Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá séasúr an rugbaí buailte orainn.  Beidh tús á chur le comórtas Guinness PRO14 an deireadh seachtaine seo leis an gcéad chluiche idir Cardiff Blues agus Laighin, curaí na bliana seo caite, ar fáil beo, saor go haer, ar TG4.

Conradh Rugbaí bronnta ag TG4 ar Iris Productions

30.08.18

Ciallaíonn an socrú maidir le cearta Guinness PRO14 a fógraíodh i mí Aibreáin go mbeidh TG4 ar an aon chraoltóir amháin in Éirinn a dhéanfaidh craoladh eisiach saor go haer ar an gcomórtas leathnaithe seo i rith na dtrí bliana seo romhainn.

D’fhógair TG4 freisin agus an séasúr nua á sheoladh acu sa Sportsground inniu gur ar Iris Productions a bronnadh an conradh suntasach maidir le hábhar rugbaí an chraoltóra a léiriú ar feadh ré trí bliana an tsocraithe maidir le comórtas Guinness PRO14.  Léireoidh an comhlacht léiriúcháin atá lonnaithe ar an Spidéal níos mó ná 200 uair a chloig d’ábhar beo, d’ábhar iarbheo agus d’ábhar buaicphointí do TG4 i rith na dtrí shéasúr seo chugainn. NEP a roghnaíodh maidir le saoráidí OB don chraoladh seachtrach a chur ar fáil.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Rónán Ó Coisdealbha, Ceannasaí Spóirt TG4:

“Is breá linn a bheith ag obair i gcomhar le Iris Productions maidir le Rugbaí Beo, clár mórshuntais rugbaí TG4, a léiriú go ceann na dtrí bliana amach romhainn.  Is gné thábhachtach sa sceideal againn comórtas Guinness PRO14 agus táthar cinnte go leanfaidh Iris Productions den cheangal leis an lucht féachana a chothú le cora nua sa stíl léiriúcháin.  Beidh an saineolas cruthaithe maidir le léiriú beo atá ag NEP, soláthraithe saoráidí de scoth an domhain, ina bhonn treise faoin saothar agus táthar ag tnúth go mór leis an gcaomhchóiriú breise a thugtar ar an obair a fheiceáil de réir mar a bhíonn snas breise á éileamh ag lucht féachana sároilte spóirt na hÉireann.”

Dúirt Kieran Hartigan, Léiritheoir Feidhmiúcháin Iris Productions:

“Tá díocas agus fonn oibre orainn ag ullmhú don séasúr nua.  Tar éis dúinn ábhar offtube agus cláir buaicphointí TG4 a léiriú le ceithre bliana anuas, is nádúrtha an chéim sa bhreis seo anois ag Iris Productions.  Bíonn iomaíocht iontach idir na foirne a fhéachann le craobh chomórtas Guinness PRO14 a thabhairt leo agus imrítear rugbaí chomh maith agus atá ar fud an domhain ó thús go deireadh an tséasúir.  Tá muintir an chomhlachta seo tugtha don rugbaí agus muid ag tnúth go mór leis an gcoimhlint agus leis an iomaíocht ar fad a chur i láthair do lucht féachana TG4 i rith na dtrí shéasúr seo amach romhainn.  Ábhar misnigh agus mórtais dúinn a bheith ag tabhairt faoin obair seo i gcomhar leis an gcomhlacht áiseanna NEP ionas go mbeidh buntáiste as an taithí atá acusan, seachas aon dream eile ar domhan, i mbun cláir spóirt a léiriú chun sárábhar cláir níos tarraingtí agus níos mealltaí a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann.”

Beidh 28 gcluiche á gcraoladh beo ar TG4 i mbliana, gach cluiche baile ag foireann rugbaí Chonnacht ina measc.  Tugtar san áireamh leis sin ‘Mí na Seaimpíní’ i mí Meán Fómhair agus cluichí idir cúigí in aghaidh na Mumhan, Laighean agus Uladh.

Áireofar i measc na gcluichí a chraolfar ar Rugbaí Beo TG4 chomh maith:

  • Craoladh beo eisiach ar chluichí uile Chonnacht in aghaidh fhoirne na Breataine Bige
  • Cluichí Beo fhoireann na Mumhan in aghaidh fhoirne na Breataine Bige
  • Cluichí Beo fhoireann Laighean in aghaidh fhoirne na Breataine Bige

Maidir le Iris Productions:

Tá Iris Productions, atá lonnaithe sa Spidéal, i mbun gnó ón mbliain 2005 i leith agus cláir faisnéise sármhaithe faoin rugbaí in Éirinn le háireamh ar a gcuid saothair, ina measc:

  • Munster: The Brave & The Faithful – ina ríomhtar an scéal maidir le feachtas buacach na Muimhneach nuair a thug siad corn Heineken leo den chéad uair sa bhliain 2006.
  • Axel – Gnéchlár faisnéise faoi shaol agus faoi shaothar Anthony Foley, sárlaoch na Mumhan nach maireann
  • The West’s Awake – Clár faisnéise a ainmníodh maidir le dhá ghradam de chuid IFTA ina bhfaightear léargas taobh istigh de na geataí ar a raibh i gceist leis an gcéad fheachtas riamh ag foireann rugbaí Chonnacht sa chomórtas do Chorn Heineken.

Pictiúir ar fáil ag: https://client.inpho.ie/tg4withconnachtrugby290818

Breis Eolas:

Rónán Ó Coisdealbha, Eagraí Spóirt TG4 – sport@tg4.ie, 087 2472841

Cuir aithne orainn:

Cuir aithne orainn: