Fiosrófar monaplacht na Stát Aontaithe ar shatailítí GPS in eagrán amháin.
  • Róisín: Séasúr nua den chlár cainte agus plé ina bhfuil Róisín Ní Eadhra agus a haíonna agus iad i mbun anailíse ar cheisteanna teaghlaigh, oideachais agus sláinte, ó chian is ó chóngar.
  • Opry an Iúir: Réaltaí móra an cheoil tíre in Éirinn i mbun coirme. Beidh an rí féin, Daniel O’Donnell ag cabhrú leo arís i mbliana agus amhránaithe Gaeilge ag canadh ar an ardán leis na réaltaí ceol tíre.
  • Comhrá: Daoine aitheanta agus neamhaitheanta ag nochtadh a gcroí agus scéal a mbeatha do Mháirtín Tom Sheáinín. Beidh polaiteoir, sagart, iriseoirí, meicneoir, múinteoirí, údair agus bainisteoir óstáin i measc an chomhluadair a bheidh aige an séasúr seo. Uasal nó íseal, is mar an chéile do Mháirtín é. Anois, by Daid !

Caitheadh súil chun cinn inniu freisin ar chuid de na cláracha comórtha ar Éirí Amach 1916 a chraolfar ar TG4 an bhliain seo chugainn. Beidh go leor acu fíorasach fiosraitheach ach roinnt eile ar théad níos éadroime: Éirí Amach Amú dráma ina gcastar triúr cairde ónár linn féin siar san am, isteach i lár na troda céad bliain ó shin agus Eipic, dráma eile a bhfuil macalla 1916 ann, faoi lucht agóide comhaimseartha a ghlacann seilbh ar oifig poist (atá dúnta ag na húdaráis).

Is féidir ábhar TG4 a fháil anois, aon am, aon áit ar domhan. Tá Aip TG4 ar fáil anois ar theilifíseáin chliste agus ar an iPad, tá Seinnteoir TG4 ar tg4.tv agus tá leagan ath-chóirithe den Suíomh Gréasáin www.tg4.ie ar fáil ó inniu chomh maith.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: