Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Thug clár a choimisiúnaigh TG4 mórdhuais leis inniu ag Féile na Meán Ceilteach na bliana seo  atá ar bun  in Inbhear Nis na hAlban  nuair a bronnadh an Torc sa Duaisaicme Spóirt ar an gclár Arkle.

Rith an Ráis le Arkle do TG4 ag an Fhéile Cheilteach 2015

22.04.15

“Rás an chéid” a tugadh ar an rás cáiliúil léime inar bhfuair Arkle an ceann is fearr ar Mill House i gCorn Óir Cheltenham i 1964. Is mar chomóradh Leathchéad Bliain ar an éacht sin a rinne TG4 coimisiúnú ar an gclár seo ón  gcomhlacht neamhspleách léiriúcháin. Touchline Media (Stephen Cullinane agus Denis Kirwin).  Tugann an clár éachtaí iomadúla Arkle chun cuimhne le neart ábhair ón gcartlann rásaíochta agus le hagallaimh nua ó thráchtairí agus ó shaineolaithe na linne agus an lae inniu, ina measc Ted Walsh, Davy Russell, Sir Peter O’Sullevan, Donn McLean agus Éamon Dunphy.

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duais-rannóga éagsúla faoi mheasúnú ghiúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús agus roghnaítear an scoth astu sin don ghearrliosta clár a théann san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta. Tá Féile na bliana seo ar bun in Inbhir Nis na hAlban ó inniu go hAoine (22-24 Aibreán. (www.celticmediafestival.co.uk)

Deir Eagraí Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha, go bhfuil tábhacht ar leith le duaiseanna mar seo. “Is mór an t-ardú croí dúinn go bhfuil gradam chomh haitheanta le Torc ón Fhéile Cheilteach buaite arís i mbliana ag clár le TG4 ag an bhféile seo, buaic na bliana do thionscal na teilifíse in Éirinn, Albain, An Bhriotáin, Corn na Breataine agus an Bhreatain Bheag, ” a dúirt sé. “Cruthaíonn sé arís go mbíonn an-spórt ag TG4”.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: