Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Teistiméireacht eile do chaighdeán agus d’éagsúlacht TG4 cláir dá chuid a bheith ainmnithe ar ghearrliosta Ghradaim IFTA na bliana seo. Tá cláir de chuid an chainéil Gaeilge ainmnithe do 7 ngradam.

Cláir TG4 ar Ghearrliosta Ghradaim IFTA 2015

29.04.15

Tá trí ainmniúchán faighte ag An Bronntanas do Ghradaim IFTA i dtaobh scripte agus aisteoirí. Ainmníodh Tom Collins/Eoin McNamee/Paul Walker don ghradam An Script Dráma is Fearr, tá Michelle Beamish ainmnithe don ghradam An Ban-Aisteoir is Fearr i bPríomhpháirt agus Charlotte Bradley ainmnithe don ghradam An Ban-Aisteoir is Fearr i bPáirt Taca. Tá ag éirí tharr barr freisin leis an scannán An Bronntanas ag féilte sa bhaile agus thar lear.  Go dtí seo, taispeánadh an scannán san Astráil, i mBarbadós, i Washington, i mBostún agus sa Róimh agus tá sé le taispeáint fós in áiteanna eile amach anseo sa mbliain. Bhain an scannán an gradam Jury’s Special Award/Gradam Speisialta na Moltóirí amach ag Féile Scannán na hÉireann, Bostún chomh maith le trí ainmniúchán a fháil do Ghradaim Cumarsáide an Oireachtais i mbliana, ina measc ainmniúchán don ghradam ‘An tSraith Teilifíse is Fearr’.

Ainmnithe freisin don ghradam ‘An Ban-Aisteoir is Fearr i bPríomhpháirt’ tá Maria Doyle Kennedy don pháirt a bhí aici i Corp + Anam; sraith coiriúlachta mór le rá a bhfuil gradaim buaite aici faoi shaol pearsanta agus gairmiúil tuairisceora coiriúlachta teilifíse.

Tá ainmniúchán faighte ag Blood Fruit sa chatagóir Gnéchlár Faisnéise George Morrison. Scéal é seo faoi stailc Dunnes Stores in 1984 nuair a dhiúltaigh Mary Manning, oibrí de chuid Dunnes Stores ar Shráid Anraí, a bhí bliain is fiche ag an am, seadóg Outspan a dhíol – gníomh a raibh tionchar aige ar fud an domhain.

Tá Song of the Sea/Amhrán na Mara arna choimisiúnú ag TG4 agus Údarás Craolacháin na hÉireann ainmnithe i dhá chatagóir; An Scannán is Fearr agus An Script Scannáin is Fearr – Will Collins.

Tá sonraí beachta ar ainmniúcháin TG4 ar ghearrliosta ghradaim IFTA 2015 le fáil thíos. Is iad na Gradaim IFTA na gradaim is mó le rá sa tionscal scannán agus drámaíochta in Éirinn.

Thréaslaigh Ard-Stiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir leo sin ar fad a ainmníodh do ghradaim IFTA na bliana seo thar ceann TG4. “Tá ainmniúcháin faighte ag TG4 do Ghradaim IFTA gach bliain ó tháinig muid ar aer” a deir sé. “Léiriú ann féin ar chaighdeán uathúil agus nuálaíoch TG4 a bheith ainmnithe sna catagóirí céanna le roinnt den ábhar teilifíse Béarla chomh maith is atá le fáil” a deir sé.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: