Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Is léir go bhfuil an-tóir arís i mbliana ag lucht féachana TG4 ar na Sraitheanna Peile agus Iomána Allianz agus breis is an tríú cuid den lucht féachana a bhíonn ar fáil ag féachaint orthu, ardú mór ar bhlianta roimhe sin.

Lucht féachana ollmhór ag na Sraitheanna Allianz ar TG4

26.04.18

Chuir TG4 clúdach cuimsitheach ar fáil de Shraitheanna Peile agus Iomána Allianz idir mí Eanáir agus mí Aibreáin agus thaispeáin an stáisiún ar a laghad trí chluiche iomlána gach Domhnach, nuair a bhí an aimsir in araíocht, chomh maith le buaicphointí.

Shroich clúdach an chainéil ar na comórtais 1.47m duine ar an iomlán, breis is an tríú cuid den daonra teilifíse a bhí ar fáil ag an am.

Tháinig Sraith Iomána Allianz 2018 chun críche nuair a thug na céilí comhraic Tiobraid Árann aghaidh ar Chill Chainnigh ar Pháirc Uí Nualláin i gcluiche ceannais Shraith 1. D’fhéach 207,500 duine ar an meán ar chluiche ceannais na bliana seo, is é sin sciar 25% de lucht féachana.  D’fhéach 426,000 duine ar chlúdach TG4 den chluiche.

Is deireadh seachtaine na Cásca a tháinig críoch leis an tSraith Peile Allianz nuair a himríodh an ceithre chluiche ceannais, ina measc an cluiche mór idir Áth Cliath agus Gaillimh ar Pháirc an Chrócaigh Domhnach Cásca. D’fhéach ar an meán suas le 278,600 duine ar an gcluiche, sin sciar 30.1% den líon daoine a bhí ag féachaint ar an teilifís ag an am sin. D’fhéach 549,000 duine ag pointe éigin ar an gcluiche.

Chuir TG4 clúdach eisiach ar líne ar fáil ar roinnt cluichí le linn shéasúr na Sraithe Allianz. Domhnach Cásca, craoladh beo ar chainéal YouTube TG4 cluiche leathcheannais Shraith 1 den tSraith Iomána nuair a thug Cill Chainnigh aghaidh ar Loch Garman agus mheall 77,000 amharc, an líon is mó ó thosaigh an cainéal ag taispeáint imeachtaí beo spóirt ar an ardán anuraidh.

Bhí trácht mór ar ardáin ar líne TG4 freisin de bharr na gcluichí.  Thapaigh breis is 195,000 lucht féachana na cluichí ar Facebook agus bhí breis is 1.5m imprisean i gceist trí Twitter, a léiríonn go bhfuil pátrún ídithe an lucht féachana ag athrú agus go bhfuil daoine ag idirghníomhú níos mó agus níos mó ar na meáin shóisialta chun teacht ar ábhar spóirt.

Foinsí sonraí: Nielsen/TAM Ireland. Lucht Féachana Daoine aonair 4+, Live & VOSDAL; YouTube, Facebook, Twitter

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: