Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Chruthaigh saothar agus pearsana TG4 go hiontach ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2015 a bronnadh ag ócáid spleodrach i gcathair na Gaillimhe.

Is iad na duaiseanna seo príomh-ghradaim na meán Gaeilge agus tá a gcáil bunaithe agus ag neartú ó bhliain go bliain. Is léiriú samplach ar raon agus ar fhiúntas TG4 é an liosta duaiseoirí ó TG4.

TG4 x 5 ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2015

25.05.15

Is iad na saothair a fuair Gradaim do TG4 i mbliana:

Gradam Speisialta:    Ros na Rún  ( léiriú le Eo Teilifíse/Léirithe Thír Eoghain)

Tá an sobaldhráma teilifíse seo fiche bliain ar an bhfód i mbliana agus é neadaithe go daingean i samhlaíocht an phobail féachana.     Bronnadh an gradam seo ar an saothar as ard-chaighdeán léiriúcháin, scripte agus aisteoireachta agus as cumas an dráma déileáil leis an ngreann agus leis an ngruaim go tuisceanach nádúrtha.

Sraith Teilifíse na Bliana:   Corp + Anam (léiriú le MagaMedia)

Tá carn duaiseanna bailithe ag an sraith-dhráma cumhachtach seo a thugann léargas géarchúiseach eile dúinn ar an saol in Éirinn mar atá, seachas mar ba mhaith linn é a bheith de réir mar a fheictear do thuairisceoir coiriúlachta teilifíse.  Thuill an dara sraith an moladh céanna don script agus don chliar.

Clár Teilifíse na Bliana:   Katie (léiriú le Fócas Films)

Clár faisnéise a léirigh scéal an-phearsanta mná óige agus a muintire agus iad i ngleic le dúshlán ollmhór leighis.    Rugadh Katie Ní Allmhuráin as Cill Chiaráin leis an Siondróm Femur Fibula Ulna, rud a d’fhág gan iomlán a cuid géaga aici – ach níor chaill bean an mhisnigh ariamh é.

Craoltóir Teilifíse na Bliana:  Seán Mac a tSíthigh

Is fada lucht féachana Nuacht TG4 faoi dhraíocht ag cumas scéalaíochta agus físiúlachta an fhir seo as Gaeltacht Chorca Dhuibhne agus é i mbun tuairisceoireachta.    Tá an t-aitheantas sin faighte aige cheana féin san Eoraip.  Seo anois aige arís é óna mhuintir féin.

Aisteoir na Bliana:  Darach Ó Dubháin

Bhí a thaispeántas sa ról mar phríomh-charachtar sa scéinséir An Bronntanas ar cheann de phríomh-bhuaiceanna na sraithe seo.   Tá a cháil ag scaipeadh i bhfad is i ngearr ach b’sheo é i mbarr a mhaitheasa ar fhód a dhúchais.

Thréaslaigh an tArdstiúrthóir, Pól Ó Gallchóir, a ngradaim leo ar fad agus leis na buaiteoirí ó na meáin  Ghaeilge eile a fuair aitheantas ó Oireachtas na Gaeilge ag Duaisbhronnadh na nGradam seo.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: