Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Bhuaigh an clár speisialta cuimhneacháin agus ómóis, Páidí Ó Sé, Rí an Pharóiste, a choimisiúnaigh TG4, an príomh-dhuais, “Spiorad na Féile” tráthnóna ag Féile na Meán Ceilteach 2015 a tháinig chun deiridh in Inbhear Nis in Albain. Is í seo an duais is airde ar fad ag an bhFéile agus bronntar í ar an gclár is fearr i dteanga Cheilteach.

Príomh-dhuais na Féile buaite ag clár TG4 ar Pháidí Ó Shé

24.04.15

Clár faisnéise faoin laoch peile as Gaeltacht Chorca Dhuibhne é seo, clár pearsanta ag Louise Ní Fhiannachta, comharsa le Páidí. Tugann sí léargas na gcomharsan ar dhuine de mhór-phearsain na tíre, peileadóir iomráiteach Ard a’ Bhóthair trí shúile agus ó bhéal a mhuintire ina dhúthaigh féin. Bhásaigh Páidí i mí Nollag 2012 agus gan é ach 57 bliain d’aois, bás tobann a  bhain preab as an tír ar fad. Is iomaí mír faoi craoladh lena linn agus tar éis a bháis ach seo portráid ar leith, léargas áitiúil ar laoch a raibh persona náisiúnta aige freisin ach a chuireann a shaol agus a éachtaí go cinnte i gcomhthéacs a phobail Gaeltachta féin. Seo Páidí mar a facthas é i measc na gcomharsan. An comhlacht Magamedia a léirigh an clár.

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha. Cuirtear iontrálacha sna duais-rannóga éagsúla faoi mheasúnú ó ghiúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús. Roghnaítear an scoth astu sin le dul san iomaíocht sa gcomórtas idirnáisiúnta. Bhí Féile na bliana seo ar bun in Inbhear Nis na hAlban faoi láthair, 22-24 Aibreán. (www.celticmediafestival.co.uk)

Deir Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir go gcuireann an mórdhuais idirnáisiúnta seo an dlaoi mhullaigh ar an aitheantas atá faighte cheana féin ag an gclár seo. “Thuigeamar ón tús gur clár speisialta a bheadh anseo” a dúirt sé.  “Fuair sé ard-mholadh nuair a chraol muid é agus Gradam Cumarsáide an Oireachtais tamall ina dhiaidh sin. Feicimid anois go raibh an meas céanna air ag ár gcomghleacaithe Ceilteacha, rud nach gcuireann aon iontas orainn ach a thugann sásamh ar leith dúinn fosta”.

D’fháiltigh sé freisin roimh fhógra na hoíche anocht gur i nDún Garbhán, Co Phort Láirge a reachtáilfear Féile na Meán Ceilteach 2016, faoi cheann bliana, díreach.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: