Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Is é seo an dara Aip sa t-sraith Scéal an Lae, agus an t-ochtú Aip ar fad ó Cúla4.

Aip nua ag Cúla4

02.04.15

Seo an dara Aip Scéal an Lae, sraith teilifíse léirithe ag Cúla4, TG4. San Aip seo, tá “Ceol na gCat”, leabhar a d’fhoilsigh Cló Mhaigh Eo, scríofa ag Colmán Ó Raghallaigh agus maisithe go hálainn ag Jane O’ Sullivan.

Tá an scéal á léamh ag Colmán Ó Raghallaigh agus tá na pictiúir agus na focail le feiceáil ar scáileán. Is féidir leat féin an scéal a léamh gan an léitheoir a chloisteáil NÓ is féidir éisteacht leis an scéal gan na focail a fheiceáil. Is féidir é a íoslódáil saor in aisce anois ón App store don Ipad, ach cuardach a dhéanamh faoi ‘Scéal An Lae 2‘ nó ‘cula4’.

https://itunes.apple.com/gb/app/sceal-an-lae-2/id975502364?mt=8

Tá réimse leabhar Gaeilge foilsithe agus ar fáil ó www.leabhar.com

Is féidir féachaint ar sraith Scéal an Lae ag www.tg4.tv

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: