Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Teistiméireacht eile do chaighdeán agus d’éagsúlacht TG4 cláir dá chuid a bheith théis gradaim IFTA a bheith bronnta ar a chuid tograí.

Dhá Gradam Buaite ag Tograí TG4 ag IFTA 2018

31.05.18

Bhí dhá n-ainmniúchán déag ag cláir agus pearsana de chuid TG4 ag na gradaim IFTA i mbliana.

Thug TG4XX Beo leis an duais sa gcatagóir Craoladh Beo. Ceolchoirm speisialta a craoladh beo ó láithreacha éagsúla ar fud na tíre le ceiliúradh a dhéanamh ar scór bliain de TG4. I measc na gceoltóirí bhí Liam Ó Maonlaí, Le Galaxie & Daithí, Banna Mháirtín O’Connor, Sharon Shannon, Duke Special & Ulaid, ProdiJIG, Muireann Nic Amhlaoibh & Aeons. Léiriú le Gifted Empire.

I rannóg Cláracha Gaeilge is é an sraithdhráma grinn Fir Bolg a bhuaigh. Sraith sé chlár ina bhfeictear go soiléir nach naoimh iad lucht an cheoil agus gur iomaí scéal ceilte a thagann chun solais nuair a thagann grúpa meánaosta le chéile tar éis blianta fada scartha. Anois agus iad ar shochraid a mbunaitheora, ritheann an smaoineamh le duine acu go bhfuil airgead le déanamh ach an grúpa a thabhairt le chéile arís agus ceolchoirm chlabhsúir a eagrú. Dea-smaoineamh, b’fhéidir, ach is gearr go bhfuil cúpla casadh sa scéal agus éileamh ar bhreis coirmeacha. Seán McGinley sa príomh pháirt agus leis tá Patrick Bergin, Don Wycherley, Aonghus McAnally, Peadar Cox, Paddy Courtney agus Stephen Rea. Léiriú le Dearg films.

Is é IFTA an duais-scéim aitheanta do thionscal na scannán agus na teilifíse in Éirinn. Painéal saineolaithe ón tionscal anseo agus thar sáile a roghnaíonn an saothar is fearr sna catagóirí éagsúla.

Thréaslaigh Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont, gcuid gradaim ar fad leis na buaiteoirí. Dúirt sé gur cruthúnas ar ardchaighdeán raon na gclár a bhíonn ag TG4 é an rogha seo. “Thuill TG4 duaiseanna ó IFTA gach bliain ó bunaíodh an scéim náisiúnta gradam seo,” a dúirt sé. “Táimid an bhródúil as an líon gradaim a fuaireamar arís i mbliana. Is mór an sásamh dúinn gurb iad ár gcomhghleacaithe gairmiúla i dtionscal na teilifíse agus na scannán a rinne an roghnú. Tá áthas orainn freisin go mbeidh TG4 ag craoladh na ngradaim ar an Satharn 2 Meitheamh ag 9.25pm,” a dúirt an tArdstiúrthóir.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: