Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Is mór an onóir do TG4 a fhógairt go mbeidh na Underdogs ag tabhairt faoi na peileadóirí is fearr sa tír, seaimpíní na hÉireann don cheathrú uair as a chéile, Baile Átha Cliath. Sa chluiche dúshláin is mó a d’imir siad go dtí seo, beidh Underdogs na peile Gaelaí ag tabhairt faoi na Top Dogs.

Underdogs le aghaidh a thabhairt ar sheaimpíní na hÉireann... Áth Cliath

04.10.18

Is iad GAA Beo a chuirfidh an craoladh beo ar fáil do chluiche ceannais na sraithe ó Pháirc Pharnell, Aoine 19ú Deireadh Fómhair 2018. Tosnóidh an craoladh ag 19.20, leis an gcluiche ag tosú ag 19.45.

Tá foireann na Underdogs faoi bhainistíocht triúr laochra imeartha – Iar-chaptaein na Gaillimhe, Ray Silke, iar bhan-pheileadóir Chorcaí Valerie Mulcahy agus iar-pheileadóir Chiarraí Paul Galvin.

Is foireann imreoirí ar leith iad na Underdogs ó chlubanna CLG éagsúla fud fad na tíre. Níor imir siad peil Ghaelach ag leibhéal sinsear idirchontae craoibhe riamh.

Le roinnt seachtainí anuas, tá na himreoirí feicthe againn ag na trialacha agus i mbun traenála agus chuala muid iad ag insint a scéalta féin ar shraith na Underdogs ar TG4. Anois tar éis dóibh ullmhúchán agus dian-traenáil a dhéanamh tá siad réidh chun aghaidh a thabhairt ar na Dubs.

Tá deich mbliana ann ó bhí an tsraith deiridh de ‘Underdogs’ ann. Chuir an ‘Underdogs’ tús le gairm roinnt seaimpíní Uile-Éireann, ina measc fear mór Chiarraí Kieran Donaghy agus Pearse O’Neill Chorcaí.

Deir Rónán Ó Coisdealbha, Ceannaire Spóirt TG4:
Tá TG4 fíor-bhródúil as ár comhcheangal le sraith na Underdogs, a thosaigh ag craoladh ar an sraith sa bhliain 2003. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na himreoirí, le bainistíocht na foirne, CLG Áth Cliath agus le Cumann Lúthchleas Gael i bPáirc an Chrócaigh as ucht a gcuid tacaíochta. Is seans ar leith é seo do na himreoirí a roghnófar agus tá súil againn roinnt de na himreoirí seo a fheiceáil ag imirt lena gcontae amach anseo. Is mór an onóir dúinn a bheith páirteach san ócáid speisialta seo, agus tá muid ag tnúth go bhfeicfidh muid dul chun cinn na Underdogs, agus iad a fheiceáil sa chluiche ceannais in aghaidh Átha Cliath faoi cheann cúpla seachtain”.

Deir Jim Gavin, Bainisteoir Átha Cliath:
“Is dóigh liom gur coincheap iontach é na Underdogs, agus tá muid ag tnúth leis an gcluiche ar leith seo a imirt faoi shoilse i bPáirc Pharnell, in aghaidh na foirne seo, le peileadóirí atá ar fad ar iarraidh imirt le contae amach anseo.”

Painéal na Underdogs

  1. Adam Wilson – (Scoil Uí Chonaill, Co. Bhaile Átha Cliath)
  2. Anthony Durney – (CLG Achadh Mhordha, Co. Chill Dara)
  3. Blake Forkan – (CLG Naomh Adhamhnáin, Co. Dhún na nGall, ó Maigh Eo)
  4. Calum Gallagher – (Naomh Bríd, Co. Dhún na nGall)
  5. Ciarán Mac Fhearghusa – (Na Gaeil Óga, Co. Bhaile Átha Cliath)
  6. Colm Flynn – (CLG Baile Uí Mhatháin)
  7. Conor McKenna – (Éire Óg Doire Achaidh, Co. Aontroma)
  8. Cormac Doohan – (CLG Bealach an Dóirín, Co. Ros Comáin)
  9. Daragh Murrin – (Naomh Ultan CLG, Dún Cionnaola, Co. Dhún na nGall)
  10. Darragh O’Shea – (Baile Uí Dhonnchú CLG, Co. Chiarraí)
  11. DJ Murphy – (CLG Gníomh go Leith, Co. Chiarraí)
  12. Eamon O’Donoghue – (CLG Phádraig Mac Piarais, Co. Ros Comáin)
  13. Enda Fleming – (Cora Finne, Co. na Gaillimhe)
  14. Fintan Ó Cuanaigh – (CLG Naomh Séamus, Co. na Gaillimhe)
  15. Gary O’Daly – (Naomh Muire, Co. Liatroma)
  16. Graham Heavey – (Baile Buadáin Naomh Éanna, Co. Bhaile Átha Cliath)
  17. Michael Molloy – (Seán Mistéil, Learpholl, Dún na nGall ó dhúchais)
  18. Micheál McCarville – (CLG Bhaile an Scotaigh, Co. Mhuineacháin)
  19. Niall Canning – (Droim Chliabh Ros Ceite, Co. Shligigh)
  20. Nigel Rabbitt – (CLG Mhainistir Leathrátha, Co. An Longfort)
  21. Richie Greene – (CLCG Átha Luain, Co. na hIarmhí)
  22. Ronan O’Neill – (Doire Treasc Fir an Chnoic, Co. Thír Eoghain)
  23. Ruairi Cunningham – (Roibeard Eiméid CLG Cluain Mhór, Co. Ard Mhacha)
  24. Ryan Treanor – (Thomas Clarke’s, Co. Thír Eoghain)
  25. Sam McCurdy – (Cumann Uí Dhuibhir, Baile Brigín, Co. Bhaile Átha Cliath)
  26. Seán Brady – (Naomh Trea, Baile Mhic Uiginn, Co. Dhoire)
  27. Stephen Harford – (Cumann an Chloightí, Co. Bhaile Átha Cliath)
  28. Steven Scallan – (Gaeil Uí Lochlainn, Co. Chill Chainnigh)
  29. Trevor Murtagh – (Naomh Bearraí CLG, Co. Ros Comáin)

** Craolfar an cluiche beo ó Pháirc Pharnell ar TG4 Aoine 19ú Deireadh Fómhair 2018. Tosnóidh an craoladh ag 19.20 agus tosnóidh an cluiche ag 19.45 **
*** Tá sraith na Underdogs á chraoladh go fóill, oíche Déardaoin ag 21.30 leis an athchraoladh ar an Satharn ag 19.45, agus tá sé ar fáil ar Seinnteoir TG4 ***
**** Rachaidh ticéid don chluiche ar díol an tseachtain seo chugainn ****
**** Is iad Supermacs urraitheoirí na sraithe *****
***** Is iad O’Neills a chuir feisteas na foirne ar fáil *****

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: