Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Sa tsraith nua cheithre chlár seo, tabharfaidh an t-iriseoir aitheanta, Seán Mac an tSíthigh camchuairt ó Ghlaschú go Londain chun léargas a fháil ar shaol na n-imirceach Éireannach sa Bhreatain.

Léiriú nua ar TG4 ar Éireannaigh sa Bhreatain i ‘Gaeil UK’

12.11.18

Níl idir an dá oileán, Éire agus an Bhreatain, ach beagán le cois 60 míle farraige, ach tá stair chasta eadrainn mar dhaoine. Tá os cionn sé mhilliún duine sa Bhreatain inniu a mhaíonn gur as Éirinn a n-athair críonna nó a máthair chríonna agus tá os cionn leath mhilliún duine a rugadh in Éirinn ag cur fúthu sa Bhreatain faoi láthair. Tá muid ar an bpobal inimirceach is mó sa Bhreatain, pobal fadbhunaithe a bhfuil fréamhacha domhain againn ar fud an oileáin. Sa tsraith Gaeil UK tabharfaidh Seán léargas ar shaol na nGael sa Bhreatain, ar obair na ndaoine, ar spórt agus ar chaitheamh aimsire an phobail, agus an comhluadar atá le brath i measc an phobail seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar an stádas speisialta atá ag na Gaeil sa Bhreatain.

CLÁR 1 – Learpholl, Leeds & Huddersfield

Sa chéad chlár den tsraith, tabharfaidh Seán cuairt ar Learpholl, ceann de na cathracha is mó a bhain na Gaeil amach, í ar an bpríomhbhealach isteach chun na Breataine ar feadh i bhfad. As sin, rachaidh sé trasna na Pennines go Yorkshire, go Leeds & Huddersfield. Tháinig na céadta, mílte Gael, idir fhir agus mhná, anseo tar éis an dara cogadh domhanda chun tír a bhí scriosta a atógáil. Is léir nach bhfuil imircigh óga na hÉireann ag triail ar Leeds agus  ar Huddersfield ach tá lear mór den dara agus tríú glúin Éireannach fós sna bailte seo.

CLÁR 2 – Alban

Tabharfaidh Seán Mac an tSíthigh a aghaidh ó thuaidh go Glaschú in Albain sa dara clár den tsraith. Is iad na Conallaigh is treise anseo agus casfaidh sé le Hudie Ó Fearraigh as Gaoth Dobhair a dhéanfaidh cur síos dó ar na hathruithe atá feicthe aigesean ar an gcathair le dhá scor bliain. Faigheann Seán ansin blaiseadh de dhráma nua-scríofa faoin tubaiste a tharla i Kirkintilloch, i 1937, nuair a maraíodh deichniúr ógánach as Maigh Eo i dtine. Tá an meon carthanach Caitliceach agus Éireannach le brath go fóill i nGlaschú, é seo le feiceáil ag Seán sa gcóras oideachais ach go háirithe.

CLÁR 3 – Birmingham & Lár Tíre

I lár tíre sa mBreatain a bheidh Seán Mac an tSíthigh sa tríú clár.  Casfaidh sé le pobal mór Éireannach ansin agus cuirfidh eolas ar na líonraí tacaíochta atá ar fáil do mhuintir na hÉireann is mó atá ar an ngannchuid. Le linn do Sheán a bheith i Birmingham cuirfidh sé eolas ar an traidisiún fada a bhain le mná na hÉireann a bheith ag obair san NHS agus an méid a rinne siad a chuir athrú ar an meon a bhí ann i leith na nÉireannach sna 70í.  Casfaidh Seán le fear ar éirigh leis a aisling a bhaint amach agus sacar a imirt go gairmiúil i Sasana.

CLÁR 4 – Londain

Sa gclár deiridh den tsraith, tabharfaidh Séan Mac an tSíthigh aghaidh ar Londain Shasana, áit a raibh pobal láidir Éireannach i mbailte ar nós Kilburn, Cricklewood agus Camden Town. Cé gur beag Éireannach atá sna bailte sin anois aithnítear na bailte sin go láidir fós le muintir na hÉireann. Tá tarraingt ar leith ag na Gaeil ar Londain agus iad chomh láidir anseo is a bhí riamh.

Cliar: Séamus Conneely, Tom Togher, Edel Robinson, Sadie Cunningham, Kathleen Cunningham, , Labhrás Ó Conghaile, James McDonald, Méabh Nic Alastair, Kate O’Connor, Muireann Kelly, Hudie Ó Fearraigh, Padraig McGarvey, Eileen Tompkins.

Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le:

Léiritheoir na Sraithe: Seán Ó Cualáin, Aniar:  sean@aniartv.ie  Fón. 087 9480684

Teagmhálaí Preasa TG4: Linda Ní Ghríofa, linda.ni.ghriofa@tg4.ie – (087) 9172864

Tá oifigí ag Aniar i nGaoth Dobhair, i gCorca Dhuibhne agus i gConamara

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: