Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá an gradam is airde sa Cheol Traidisiúnta, Ceoltóir na Bliana, le bronnadh ar an bhfliúiteadóir Catherine McEvoy as Contae na Mí, ag Gradam Ceoil TG4 a bheidh ar siúl i mBéal Feirste i mí Feabhra seo chugainn.

Buaic-Ghradam Ceoil Thraidisiúnta le Bronnadh ar an bhFliúiteadóir Catherine McEvoy

07.11.18

Áireofar an sársheinnteoir fliúite ceolchoirme, de thraidisiún Shligigh-Ros Comáin, i measc mhóruaisle an cheoil thraidisiúnta – Matt Molloy, Liam O’Flynn, Máirtín O’Connor, Frankie Gavin agus Mairéad Ní Mhaonaigh agus eile – a bhfuil an mórghradam seo sa cheol traidisiúnta bronnta orthu le dhá bhliain is fiche anuas, ó bunaíodh an gradam.

Ceannródaí ceoil is ea Catherine McEvoy, a bhfuil seasamh faoi leith aici sa traidisiún.  Is léir sin óna saothar suntasach, idir thaifeadtaí ar CD agus ar raidió, míreanna teilifíse, blianta teagaisc agus taispeántais stáitse.

Is ar an mboscadóir Conor Connolly as deisceart na Gaillimhe a bhronnfar gradam Ceoltóir Óg na Bliana. Boscadóir agus amhránaí é Conor a bhfuil a chuid ceoil agus amhrán fréamhaithe ina chontae dúchais – agus leithéid Joe Cooley, Charlie Harris agus P.J. Conlon, chomh maith le Tony Mac Mahon ina eiseamláirí aige.

Fógraíodh buaiteoirí uile ghradaim na bliana seo beo ar Nuacht TG4 tráthnóna inniu, ag ócáid in Ionad Ealaíon Duncairn, i mBéal Feirste.

Seo a leanas liosta iomlán d’fhaighteoirí Gradam Ceoil TG4 2019:

  • Ceoltóir na Bliana: Catherine McEvoy
  • Ceoltóir Óg na Bliana: Conor Connolly
  • Gradam Saoil: Nicky & Anne McAuliffe
  • Amhránaí na Bliana: Thomas McCarthy
  • Gradam Comaoine: Brendan Mulkere
  • Gradam Comharcheoil: Tríona Ní Dhomhnaill

Is é Gradam Ceoil TG4  an gradam ceoil thraidisiúnta is tábhachtaí ann, gradam a bhronntar uair gach bliain. Painéal moltóirí neamhspleácha a roghnaíonn na faighteoirí gach bliain. Ní comórtas é. Bronntar píosa speisialta dealbhóireachta ón dealbhóir clúiteach, John Coll, mar aon le síntiús beag, ar na faighteoirí.

Bronnfar Gradam Ceoil TG4 2019 ag mórcheolchoirm i Halla an Waterfront, Béal Feirste, an Domhnach an 17 Feabhra. Is iad Doireann Glackin agus Dónal O’Connor a chuirfidh an coirm cheoil, a chraolfar beo i láthair, áit a mbeidh cairde agus aíonna speisialta eile ceoil ar stáitse in éineacht le lucht na ngradam agus plúr na n-oirfideach agus réaltaí móra eile ann leo, leis an ócáid a chomóradh agus na gradaim á mbronnadh.

Deir Ard Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont:

“Is cinnte gurb é Gradam Ceoil ceann de na beartais is tábhachtaí ar thug TG4 faoi ó bunaíodh an stáisiún i 1996. Ba mhaith liom tréaslú le buaiteoirí ar fad na ngradam. Is iad cuisle ár n-oidhreacht cheoil iad agus tá muid thar a bheith bródúil as a gcuid éachtaí iontacha. Tá ríméad orainn chomh maith a bheith ag tógáil ar an gcomhpháirtíocht iontach rathúil leis an gCiste Craoltóireachta Gaeilge agus le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, atá ag dul ó neart go neart gach bliain”.

Deir Áine Walsh, ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ag Northern Ireland Screen:

“Tá muid iontach sásta go bhfuil Gradam Ceoil á chraoladh arís beo ó Bhéal Feirste in 2019.  Chomh maith le haitheantas a thabhairt do bhuaiteoirí an Ghradaim, is ceiliúradh iontach é ar oidhreacht leathan cheoil agus ar thallann an Tuaiscirt, ceiliúradh a bheidh le feiceáil ag lucht féachana ar fud an domhain”.

Dúirt Leas-Ard-Mhéara Bhéal Feirste, an Comhairleoir Emmet McDonough-Brown a bhí ag ócáid na hoíche anocht:

“Is mór an onóir don Waterfront i mBéal Feirste gur ann a bheidh Gradam Ceoil TG4 arís i mbliana, an dara bliain as a chéile. Táim cinnte gur eiseamláir a bheidh san oíche agus go mbeidh sí ar cheann d’ócáidí móra na cathrach agus go dtabharfar ardán don tallann iontach atá ag teacht aníos anseo ar leac an dorais againn. Comhghairdeas ó chroí le lucht faighte na ngradam ar fad agus táim ag súil le hoíche den chéad scoth i mí Feabhra seo chugainn”.

Tá ticéid ar fáil le ceannach do bhronnadh Ghradam Ceoil TG4 2019 ar chostas £22.50 agus níos airde ag www.waterfront.co.uk  nó +44(0)2890 334455.

Tá eolas breise le fáil ag www.gradam.ie, nó ar Facebook agus Twitter @GradamCeoil  #GCTG4

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: