Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá ríméad ar TG4 agus ar an gComhairle Ealaíon a fhógairt go bhfuil Údarás Craolacháin na hÉireann tagtha i bpáirt leo ar an scéim faisnéise ealaíon, ilDÁNA 2018.

ilDÁNA 2018

04.05.18

Scéim í ilDÁNA a ceapadh chun cur le sceideal TG4 trí thacú le déanamh fadscannán uaillmhianach faisnéise Gaeilge ar na healaíona. Cuirfidh na páirtithe buiséad €120k ar fáil don scannán faisnéise suntasach seo a chaithfidh tréimhse sa phictiúrlann sula gcraolfar é i bpríomh-am sceidil TG4.

Ag seoladh an tionscnaimh dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) gur cuspóir straitéiseach ag an Údarás “Cur leis an méid ábhair Gaeilge ar ardchaighdeán atá á léiriú agus ar fáil. Teastaíonn comhpháirtíochtaí a bhunú chun sin a dhéanamh agus tá ríméad ar Údarás Craolacháin na hÉireann tacú le ilDÁNA atá dírithe ar nuálaíocht agus cruthaitheacht i léiriúchán clár”.

Chuir Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4, fáilte freisin roimh an bhforbairt “Is iomaí léiriúchán iontach, a bhain gradaim amach, a maoiníodh le scór bliain faoin scéim Splanc! Cuireann TG4 fáilte roimh an gcomhpháirtíocht seo leis an gComhairle Ealaíon agus Údarás Craolacháin na hÉireann a chinnteoidh go mbeidh cláir faisnéise ealaíon den chéad scoth fós de dhlúth agus d’inneach sceideal cláracha TG4.

Ag fáiltiú roimh an gcomhpháirtíocht nua dúirt Fionnuala Sweeney, Ceann na Scannán sa Chomhairle Ealaíon: “Táimid an-sásta go bhfuil an BAI tagtha i bpáirt linn ar an tionscnamh seo le TG4, tionscnamh a thugann an deis tabhairt faoi scannáin ‘ealaíne faoi ealaín’ do lucht féachana sna pictiúrlanna agus ar an teilifís”.

Ní mór iarratais a dhéanamh chuig Ionad Scannán na Gaillimhe tráth nach déanaí ná 17:00 Déardaoin an 21 Meitheamh 2018.

Treoirlínte ilDÁNA 2018

Déanfaidh scannáin arna gcoimisiúnú do ilDÁNA cur síos beacht cruthaitheach ar an ábhar ealaíon atá i gceist. Déanfar gach disciplín ealaíne a bhreithniú. Tabharfar tosaíocht d’ábhair chomhaimseartha ach d’fhéadfadh go mbreithneofaí freisin léiriú comhaimseartha ar shaothair/ábhair stairiúla. Cuirfear buiséad suas le €120,000 ar fáil d’aon scannán amháin. Seolfar é le taispeántas ar leith sa phictiúrlann agus beidh tréimhse sa phictiúrlann i gceist sula gcraolfar é le linn buaicam lucht féachana ar TG4 in 2019.

Ionad Scannán na Gaillimhe agus TG4 a dhéanfaidh riaradh ar phróiseas coimisiúnaithe scannáin ilDÁNA.  Eiseoidh TG4 conarthaí agus beidh feidhm le ‘Téarmaí Trádála’ TG4.

Ionadaithe ó TG4, ón gComhairle Ealaíon agus ó Údarás Craolacháin na hÉireann a dhéanfaidh an roghnú faoi scéim ilDÁNA.

Iarratais

Ní mór iarratais a dhéanamh chuig Ionad Scannán na Gaillimhe tráth nach déanaí ná 17:00 Déardaoin an 21 Meitheamh. Ní ghlacfar le hiarratais neamhiomlána ná déanacha.

Ba chóir aighneachtaí a sheoladh ar ríomhphost amháin chuig ildana@galwayfilmcentre.ie

  • Fad an scannáin: Scannán fada
  • Buiséad Léiriúcháin: Suas le €120,000 an scannán.
  • Formáid HD agus fotheidil Bhéarla air
  • Teanga: Gaeilge nó dátheangach

Ní mór na nithe seo a leanas a bheith san áireamh in iarratais ar ilDÁNA

  • Foirm choimisiúnaithe chomhlánaite ilDÁNA
  • Léiriú mionsonraithe ar an togra
  • Cur síos ar an gcur chuige cruthaitheach atá beartaithe
  • Straitéis lucht féachana ina n-aithnítear lucht féachana náisiúnta teilifíse an scannáin móide aon phlean a bheadh ann do thaispeántas amharclainne (féile scannán/pictiúrlann) más infheidhme
  • Buiséad léiriúcháin mionsonraithe agus achoimre buiséid

(cead ceoil agus ábhair, ábhar insoláthartha agus margaíochta san áireamh)

  • CVanna na foirne cruthaithí a bheidh páirteach sa togra.  An stiúrthóir, léiritheoir, scríbhneoir

Eagarthóir ina measc

  • Fianaise ar úinéireacht, cóipeanna de gach réamhchonradh agus comhaontú scríbhneoirí san áireamh maidir leis an scéal agus an script, más infheidhme.
  • Deimhniú i scríbhinn i bhfoirm imréitigh agus ceada, más infheidhme, go bhfuil an príomhphearsa is údar don scannán toilteanach a bheith páirteach
  • Trí shliocht/shampla d’obair an stiúrthóra (ní spól taispeána) chun bonn eolais a chur faoin togra
  • Aon ábhar tacaíochta ábhartha chun bonn eolais a chur faoi chur chuige cruthaitheach an togra

Is mian le TG4, An Chomhairle Ealaíon agus an BAI:

  • fostaíocht lucht déanta scannán a bhíonn ag obair trí Ghaeilge a spreagadh;
  • comhionannas inscne ó thaobh rannpháirtíochta agus an pearsanra léiriúcháin;
  • éilíonn coinníollacha agus luach saothair cóir d’ealaíontóirí a mbeidh baint acu le déanamh scannáin ilDÁNA.

Roghnú

Roghnófar scannáin ilDÁNA bunaithe ar:

  • fhís chruthaitheach an iarratasóra agus a chur chuige/a cur chuige cruthaitheach i leith an ábhair bheartaithe
  • indéantacht an togra i gcomhthéacs chuspóir ilDÁNA
  • a bhfuil déanta go dtí seo ag an iarratasóir
  • a mhéid a chuireann an togra comhionannas inscne chun cinn ó thaobh rannpháirtíochta agus an pearsanra léiriúcháin

D’fhéadfadh maoiniú breise (suas le €5K in aghaidh gach tionscadal a n-éireoidh leis) a bheith ar fáil chun tacú le taispeántas amharclannaíochta sa chás go moltar straitéis éifeachtach lucht féachana.

Tabharfar cuireadh d’iarratasóirí a bhainfidh an gearrliosta amach a dtogra a phlé an tseachtain dar tús an 9 Iúil. TG4 a dhéanfaidh an dámhachtain don tsraith agus beidh feidhm le gnáth-théarmaí coimisiúnaithe sa chomhaontú léiriúcháin. Táthar ag súil tionscadail a bheith tugtha chun críche agus ar fáil le craoladh ar TG4 in 2019.

Tuilleadh eolais

  • Ní mór d’iarratasóirí gach oibleagáid reachtúil iomchuí a chomhlíonadh.
  • Beidh gach conradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar fáil.
  • Ní mór d’iarratasóirí a thuiscint go bhféadfaí an fhaisnéis a chuirtear ar fáil a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
  • Ní ann do chomhaontú – ná d’aon chineál eile conartha – nó go mbeidh conradh foirmeálta scríofa ag TG4 nó thar a cheann.

Breis Eolas:

Trevor Ó Clochartaigh – 087 2476624, trevor.o.clochartaigh@tg4.ie

Cuir aithne orainn: