Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Is ar Ghaillimheach na lúth-mhéar, Máirtín O’Connor, boscadóir agus cumadóir den scoth a bhronnfar Gradam Ceoil 2015.  Tá ardmheas agus gean ar Mháirtín ar fud na tíre agus thar lear mar cheoltóir aonair, mar bhall de ghrúpaí agus mar chumadóir freisin. Fógraíodh a Ghradam Ceoil agus duaiseoirí eile na bliana ag ócáid i gcathair Chorcaí tráthnóna.

Boscadóirí chun tosaigh ar liosta Ghradam Ceoil TG4 2015

27.01.15

Tugann Gradaim na bliana seo aitheantas do cheoltóirí a bhfuil cáil agus meas orthu.  Ina measc i mbliana tá; Cláiríneach atá ina mháistir ar an mbosca ceoil le fada fada an lá; fonnadóir binn as deisceart an Dúin;   grúpa nuálach a thugann le chéile traidisiún na hÉireann agus snátha ó stíleanna eile freisin; píobaire óg ón ardchathair a bhfuil an ceol go smior ina ina mhuintir le trí ghlúin ar a laghad; agus an chartlann shaibhir cheoil traidisiúnta atá ag freastal ar dhaoine ó chéin is ó chóngar le tríocha bliain anois.

Seo iad duaiseoirí Ghradam Ceoil TG4 Ceoil 2015:

  • Gradam Ceoil – Máirtín O’Connor
  • Ceoltóir Óg – Maitiú Ó Casaide
  • Gradam Saoil – Bobby Gardiner
  • Gradam Comharcheoil – Ensemble Ériu
  • Amhránaí – Roisín White
  • Gradam Comaoine – Taisce Cheol Dúchais Éireann

Tá nóta beathaisnéise/cúlra gach duaiseora ar fáil ag www.gradam.ie mar aon lena liosta taifeadtaí.

Gheobhaidh na duaiseoirí duais airgid agus píosa speisialta dealbhóireachta a coimisiúnaíodh ó John Coll.  Coiste neamhspleách a roghnaíonn na gradamóirí.  Bronnfar na Gradaim ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh in Áras an Cheoldráma, Corcaigh 22 Feabhra, á chur i láthair ag Dáithí Ó Sé agus Aoife Ní Thuairisg.  Beo-chraolfar an ócáid ar TG4 an oíche sin agus tá sí á heagrú le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Chorcaí.

Is féidir ticéid don choirmcheoil a chur in áirithe ag  www.corkoperahouse.ie  nó ar an teileafón ag 021-4270022.  Tá an ócáid á heagrú le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Chorcaí.

Deir Leascheannasaí TG4, Pádhraic Ó Ciardha gur “deis iontach é Gradam Ceoil TG4 ár meas a léiriú ar ealaíontóirí cumasacha agus iad bailithe le chéile ar a gcompord i láthair a gcairde féin ag caint agus ag seinm.  Is laochra náisiúnta iad a mhaisíonn agus a shaibhríonn ár n-oidhreacht luachmhar cheoil.”

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: