Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

‘Tá ról tábhachtach ag mná i mbainistíocht agus ar scáileán TG4 agus i gcomhpháirtíocht leis an stáisiún is i dtreise a bheidh sé sin ag dul sa bhliain atá romhainn’ a deir Ard-Stiúrthóir an stáisiúin, Alan Esslemont an tseachtain seo.

Na Mná Chun Cinn i bhFís TG4

08.03.18

‘Inniu ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, is mian liom go láidir go mbeadh muid go maith chun cinn i TG4 ó thaobh comhionannas inscne – ar aghaidh & ar chúl an cheamara. Tá sé fógartha an tseachtain seo againn, go gcaithfidh bean a bheith ar an bpríomhcharachtar sna scannáin ‘Cine4’ a bheidh á coimisiúnú againn agus gur mná a chaithfidh a bheith i mbun stiúradh an chéad bhabhta eile den tsraith sin. Tá muid ag cur lenár gcomhpháirtíocht le Peil na mBan arís i mbliana, rud atá ag cur spórt na mban i lár an aonaigh.

Tagann Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir Margaíochta & Forbartha TG4, leis an dearcadh seo. ‘Tá mná i mbun stiúir ag gach leibhéal d’obair na heagraíochta. Is bean atá ina Cathaoirleach ar an mBord Stiúrtha agus is mná leath de na comhaltaí boird. Is mná triúr as cúigear ag leibhéal na hardbhainistíochta agus as an seachtar atá i bhfeighil na rannóige coimisiúnaithe, is mná seisear díobh. Gan amhras, tá fir gníomhach i ngach réimse den stáisiún chomh maith ach tá dearcadh folláin, forásach ag TG4 ó thaobh chothrom na féinne de gach sórt agus is léiriú eile air sin ról na mban in obair an staisiúin.

Féachann thart ar 600,000 bean ar TG4 gach seachtain agus mar is gnáth, beidh mná lárnach i gcuid mhaith de scoth na gcláracha a bheidh á gcraoladh ar TG4 go luath. Is mná príomhláithreoirí na gcláracha nuachta agus ‘7 Lá’. Is í réalta chamógaíochta Chorcaí, Ashling Thompson, a bheidh faoi chaibidil ar chlár ‘Laochra Gael’ a chraolfar an 14 Márta ar TG4 agus beidh Mairéad Ní Mhaonaigh & Muireann Nic Amhlaoibh i dteannta Alison Krauss, Eddi Reader & Julie Fowlis ar ‘Transatlantic Sessions’.

‘I bhfianaise a bhfuiltear a rá faoi Chearta na mBan i dtionscal na scannánaíochta agus na n-ealaíon i láthair na huaire , tá muid bródúil i TG4 go bhfuil beart á dhéanamh de réir ár mbriathair’ a deir Alan Esslemont. Is féidir cur leis an gcothromaíocht i ngach eagraíocht agus bainfidh muide leas i gcónaí as ‘Súil Eile’ TG4 chun sin a dhéanamh.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: