Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Guíonn TG4 gach ádh ar Cartoon Saloon agus iad ag tabhairt aghaidh go mórálach ar Ghradaim Oscars na seachtaine seo chugainn i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Táimid ar fad ar bís agus ag súil go mór gur ar a saothar draíochtúil Song of the Sea a bhronnfar an Oscar don Scannán Anamúlachta  is Fearr.

Oscars 2015: Amhrán na Mara / Song of the Sea

12.02.15

Is cúis ar leith mórtais dúinn gur togra é seo a fuair cómhaoiniú ón tús ó TG4 agus  Údarás Craolacháin na hÉireann agus BSÉ.  Beidh  Amhrán na Mara,  an leagan Gaeilge den saothar, léirithe ag Macalla Teo,  ar taispeáint sna pictiúrlanna  in Éirinn an samhradh seo chugainn ón 10ú Iúil.

Guímid  gach beannacht ar an uile a bhí páirteach sa togra:  na léiritheoirí, Cartoon Saloon agus an chliar aisteoirí, ina measc Brendan Gleeson agus  Fionnuala Flanagan, beirt a thacaíonn go rialta agus go fial le tograí Gaeilge;  agus  Colm Ó  Snodaigh agus Lisa Hannigan a chuir cuid d’fhuaimrian ceoil an scannáin ar fáil.

Is binn é Amhrán na Mara.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: