Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá go leor ábhar suntais i sceideal CLG TG4 don tréimhse Feabhra-Bealtaine 2015 a foilsíodh inniu.

Clúdach Cuimsitheach ar Chomórtais Peile agus Iomána an Earraigh

20.01.15

Craolfar iomlán na himeartha ó suas le leathchéad chluiche ar fad i raon leathan comórtas, idir bheo-chraoladh agus iar-chraoladh.  Tabharfar tús áite do Chraobh Club AIB agus na Sraitheanna Náisiúnta Allianz ach beidh mór-chomórtais na gcoláistí agus na n-iarbhunscoileanna ar fáil chomh maith, ina measc, na Craobhacha faoi 21, Cluichí Ceannais Choirn Mhic Shigir agus Mhic Giobúin (urraithe ag Independent.ie) Cluichí Ceannais na gCraobh Iarbhunscoile (urraithe ag Masita), Corn Uí Chonchúir (Craobh na gColáistí Tríú Leibhéal i bPeil na mBan) agus Cluichí Ceannais na Sraithe i bPeil na mBan (urraithe ag Tesco).

Cuirfear tús leis an sceideal beo-chraolta ó Lá ‘le Bríde Domhnach 1 Feabhra, tráth a mbeo-chraolfar an cluiche i Sraith Peile Allianz,  Ciarraí v Maigh Eo (an dá fhoireann a sholáthraigh péire de na cluichí peile ab fhearr ar fad i 2014 – Cluichí Leath-Cheannais na hÉireann).   Beidh na cluichí cinniúnacha sna Sraitheanna Peile agus Iomána á mbeo-chraoladh, mar aon leis na comórtais thuas-luaite ar fáil go heisiach ar TG4 as sin go Bealtaine.  (Tá sceideal iomlán cluichí TG4 ar fáil thíos).

Deir Eagraí Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha,  go bhfuil áthas ar TG4 faoin soláthar cuimsitheach seo.  “Is é an t-earrach séasúr an dóchais ag lucht na gcluichí Gaelacha i gcónaí,” a dúirt sé – tús nua, misneach nua, iarracht nua agus súil le glóir an tSamhraidh agus an Fhómhair.  Beidh súil ag na mílte le craolta TG4 le bunús a chur faoin dóchas sin agus an deis acu na foirne is fearr a fheiceáil ag imirt go rialta i raon leathan comórtas.   Roghnófar na cluichí  Sraithe Allianz a chlúdóidh TG4 sna babhtaí cinniúnacha de réir mar a fheicfimid an dul chun cinn ag na foirne éagsúla”.

Ní chuirfear bailchríoch ar liosta na gcluichí a chlúdófar ar TG4 i ndeireadh na Sraithe go dtí go mbeidh sé soiléir cé hiad na foirne atá  ag cruthú go maith ionas gur féidir a chinntiú go mbeidh na cluichí  is cinniúnaí á gclúdach.

Is é Nemeton an comhlacht léiriúcháin aitheanta ó Ghaeltacht na Rinne a léiríonn an clúdach seo ar fad do TG4, á láithriú ag Micheál Ó Domhnaill agus le tráchtaireacht ó Bhrian Tyers.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: