Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Is cuma fliuch nó fuar an aimsir, tá gealas agus grian sa gcur i láthair ó chailíní nua aimsire TG4.

Láithreoirí Nua Aimsire ag TG4

28.08.18

D’fhógair TG4 painéal láithreoirí Aimsire níos luaithe an samhradh seo agus as na scórtha iarratas a seoladh chugainn ó cheann ceann na tíre, agus an flúirse tallann, roghnaíodh triúr láithreoirí nua.  Bhí siadsan i mbun traenála le TG4 i gcaitheamh an tsamhraidh agus iad le feiceáil i mbun na haimsire ar an gcainéal gach tráthnóna.

Is i nGaoth Dobhair a rugadh agus a tógadh Neasa Bheáid. Tá sí ag déanamh staidéar ar na hEolaíochtaí Sóisialta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh i láthair na huaire.  Bean mhór le damhsa is ea í agus is aoibhinn léi dul chuig ranganna ballet nuair a bhíonn an t-am aici.   Is breá léi Peil Ghaelach agus téann sí ag neart cluichí, ag tacú leis an bhfoireann is fearr (dár léi féin) – Dún na nGall.   Deir Neasa, “An rud is fearr faoin aimsir ná na séasúir. Tá áilleacht ar leith ag achan séasúr, go mór mhór an gheimhreadh.   Agus le haimsir na hÉireann, d’fhéadfá an 4 shéasúr a bheith agat in aon lá amháin!”.

An nath aimsire is ansa léi:  Tá sé ag doirteadh báistí!   https://clips.tg4.ie/g/v/oCXXihcib7Y

Is as Teach Mór Thoir in Indreabhán, Co. na Gaillimhe í Caitríona Ní Chualáin a bhain amach céim le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh sa bhliain 2014, agus Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas ina dhiaidh sin in Ollscoil Mhá Nuad.  Is múinteoir í i nGaelscoil Uí Fhiaich i Maigh Nuad ag múineadh rang na Naíonán Beag.   Dar le Caitríona, “Bhínn ag rá i gcónaí go mbeadh suim agam i bpost i mo chailín aimsire i TG4, agus bhí mé chomh sásta an deis a fháil tar éis an triail scáileáin a dhéanamh.  An rud is fearr liom faoin aimsir ná go mbíonn leithscéal agam gléasadh suas chuile lá a mbíonn mé ag obair agus go mbíonn a fhios agam cén sórt aimsire a bheidh againn beagáinín níos luaithe ná chuile dhuine eile!”

An nath aimsire is ansa léi:  Is iomaí rud a thugann an lá breá amach.  https://clips.tg4.ie/g/v/dSGkgDfyujq

Rugadh agus tógadh Orla Ní Fhinneadha ar an gCloich Mhóir i gConamara.  Múinteoir bunscoile i Scoil Éinne ar An Spidéal í Orla a bhain a céim san oideachas amach i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach agus máistreacht san Oideachas sa gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.   Amhránaí sean-nóis aitheanta í agus bhain sí amach an tríú háit i gCorn Uí Riada ag Oireachtas na Samhna 2017.  Bíonn Orla i mbun ranganna san amhránaíocht ar an sean-nós do ghasúir agus is breá léi a bheith ag plé leis an drámaíocht agus leis an ealaíon.  Bíonn sí gafa leis an aclaíocht chomh maith agus déanann an dá mhadra atá aici, Tigí agus Ispín, cinnte de nach bhfanann sí ina leadaí ar an gcathaoir ró-mhinic.

An nath aimsire is ansa léi:  Beidh sé ina bhrothall!  https://clips.tg4.ie/g/v/GKiaf5L9913

Craoltar Aimsir TG4 gach tráthnóna ag 6.55pm agus ag 9pm

Lean foireann na hAimsire ag @AimsirTG4

Breis eolais ar Aimsir TG4 le fáil ag:  www.TG4.ie/aimsir

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: