Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tugann roinnt de mhór-imreoirí na gcluichí Gaelacha a leagan féin dá gcuimhní cinn sa  séasúr nua den tsraith teilifíse Laochra Gael  atá le craoladh go luath ar TG4.     Is é seo an tríú séasúr déag den tsraith iomráiteach seo in dtugtar chun cuimhne roinnt de mhór-imreoirí peile agus iomána na mblianta atá caite.

Oscailt súl ar an ré órga sa séasúr nua Laochra Gael

26.01.15

Laoch amháin a bhíonn faoi chaibidil i ngach clár agus é/í faoi agallamh agus ag dul siar ar bhóithrín na smaointe le cabhair míreanna ón gcartlann teilifíse agus breithiúnas óna chomh-imreoirí agus tráchtairí aitheanta.  Craolfar an tsraith ar TG4 ag 8pm  gach Máirt ó 3 Feabhra  (ath-chraolfar ach clár gach tráthnóna Domhnaigh, díreach tar éis GAA Beo).

Is iad seo na laochra atá á gceiliúradh sa séasúr nua:

Liam McHale (peileadóir Mhaigh Eo), Ciarán Carey  (iománaí Luimnigh), Jamsie O’Connor (iománaí an Chláir), Niamh Kindlon (ban-pheileadóir Mhuineacháin), Fan agus Philly Larkin (iománaithe Chill Chainnigh), Brendan Cummins (iománaí Thiobraid Árann), Barney Rock  (peileadóir Átha Cliath), Ogie Moran (peileadóir Chiarraí), Michael Duignan (iománaí Uíbh Fhailí) agus Ryan McMenamin (peileadóir Thír Eoghain).  (Sonraí breise  agus dátaí craolta thíos).

Chomh maith leis na himreoirí féin, tá cairde, comh-imreoirí, céilí comhraic agus tráchtairí páirteach sna cláracha taitneamhacha seo, ina measc  Mickey Harte, Eoin Kelly, Brian Whelahan, Tommy Drumm, Éamon Cregan, Seán McMahon, John Maughan, Tom Ryan, Dónal O’Grady, Dara Ó Cinnéide agus Joe Hennessey.

Is é an comhlacht aitheanta Gaeltachta, Nemeton, a léiríonn an tsraith seo do TG4.

Ag labhairt dó faoin tsraith nua, mheabhraigh  Ardstiúrthóir TG4 go bhfuil breis is 100 imreoir cáiliúil ceiliúrtha ar Laochra Gael go dtí seo, taisce luachmhar chartlainne.  “Tugann na cláracha seo ómós do mháistrí na peile agus na hiomána, idir fhir is mhná.   Daingníonn sé a n-éachtaí sa gcuimhne againne a raibh sé de phribhléid againn iad a fheiceáil ag imirt i mbarr a réime.  Gan dabht is oscailt súl iad don ghlúin óg nach raibh an t-ádh sin leo.  Is snáth tábhachtach i mbréidín ildaite spóirt TG4 an tsraith seo,” a dúirt sé “agus is léir tar éis dosaen séasúr go bhfuil meas agus éileamh ar an gcur chuige atá inti”.

Laochra Gael – TG4 – 8pm, Gach Máirt ó 3 Feabhra

(Athchraolfar gach tráthnóna Domhnaigh tar éis GAA Beo)

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: