Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 agus Paramount Pictures  le chéile ar  thogra mór scannáin

Den chéad uair riamh beidh leagan Gaeilge de mhór-scannán do pháistí ar taispeáint i bpictiúrlanna ar fud na tíre faoi cheann míosa, de réir fhógra ó TG4 agus Paramount Pictures Ireland, inniu (24/02/2015). Beidh Spongebob an Scannán: Spúinse as Uisce á thaispeáint sna pictiúrlanna ó 27 Márta, ag an am céanna a bhfuil an leagan Béarla den scannán céanna ar fáil. Is é an comhlacht aitheanta Macalla Teoranta, a chuireann an leagan Gaeilge den tsraith teilifíse ar fáil do TG4 atá i mbun na hoibre an uair seo freisin.

Scannán Spongebob An Spúinse As Uisce le eisiúint as Gaeilge ins na Pictiúrlanna

24.02.15

Tá an scannán bunaithe ar na carachtair chéanna  sa tsraith aitheanta teilifíse ó Nickelodeon atá ag mealladh lucht féachana teilifíse in Éirinn agus ar fud an domhain ó 1999.  Sa bhfad-scannán nua seo ó Paramount Pictures agus Nickelodeon Movies, tagann Spongebob Squarepants i dtír ón bhfarraige agus tugann faoi eachtraí iontacha eile.    Ar na haisteoirí cáiliúla atá sa mbunleagan Béarla tá  Antonio Banderas, Tom Kenny, Clancy Brown, Rodger Bumpass, Bill Fagerbakke, Carolyn Lawrence agus Mr. Lawrence. Tá breis is $100m tuillte ag an scannán seo i Meiriceá Thuaidh go dáta,  deirtear.

Is é Stephen Hillenburg, a chruthaigh ar dtús agus is iad Stephen Hillenburg & Paul Tibbitt a chruthaigh an scéal, Glenn Berger & Jonathan Aibel agus Paul Tibbitt a  scríobh an scannán seo.  Is é Paul Tibbitt a stiúraigh agus is é seo an chéad eisiúint  ó Paramount Animation, an rannóg anamúlachta ag Paramount Pictures.

Deir Niamh McCaul, Bainisteoir Ginearálta Paramount Pictures  in  Éirinn:    “Is breá linn an deis seo oibriú i bpáirt le TG4 ar leagan Gaeilge den mhór-scannán seo.  Is í an Ghaeilge ár dteanga féin agus is deas go mbeadh scannán mór-éileamh do pháistí ar fáil sa teanga sin, go tráthúil i mí na Márta nuair a dhéantar ceiliúradh ar leith ar ár n-oidhreacht agus ar an nGaeilge.”

Deir Stiúrthóir Aschur TG4 Lis Ní Dhálaigh go bhfuil an cainéal thar a bheith sásta bheith ag tacú leis an leagan Gaeilge den fhad-scannán: “Is ar TG4 a chuir páistí na hÉireann aithne ar Spongebob den chéad uair i 2000 agus tá gean ar leith léirithe ag cheithre ghlúin daoine óga ar an leagan spraoiúil Gaeilge de na sraitheanna teilifíse le Spongebob a chraol TG4 gach bliain ó shin i leith.  Do na páistí sin is Gaeilgeoirí iad  Spongebob agus a chairde agus is ábhar bróid dúinn go bhfuil dáileadh forleathan pictiúrlainne á sholáthar, den chéad uair riamh, ar fhad-scannán Gaeilge don aos óg.   Táim cinnte go mbeidh éileamh air agus go mbainfidh a lucht féachana sult agus spraoi as.”

Dar le Jane Farley ó Mhacalla Teoranta,  bhain siad an-taitneamh as  an leagan Gaeilge den fhad-scannán seo a sholáthar. “Tá cliar iontach aisteoirí againn ag soláthar na leaganacha Gaeilge de na sraitheanna teilifíse le cúig bhliana déag anuas,”  a dúirt sí  “agus  is breá linn an obair sin.  Dúshlán agus pléisiúr nua ab ea leagan Gaeilge d’fhad-scannán 3D  a dhéanamh ach bhaineamar sult agus spraoi as sin freisin!”

Spongebob an Scannán: Spúinse as Uisce – Ar fáil i bpictiúrlanna roghnaithe ó 27 Márta

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: