Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Beidh leagan Gaeilge de Amhrán na Mara (Song of the Sea) ar taispeáint i bpictiúrlanna ar fud na tíre a ó 10 Iúil. Tá an leagan Gaeilge agus Béarla ar fáil le taispeáint in 66 Pictiúrlann ar fud na tíre.

As an 66 pictiúrlann ODEON, tá deimhnithe ag ODEON BLANCHARDSTOWN,  ODEON NAAS, Lighthouse BÁC, SGC Dún Garbhán agus an  EYE Cinema i nGaillimh go mbeidh an leagan Gaeilge á thaispeáint acu go cinnte.

Le breis eolais a fháil ar amanta taispeántais an leagan Gaeilge, déan teagmháil le do Phictiúrlann áitiúil.

Leagan Gaeilge de Amhrán na Mara ins na Pictiúrlanna

TG4 and Cartoon Saloon make waves for cinema release of Amhrán na Mara

03.07.15

Is é an comhlacht aitheanta Cartoon Saloon i gCill Chainnaigh a léirigh agus Tomm Moore a stiúraigh, an té a stiúraigh The Secret of Kells, saothar ardchaighdeáin eile roimhe seo. Fuair an saothar nua seo ainmniúchán do ghradaim Oscar 2015 don Fhadscannán Anamúlachta is Fearr, éacht ar leith do shaothar Éireannach. Is é an comhlacht Macalla, a bhfuil cáil ar leith tuillte ag a shaothar le cartúin do TG4, a rinne Amhrán na Mara, an leagan Gaeilge, atá maoinithe ag TG4 agus Údarás Craolacháin na hÉireann.

Scéal draíochtúil geanúil atá sa scannán a bhfuil téamaí go leor ann ó bhéaloideas na farraige in Éirinn, an mhaighdean mhara agus an saol fo-thuinn, anamúlacht ildaite mhealltach, le guthú ó sár-aisteoirí agus le fuaimrian cheolmhar bhinn. Is cailín beag tostach í Saoirse a bhfuil a máthair imithe ó bhí sí ina naíonán. Ach tá dúchas ar leith ag Saoirse, a thugann í ar eachtra rúndiamhrach. Ar an gcliar guthaithe atá páirteach sa leagan Gaeilge tá Brendan Gleeson agus Fionnuala Flanagan, beirt aisteoirí a thacaíonn go rialta agus go fial le tograí TG4, Colm Ó Snodaigh, Lisa Hannigan, James Ó Floinn, Gráinne Bleasdale, Maurice O’Donoghue, Donncha Crowley, Niall McDonagh agus Tom O’ Sullivan.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: