Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Comhghairdeas le foireann léirithe na gclár a thuill Gradaim IFTA 2015.

Gradaim IFTA 2015

23.10.15

D’éirigh go hiontach le saothar agus ceardaithe TG4 ag duaisbhronnadh IFTA 2015  i mBaile Átha Cliath aréir.     Thug TG4 6 dhuais IFTA leis i réimsí na gclár faisnéise, spóirt agus ceoil,  ina measc dhá dhuais do shain-scileanna na ceirde.  Chuimsigh na duaiseoirí ag TG4 clár ar ról na mban in Éirí Amach 1916 agus Chogadh na Saoirse, clár cuimhneacháin ar chapall léim-ráis a thuill gean agus gradam lena linn, beo-chlúdach an chainéil ar Fhleadh Cheoil na hÉireann 2015 agus sraith-dhráma dorcha coiriúlachta.

Is iad seo a leanas duaiseoirí IFTA TG4 don bhliain 2015:

  • SPÓRT:   Arkle   (Touchline Media)
  • BEO-IMEACHT: Fleadh TV   (Paul McKay)
  • FÍORASACH SPEISIALTA: Cumann na mBan – Mná na Réabhlóide   (Genefile)
  • GAEILGE :  Corp +Anam  (Magamedia)
  • FUAIM (TEILIFÍS):   John Brennan agus Mark Henry, Ceolchuairt  (Magamedia)
  • CEAMARA (TEILIFÍS):   Colm Whelan, Áille an Uafáis  (Tile Films)

Is é IFTA an duais-scéim aitheanta do thionscal na scannán agus na teilifíse in Éirinn. Painéal saineolaithe ón tionscal anseo agus thar sáile a roghnaíonn an saothar is fearr sna catagóir éagsúla.

Thréaslaigh an tArdstiúrthóir,  Pól Ó Gallchóir, a gcuid gradam IFTA leo sin a bhuaigh as a saothar do TG4.    Dúirt sé gur cruthúnas eile ar ardchaighdeán leanúnach agus ar raon na gclár a bhíonn ag TG4 é.  “Thuill TG4 aitheantas, ainmniúcháin agus duaiseanna ó IFTA gach bliain ó bunaíodh an scéim,” a dúirt sé. “Táimid an-bhródúil as na hainmniúcháin IFTA a fuaireamar níos túisce i mbliana agus as na duaiseanna iontacha seo atá bronnta orainn anois.  Is móide ár sásamh gurb iad ár gcomhghleacaithe gairmiúla i dtionscal na teilifíse agus na scannán a rinne an roghnú,”   a dúirt an tArdstiúrthóir.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: