Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Is ag áit dhúchais Seamus Heaney i Baile Eachaidh a bhí taispeántas den clár faisnéise Hammond: Duais an Dorais tráthnóna.

Hammond: Duais an Dorais

21.08.18

‘Nuair a luaitear a ainm, bíonn miongháire ar gach béal’.  Na focail seo ón fhile, Michael Longley, cuireann siad i bhfriotal an dea-mhéin agus an cion a bhí ag lucht na n-ealaíon in Éirinn ar David Hammond (1928 – 2008), stiúrthóir scannán, amhránaí, múinteoir agus údar.

Rinne BBC Gaeilge Hammond: Duais an Dorais le cothrom 10 mbliana  ó bhás Hammond a chinneadh. Craolfar an clár Dé Céadaoin, 29 Lúnasa ar TG4 ag 9.30i.n. Le hagallaimh le cairde, lena theaghlach, le hiar-chomhghleacaithe, agus le scannáin ón chartlann, idir scannáin a rinne sé féin agus scannáin a rinneadh de, fiosróidh an clár seo tallann cruthaitheach agus tionchar leanúnach David Hammond.

Is é a dhlúthchara Neil Martin, cumadóir ceoil agus ceoltóir, a chuirfidh an clár i láthair. Rianóidh sé saol gairmiúil Davey óna chúlra san oideachas, tríd an obair a rinne sé le BBC Northern Ireland (mar ar éirigh leis craoltóir den scoth a dhéanamh dá chara cotúil Seamus Heaney), an dóigh ar mhúnlaigh agus ar chothaigh sé tallann úr, agus ar ndóigh, a chumas ceoil.

Tá scéalta ann a chuireann cumha orainn, scéalta a thógann ár gcroí, agus gearrthóga as a shaothair don teilifís, lena n-áirítear The Magic Fiddle, Dusty Bluebells (clár a bhain duaiseanna) agus Sarah Makem.

Ar na daoine eile a labhraíonn ar an chlár, tá na scríbhneoirí Glenn Patterson agus Brian Keenan, an t-ealaíontóir Neil Shawcross, na craoltóirí John Kelly ó RTÉ agus Marie-Louise Muir ó BBC NI agus an ceoltóir Dónal Lunny (a insíonn scéal faoi chuairt challánach ar an otharlann a raibh baint ag uisce beatha agus todóga leis), agus cuirtear na scéalta seo uilig le chéile le blas a thabhairt don lucht féachana de phearsantacht láchdeisbhéalach Hammond.

Beidh Stephanie Makem, arbh í Sarah Makem a sin-seanmháthair, agus mac Seamus Heaney, Mick, ag insint dúinn faoin chomhbhá iontach a bhí ag Davey le daoine, agus an cumas iontach a bhí aige caidreamh a bhunú leo. Agus beidh teaghlach Davey ag labhairt fosta, maraon le scannáin ó na cartlanna, grianghraif agus cuimhní cinn ar an teach saoire a bhí acu i dTír Chonaill (a mbíodh muintir Heaney, cuairteoirí rialta ann go minic), agus léiríonn siad gur ionad grinn, ceoil agus tearmainn a bhí ann do dhuine ar bith a thagadh an bealach le cnagadh ar an doras.

Chomh maith leis an bhailiúchán saothar a rinne sé, ar foinse mhór inspioráide é, agus na cuimhní iontacha a d’fhág sé ina dhiaidh, insíonn Neil Martin faoin chuairt deiridh a thug sé ar a chara, nuair a bhronn Davey ceithre leabhar speisialta air ina raibh na céadta amhrán traidisiúnta a bhailigh Sam Henry go luath sa 20ú haois i gCúige Uladh.

“Is cartlann shárluachmhar í d’amhráin áitiúla a bhí coinnithe ag Davey agus é cinnte go gcaomhnófaí iad sna glúnta amach anseo,” arsa Neil.

“Bhronn Davey a lán rudaí ar a lán daoine lena bheo, ach ba é seo duais an dorais a bhronn sé ormsa.”

Is athbhreithniú tráthúil é Hammond: Duais an Dorais ar na cláir a rinne David Hammond don teilifís agus don raidió agus míníonn sé an fáth a bhfuil siad go fóill ábhartha do ghlúin úr de cheoltóirí, de chraoltóirí agus den lucht féachana.

Mar a dúirt Seamus Heaney: “Ultach mór agus Éireannach mór a bhí ann, fear a raibh fuinneamh neamhchoitianta aige, duine de na daoine a d’athraigh rudaí i saol na hÉireann. Rómánsaí misniúil, daonlathaí laochta, a bhí saor ón tseicteachas agus saor ón idé-eolaíocht.”

Léiríodh Hammond: Duais an Dorais mar chuid de thionscadal tionscnaimh scannán faisnéise AMHARC. DoubleBand Films a léirigh é do TG4 agus BBC Northern Ireland le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann. Tá an chuid is mó den chlár i nGaeilge le fotheidil i mBéarla.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: