Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá ríméad ar Pheil na mBan agus ar TG4, urraitheoirí an chraobhchomórtais, a fhógairt go gcraolfar clár speisialta Facebook ‘BEO ón gCairpéad Dearg’, ó Óstán an Citywest tráthnóna Dé Sathairn an 1 Nollaig.

Clár Facebook ‘Beo ón gCairpéad Dearg’ fógartha ag Peil na mBan agus TG4

27.11.18

Beidh an lucht féachana in ann teacht ar shraith agallamh eisiach le himreoirí & oifigigh roimh ócáid bhronnta Ghradaim Réaltaí Pheil na mBan 2018 TG4.

Déanfar an ócáid a shruthú beo ar leathanaigh Facebook Peil na mBan agus Spórt TG4 ó 6.30pm.

Is í Gráinne McElwain a chuirfidh ‘Beo ón gCairpéad Dearg’ i láthair óna gcuirfidh sí agallaimh ar chuid de shárimreoirí na tíre atá ainmnithe do Ghradaim Réaltaí Pheil na mBan TG4.

Le linn ‘Beo ón gCairpéad Dearg’ freisin a fhógrófar ‘Buaiteoir Chúl na Bliana’, arna roghnú ag an bpobal trí vóta a chaitheamh ar shuíomh idirlín TG4.  San iomaíocht don ghradam tá – Caitríona Cormican (Gaillimh), Niamh Hughes (Tír Eoghain), Áine O’Sullivan (Corcaigh), Nicole Owens (Baile Átha Cliath) agus Alice Kelly (Ros Comáin).

Fógrófar buaiteoirí Ghradaim Réaltaí Pheil na mBan TG4 amach san oíche mar aon le hImreoir na Bliana arna roghnú ag na hImreoirí féin i ngrád na sóisear, an grád idirmheánach agus i ngrád na sinsear.

Deir Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, go bhfuil an stáisiún iontach sásta a bheith ag tabhairt ardán d’ócáid bronnta na Réaltaí.

“Beidh an stíl ar an gcairpéad dearg san oíche Dé Sathairn inchurtha leis an stíl agus cumas iontach a chonacthas óna lúthchleasaithe iontacha seo ar pháirc na himeartha ar fud na tíre le linn na bliana” a dúirt sé. “Tugann Gradaim Réaltaí Pheil na mBan TG4  an t-aitheantas cuí do na gaiscí a rinneadh ag gach leibhéal”.

Deir Príomhfheidmeannach Pheil na mBan Helen O’Rourke: “Tá ríméad orainn bheith i gcomhpháirtíocht le TG4, urraitheoirí an chraobhchomórtais, chun léargas a thabhairt don phobal ar oíche na Réaltaí.”

“Aithnítear leis an ócáid seo scoth na tallainne idirchontae agus tugann an craoladh beo seo faobhar nua do na himeachtaí agus don cheiliúradh”.

Is féidir dul chuig leathanach Facebook Spórt TG4 anseo.

Agus is féidir dul chuig leathanach Peil na mBan ach cliceáil ar an nasc seo.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: