Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cuirfidh TG4 fáilte roimh léirithe spéise ó dhaoine le Gaeilge líofa ar mian leo a bheith ina gcomhaltaí dá Chomhairle Lucht Féachana.

Fógra: Comhairle Lucht Féachana

Comhairle Lucht Féachana

16.09.15

Comhairle Lucht Féachana  TG4  2015-2020

Cuirfidh TG4 fáilte roimh léirithe spéise ó dhaoine le Gaeilge líofa ar mian leo a bheith ina gcomhaltaí dá Chomhairle Lucht Féachana.

Is deis í seo do dhaoine tacú le TG4 ar bhealach praiticiúil agus ais-eolas luachmhar a sholáthar dá lucht ceannais  maidir le  raon agus  caighdeán an ábhair a chraoltar ar an gcainéal.

Bíonn dhá chruinniú sa mbliain ag an gComhairle.

Tuairimí agus leasanna an phobail i gcoitinne a chur in iúl don Bhord is príomh-fheidhm don Chomhairle.  Is é Bord TG4 a cheapann comhaltaí na Comhairle.

Bíonn  comhalta  ar Bhord TG4 mar Chathaoirleach ar an gComhairle agus ceathrar déag comhaltaí eile Comhairle  ina chuideachta, ó mheascán cúlraí agus aoisghrúpaí.

Tá ról agus ar dualgais na Comhairle leagtha amach in Alt 96 den Acht Craolacháin 2009.  Treoraítear ansin don Bhord daoine a cheapadh ar an gComhairle Lucht Féachana atá   “ionadaitheach ar an phobal féachana agus éisteachta agus, go háirithe, ar phobail Ghaeltachta,  ar dhaoine faoi mhíchumas radhairc nó éisteachta agus go mbeidh na comhaltaí ..in ann cumarsáid inniúil a dhéanamh as Gaeilge.”

Iarrtar ar dhaoine ar suim leo a bheith ina gcomhaltaí Comhairle  agus a bhfuil a gcáilíocht ag teacht leis na riachtanais atá luaite thuas san Acht,  a suim a léiriú trí CV gearr (1 lch) a sholáthar ina dtugtar na gnáth-shonraí pearsanta mar aon le seoladh reatha r phoist agus gnáth-phoist agus deimhniú ar a gcumas cumarsáide i nGaeilge.

Seol d’iarratas ar r phost chuig comhairle@tg4.ie  roimh an 5 Deireadh Fómhair 2015 nó sa bpost chuig:

Oifig an Ardstiúrthóra, TG4, Baile na hAbhann, Co na Gaillimhe.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: